Conamara á chur ar an mapa ag sliocht na n-imirceoirí i ndiaidh an toghcháin

Tá post an Ambasadóra go hÉirinn á thuar do ‘Sheanadóir Inis Ní’, Christopher Dodd ach ní hé an t-aon duine atá i mbéal an phobail i SAM faoi láthair a bhfuil mianach Chonamara ann

Conamara á chur ar an mapa ag sliocht na n-imirceoirí i ndiaidh an toghcháin

Idir dhraíodóir na mapaí ar CNN, Seanadóir Inis Ní agus bainisteoir fheachtas Joe Biden, tá sliocht na n-imirceoirí as Conamara go mór i mbéal an phobail ar an dá thaobh den Atlantach faoi láthair.

I bhfad siar sna 1990idí chas an Seanadóir Christopher Dodd a charr isteach i dtreo Inis Ní, isteach thar an droichead agus siar go Ceann Ramhar.  Bhí sé i gCloch na Rón ar a chamchuairt i gConamara agus bhuail fiosracht éigean é faoin bpíosa talún sléibhtiúil a bhí taobh istigh den chuan.

Níor thuig sé an uair sin go mba oileán a bhí in Inis Ní sna blianta i bhfad siar. Ní raibh a fhios aige gur oileán – tá droichead anois ag dul isteach ann – a bhí ann a d’fhanfadh ina chroí, oileán a tharraingeofaí anuas sa Seanad in Washington (ar bhealaí nár fheil dó) agus oileán ina leagfaí an bhunchloch a d’fhéadfadh é a thabhairt go hÉirinn anois mar Ambasadóir ag Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Cheannaigh an Seanadóir Dodd teach in Inis Ní agus is iomaí sin cuairt atá tugtha anall aige féin agus a theaghlach sna blianta ó shin.

Tá beirt chlann iníon aige féin agus a bhean Jacky.  Duine de mhuintir na háite é nuair a thagann sé thart.  Tá bealach suáilceach agus réchúiseach leis.  Is furasta a ligean i ndearmad go raibh sé ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó le rá i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Idir a bheith ina Fheisire Comhdhála agus ina Sheanadóir do Stát Connecticut, chaith Christopher Dodd 35 bliain ar Capitol Hill, lárionad Rialtas Mheiriceá.  Thug sé iarraidh faoi ainmniúchán na nDaonlathach do phost an Uachtaráin ach níor fhan sé i bhfad sa rás.

Os cionn leathscór blianta ó shin a tháinig ceist an tí atá aige in Inis Ní – ceantar Gaeltachta – sa mullach ar an Seanadóir Dodd i bhfad ó bhaile i Meiriceá.  Thosaigh conspóid faoi chúrsaí airgid an tSeanadóra Dodd agus dúradh go raibh an luacháil ar theach Inis Ní ró-íseal; €180,000 a bhí tugtha síos dó.

Bhí líomhaintí in Washington gur cheart go mbeadh a dhá oiread tugtha síos aige do lucht na cánach sna Stáit Aontaithe mar luacháil ar an teach in Inis Ní.  Tarraingíodh an chonspóid anuas ar urlár na parlaiminte ar Chapitol Hill.

Brendan Boyle

Ach, d’imigh an scéal de chlár na nuachta mar a imíonn an ceo de na Beanna Beola – scaití –  le héirí na gréine.  Laethanta maithe den chuid is mó atá feicthe ag Christopher Dodd in Inis Ní.   

Go deimhin, ní teach saoire a bhí ann ar uairibh.  Tá a fhios gur tháinig

polaiteoirí as an Tuaisceart ann amanta le haghaidh comhráite ar an gcúlsráid.  Go ciúin agus go neamhoifigiúil, bhí Dodd i measc na bpolaiteoirí Gael-Mheiriceánacha a bhí ag iarraidh síochána ó thuaidh den teorainn.

Thug an teach in Inis Ní agus a chuairteanna rialta go Conamara tuiscint agus eolas do Christopher Dodd ar an tír seo.  Tharlaíodh sé freisin go gcasadh sé le cuid de pholaiteoirí Phoblacht na hÉireann a bhíodh ag triall ar thithe saoire sa gceantar agus thugadh sé séirsí go dtí an cúrsa gailf i mBaile Conaola.   Bhí an ‘t-oideachas’ polaitiúil sin ar cheann de na bealaí a bhfuair Christopher Dodd a chuid eolais ar an gcaoi a dtéann an saol thart i dtír dhúchais a shinsear.

