Conamara, Ceanada agus Taiwan fite fuaite i gconspóid ghnó

D’fhéadfadh go mbeadh lorg ag fiosrú airgeadais atá ar siúl i gCeanada ar obair mhianadóireachta a bhí ar siúl i gConamara le roinnt blianta

Conamara, Ceanada agus Taiwan fite fuaite i gconspóid ghnó

Tá comhlacht agus beirt fheidhmeannach dá chuid a bhí bainteach le hobair mhianadóireachta i gConamara ciontaithe as gníomhaíocht mhídhlisteanach trádála i gCeanada.

Tá na milliúin dollar i gceist sna heachtraí seo agus bailíodh an infheistíocht fad a bhí cosc ar an gcomhlacht MOAG in Toronto aon trádáil dá shórt a dhéanamh. Ó infheisteoirí as an Téaváin san Áise a fuarthas go leor den airgead.

Bhí an bheirt fheidhmeannach, Bradley Jones agus Gary Brown, ina n-iarPhríomh-fheidhmeannaigh ar MOAG. Beidh an tÚdarás atá i gceannas ar rialacha gnó agus tráchtála i Stát Ontario — an Ontario Securities Commission – ag déanamh a gcuid socruithe go luath faoin bpionós a bheidh le gearradh ar an mbeirt seo agus ar an gcomhlacht. D’fhéadfadh an cás uilig cur as go mór d’obair agus d’acmhainní an chomhlachta, MOAG.

D’fhéadfadh airgead a d’infheistigh os cionn cheithre scór infheisteoir as an Téaváin a bheith idir dhá cheann na meá de bharr a bhfuil ar bun agus d’fhéadfadh sé go mbeadh lorg an cháis ar an obair a bhí ar bun ag MOAG i gConamara le roinnt blianta.

Sé bliana ó shin a tháinig an comhlacht MOAG go Gaeltacht Chonamara i dtosach agus iad sa tóir ar an mianra molybdenum i gceantar an Mhása i gCarna agus i mbaile fearainn an Mhuirbhigh i gCloch na Rón. Ar an Más ba mhó a leagadar béim agus de réir na tuarascála eolaíochta is deireanaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh bunús tionscal mianadóireachta sa gceantar sin.

Ach dúradh freisin go dteastódh tolladh go leor eile, chomh maith le taighde agus fiosrúcháin sula bhféadfaí a bheith cinnte gurbh fhiú a dhul ina cion.

Dúirt Príomhfheidhmeannach MOAG, Peter Cooper, anuraidh go dteastódh na milliúin eile le tionscnamh an Mhása a chur ar aghaidh.

Dúirt sé go mbeifí sa tóir ar infheisteoirí le súil agus go bhféadfaí iarraidh eile a thabhairt faoin obair.

Chuir MOAG iarratas faoi bhráid na rannóige mianadóireachta sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide agus Comhshaoil anuraidh agus iad sa tóir ar shíneadh ar an gceadúnas a bhí acu i gCarna agus i gCloch na Rón.

Eagraíodh feachtas ina aghaidh sin i gConamara agus cuireadh cuimse agóidí chuig an Roinn i mBaile Átha Cliath. Dúirt urlabhraí ón Roinn inné nach bhfuil aon chinneadh déanta fós faoin iarratas sin.

Má shocraíonn an tAire go bhfuil fonn air an síneadh ar an gceadúnas a chur ar fáil, fógrófar é sin sna meáin chumarsáide, agus beidh deis ag daoine aighneachtaí a chur isteach chuige, a deir urlabhraí na Roinne.

Tar éis dóibh an t-iarratas a chur isteach, dúirt Príomhfheidhmeannach MOAG, Peter Cooper, go raibh rún acusan an t-eolas a bhí bailithe acu de bharr a gcuid oibre sa Más a dhíol ach go dteastódh an athnuachan ar an gceadúnas tóraíochta mianraí sa gcás sin. Níor luadh an praghas a chuirfí ar an eolas sin.

Ceaptar gur chaith MOAG idir €1 milliún agus €2 mhilliún agus iad sa tóir ar molybdenum i gceantar an Mhása. Chuideodh poiblíocht mar sin le hinfheisteoirí a thabhairt isteach sa ngnó.

Baintear úsáid as molybdenum i gcineálacha éagsúla tionscail. Úsáidtear é le cruach a dhéanamh níos solúbtha.

Rinne an comhlacht SLR Consultants, a bhfuil ionaid acu in Éirinn agus in Albain, go leor den taighde. Bhí oifig acusan ar cíos i gceann de mhonarchana Údarás na Gaeltachta i gCarna.

Leag MOAG go leor béime ina gcuid ábhar poiblíochta ar an obair sa Más go háirithe, agus i gCloch na Rón.

Ach, idir an dá linn, thángthas ar mhírialtacht in obair na beirte atá ciontaithe anois agus iad ag gníomhú ar mhaithe le MOAG. Cuireadh tuairisc chuig an Ontario Security Commission in 2015 nach raibh cuntais an chomhlachta ag teacht leis na rúibricí.

Bhí $432,000 (airgead Cheanada) tugtha ag an gcomhlacht do Gary Brown – an Príomhfheidhmeannach san am – agus $434,000 (airgead Cheanada) tugtha do Bradley Jones, an ceannasaí airgeadais san am sin.

D’éirigh idir Brown agus Jones. Chuir Brown i leith Joes go raibh mí-úsáid bainte as an airgead a bhí tugtha dósan.

Níos deireanaí, thug Jones cruinniú de na stiúrthóirí le chéile. Cuireadh Brown amach as post an Phríomhfheidhmeannaigh agus cuireadh Jones ina áit agus cúram riaracháin airgid ar chomh maith. Sa tréimhse sin freisin, rinne an Ontario Securities Commission ordú nach ndéanfadh MOAG aon trádáil gnó ar feadh tamaill.

Ní raibh an Coimisiún sásta go raibh MOAG ag teacht slán ón mairg a bhí orthu agus níor cuireadh an tOrdú ar leataobh riamh ó shin.

Fiú agus go raibh an tOrdú i bhfeidhm, lean Gary Brown agus Bradley Jones ar aghaidh ag tabhairt infheisteoirí isteach sa gcomhlacht agus fios acu go raibh cosc orthu sin a dhéanamh

Ag éisteacht de chuid an Ontario Security Commission le deireanas tugadh le fios gur chuir 82 duine as Tan Téaváin – áit a raibh áisíneacht ag

gníomhú do MOAG – airgead isteach i MOAG.

Shocraigh an painéal a bhí i mbun na hÉisteachta in Ontario an lá cheana go raibh an comhlacht agus na feidhmeannaigh – bhíodar beirt ina bPríomhfheidhmeannaigh ag tráthanna éagsúla ar MOAG – ciontach as sárú dlíthe gnó an Stáit agus as bearta a dhéanfadh aimhleas an phobail.

Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Brown agus Jones go gairid cén pionós atá le cur orthu agus cé na costais a bhain leis an bhfiosrúchán agus na héisteachtaí. An 15 Iúil atá socruithe le clabhsúr a chur ar an gcás.

Níos gaire do bhaile, níl a fhios cén deireadh a bheidh ar obair an Mhása agus Chloch na Rón.

Fág freagra ar 'Conamara, Ceanada agus Taiwan fite fuaite i gconspóid ghnó'