Conas ar éirigh leis na hÉireannaigh i bPríomhroinn Shasana?

Conarthaí móra agus cosa briste – caitheann Tuairisc.ie súil siar ar scéal na nÉireannach a bhí ar fhoirne na Príomhroinne i Sasana

Conas ar éirigh leis na hÉireannaigh i bPríomhroinn Shasana?

Shay Given (Stoke) ⬇️

Thosaigh Given amach mar phríomhrogha Stoke ach ghéill sé 14 cúl sna cúig chluiche  Príomhroinne a d’imir sé agus ní fhacthas é ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Agus Jack Butland ag filleadh ó ghortú faoi láthair, seans go bhfuil laethanta Given sa Phríomhroinn thart.

Rene Gilmartin (Watford) ⬇️

Níor imir an cúl báire cluiche ar bith do Watford an séasúr seo. B’amhlaidh dó an séasúr seo caite agus an ceann roimhe sin chomh maith.

Darren Randolph (West Ham) ↔️

Idir mhaith agus olc a bhí ag fear Bhré i mbliana. Tugadh isteach Randolph ar fhoireann West Ham don tsraith mí na Samhna seo caite ach, i ndiaidh cúpla lagthaispeántas i mbliana, tháinig Adrián isteach ina áit.

Marc Wilson. INPHO/Ryan Byrne

Marc Wilson (Bournemouth/West Brom) ⬇️

Shínigh Wilson le Bournemouth an samhradh seo caite ach níor imir sé oireadh is cluiche sraithe amháin dóibh. Chuaigh sé ar iasacht chuig West Brom, ach níor fheabhsaigh rudaí mórán. Cé gur imir sé na ceithre chluiche dheireanacha sa tsraith dóibh, níor bhuaigh a fhoireann ceann ar bith acu.

Kevin Long (Burnley) ⬆️

Tá gortuithe ag cur isteach go mór ar Long le linn na seacht mbliana atá caite aige le Burnley, agus trí seachtaine ó shin a thosaigh sé a chéad chluiche dóibh sa Phríomhroinn. Beidh an cosantóir ag súil le dul chun cinn a dhéanamh anois lena chlub agus le hÉirinn.

Stephen Ward (Burnley) ⬆️

Bhí Ward ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ag Burnley i mbliana. D’imir sé dóibh i ngach cluiche sraithe seachas ceann amháin.

Damien Delaney. INPHO/Donall Farmer

Damien Delaney (Crystal Palace) ⬆️

D’ainneoin é a bheith 35 anois, d’imir fear Chorcaí 30 cluiche sa tsraith do Crystal Palace i mbliana ach ní fheicfidh muid é i ngeansaí na hÉireann toisc go bhfuil easaontas idir é féin agus Martin O’Neill.

Seamus Coleman (Everton) ↔️

Go dtí gur briseadh a chos in aghaidh na Breataine Bige, bhí ag éirí go geal le Coleman. Bhí ceithre chúl aimsithe aige agus trí cinn eile cruthaithe aige, ach bhain an drochghortú sin an mhaith as an séasúr.

Brian Lenihan (Hull) ↔️

Rinne gortuithe scrios ar shéasúr Lenihan agus níor imir sé ar chor ar bith do Hull i mbliana. Is léir go bhfuil meas ag an gclub ar an gcosantóir óg áfach mar go bhfuil conradh nua sínithe aige.

John O’Shea. INPHO/Morgan Treacy

John O’Shea (Sunderland) ⬇️

Drochbhliain amach agus amach a bhí inti don Déiseach. Cé gur imir sé an chuid is mó de chluichí Sunderland i mbliana, ní raibh Sunderland in ann an t-ísliú céime a sheachaint agus léirigh cuid de na botúin a rinne sé a aois.