Fear cumasach é Christopher Dodd atá anois leath bealaigh amach sna seachtóidí.  Rugadh é i 1944. Tá cúlra dlí aige.  Thiocfadh sé i gcomharbacht ar Ed Crawford, fear gnó a bhfuil cúlra Éireannach aige freisin agus a ceapadh le linn réimeas Donald Trump.  Ach an oiread le bua Joe Biden i dtoghchán na hUachtaránachta buntáiste a bheadh ann don tír seo dá dtiocfadh Christopher Dodd mar Ambasadóir.  Ní bheadh tada ag dul amú air, rud a bheadh an-tábhachtach in aimsir na n-athruithe móra a thiocfaidh théis don Bhreatain scaradh ón Aontas Eorpach.  Tuigeann sé cúrsaí an Tuaiscirt go maith freisin.

Níl cur síos ná inseacht scéil ar na ceangail atá ag toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe leis an tír seo.  Bhí scéal ar Tuairisc.ie faoi Jen O’Malley Dillon, an bainisteoir a bhí ar fheachtas Joe Biden atá á lua le post mór sa Teach Bán.  Tá O’Malley Dillon ar an gcéad bhean a rinne bainistiú ar fheachtas uachtaránachta de chuid na nDaonlathach a raibh rath air.

As Ceantar na nOileán a d’fhág bunadh Jen O’Malley Dillon. Ar ndóigh, tá ceangal an-láidir ag Méara Boston, Marty Walsh, le Gaeltacht Chonamara. Tá an méara á lua go láidir ar dhuine de na daoine a bhféadfadh Joe Biden post mór in Washington a thabhairt dó, cé go ndeir Marty Walsh féin le Tuairisc.ie go bhfuil a “intinn dírithe uilig  go léir ar Bhoston”.

Tá fear eile de bhunadh na Gaillimhe ar an mapa anois chomh maith de bharr an toghcháin seo.

Bhain John King, príomh-chomhfhreagraí náisiúnta CNN, cáil amach sa tír seo le linn an toghcháin mar gheall ar a ábaltacht i mbun na mapaí a thaispeáin treo na vótaí agus an toghcháin ar ‘bhalla draíochta’ an stáisiúin teilifíse.   Tharraing a chuid craoltóireachta cáil air le linn an chomhairimh mhóir, agus ní hé chéad uair é.  Tarlaíonn sé go mba as iarthar Chonamara a sheanmhuintir, Christopher King as Dún Locháin i mBaile Conaola agus Brigid Seoighe as an gCaiseal. As Dorchester in Boston, áit a raibh na sluaite Éireannach ina gcónaí tamall den saol agus a bhfuil riar acu ann fós.  Mar a tharlaíonn sé, ní hiontas ar bith é gur as Baile Conaola a shinsir.  Má tá dhá shloinne a thugann leide duit i gConamara gur de bhunadh Bhaile Conaola duine éigin – sin iad muintir Mhic an Ríogh agus muintir Chonaola.  Ar ndóigh, tá fíorchuimse de shloinne na Seoigeach siar Conamara agus amach ó thuaidh.  Garmhac leis na treibheanna sin é John King atá ar dhuine de na craoltóirí is aitheanta i Meiriceá de bharr a chuid oibre ar CNN.

Tá Conamara dá chur ar an mapa ag sliocht na n-imirceoirí.

Idir an dá linn, tá ceangal le Gaeltacht Dhún na nGall ag Brendan Boyle, Daonlathach eile atá á lua le post mór i réimeas Joe Biden. Ba as Gleann Cholm Cille d’athair Boyle, a bhuaigh suíochán arís i gComhdháil na Stát Aontaithe, agus is col ceathrar é le Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael.

Bean de bhunadh Ghaeltacht Chonamara atá i gceannas ar fheachtas toghchánaíochta Joe Biden

Fág freagra ar 'Conamara á chur ar an mapa ag sliocht na n-imirceoirí i ndiaidh an toghcháin'