Harry Arter (Bournemouth) ⬆️

Bhí bliain mhaith ag Arter le Bournemouth. Thaispeáin sé arís gur imreoir tábhachtach é ar fhoireann Eddie Howe agus chruthaigh sé ceithre chúl dá chuid comhghleacaithe, níos mó ná Jack Wilshere, a raibh an-chlú air nuair a tháinig sé go dtí an club.

Jeff Hendrick (Burnley) ⬆️

Caitheadh airgead mór ar Hendrick an samhradh seo caite agus léirigh sé go bhfuil an mianach ann imirt ag an leibhéal is airde. Beidh lucht tacaíochta Burnley ag súil go mbeidh sé in ann tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.

Robbie Brady. INPHO/Ryan Byrne

Robbie Brady (Burnley) ↔️

Éireannach eile ar chaith Burnley airgead mór air. Chuir sé tús maith lena sheal leis an gclub ach bhí sé ar an mbinse do go leor cluichí. Níor mhaith leis ná Martin O’Neill go mbeadh an scéal amhlaidh an séasúr seo chugainn.

Darron Gibson (Everton/Sunderland) ⬇️

D’fhág Gibson Everton i mí Eanáir agus fonn air tuilleadh cluichí a imirt. Cé gur tharla sin le Sunderland, níor thuill sé mórán aitheantais agus beidh Gibson sa dara roinn an chéad séasúr eile.

James McCarthy (Everton) ⬇️

Níor imir McCarthy ach 12 cluiche sa tsraith do Everton an séasúr seo agus is léir go bhfuil a bhainisteoir, Ronald Koeman, ag éirí mífhoighneach. Beidh an samhradh seo cinniúnach dó.

David Meyler. INPHO/Morgan Treacy

David Meyler (Hull) ⬇️

D’imir Meyler 20 cluiche sa tsraith do Hull ach mar ionadaí a bhí sé ina dtromlach sin. Gortaíodh é ag deireadh an fheachtais agus seans maith gur ag imirt sa dara roinn a bheidh sé ag tús an tséasúir seo chugainn.

Stephen Ireland (Stoke) ↔️

Níor imir Ireland ar chor ar bith an séasúr seo tar éis dó a chos a bhriseadh bliain ó shin, ach, cé go bhfuil deireadh ag teacht lena chonradh le Stoke i mbliana, deirtear go bhfuil siad chun ceann gearrthéarmach a thairiscint dó.

Glenn Whelan (Stoke) ⬆️

Fós ag treabhadh leis ar bheagán aitheantais le Stoke. D’imir sé 30 cluiche dóibh sa tsraith i mbliana agus is mó an meas atá air ná mar atá ar Gianelli Imbula, ar chaith an club os cionn €20m air anuraidh.

James McClean. INPHO/Tommy Dickson

James McClean (West Brom) ⬇️

Cé go raibh bliain iontach ag McClean i ngeansaí na hÉireann, ní hamhlaidh an scéal lena chlub. Níor imir sé 90 nóiméad ach ceithre huaire do West Brom sa Phríomhroinn. Níor scóráil sé ach cúl amháin dóibh sa tsraith. Feabhas ag teastáil.

Shane Long (Southampton) ⬇️

Cé gur imir fear Thiobraid Árann os cionn 30 cluiche sa Phríomhroinn do Southampton, níor thosaigh sé ach deich gcinn acu sin agus níor scóráil sé ach trí chúl. Ná déan aon iontas de má bhíonn club nua á lorg aige i rith an tsamhraidh.

Jon Walters (Stoke) ↔️

Agus an méid is lú cluichí imeartha aige do Stoke sa tsraith ó thosaigh sé amach leo seacht mbliana ó shin, ní hé Walters an chéad rogha i measc na dtosaithe níos mó ach, fós féin, aithnítear go ról tábhachtach aige. Ceithre chúl a d’aimsigh sé i 23 cluiche agus ba cheart go mbeadh bliain nó dhó eile sa Phríomhroinn aige.

Fág freagra ar 'Conas ar éirigh leis na hÉireannaigh i bPríomhroinn Shasana?'