Chonaic mé an Comhairleoir áitiúil den chéad uair le fada, thíos ag an ionad snámha. B’fhada liom go gcuirfinn ceist air faoin taispeántas nua tithíochta a bhí feicthe agam ach ‘ná labhair liom faoi thithíocht – briseann sé mo chroí!’, a spréach sé.
Tar éis freastal ar ‘Housing Unlocked’ i gColáiste na Tríonóide a bhí mé agus chuaigh na seastáin agus na léaráidí i bhfeidhm go mór orm.
‘Céard faoin tithíocht mhodúlach? Céard faoi athbheochan na mbailte tuaithe, na tithe nua sna cúlsráideanna?’ Bhí mise lán le tuairimíocht agus le freagraí (cheap mé) ar an bhfadhb ach ní raibh seisean sásta le haon cheann acu.
Bhí sé ar fad feicthe aige cheana, dúirt sé agus ní raibh aon mhaith ann.
Séard atá sa taispeántas ná ocht gcinn d’iarrachtaí a rinne ailtirí Éireannacha le fadhb na tithíochta agus dul i léig na mbailte a leigheas. Is gearrliosta iad siúd as an líon ailtirí agus comhlachtaí ailtireachta a chuir isteach ar an gcomórtas a bhí urraithe ag an Áisíneacht Tithíochta agus Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann.
B’iomaí bealach a bhí acu le tithíocht a chur ar fáil sa chathair, sna bruachbhailte, sna bailte tuaithe agus gan aon cheann de na smaointe sin ag brath ar ‘eastát tithíochta’ nó ‘bloc árasán’ ar an seandéanamh.
Cé agaibh a smaoineodh ar áiteanna cónaithe a chur i mbarr séipéil, ar chúlchosáin, os cionn siopaí, i seanbhancanna? Ach sin cuid de na smaointe samhlaíocha a tháinig as an gcomórtas seo. Tá dearadh ag dul le gach iarracht agus macasamhail den tithíocht tógtha as cairtchlár ag dul leis.
Agus má cheapann tú nach bhfuil aon chiall leis an smaoineamh faoi na séipéil, an raibh a fhios agat go bhfuil 33 séipéal ar fud na cathrach seo nach bhfuil in úsáid níos mó? Agus ar fhaitíos go raibh géarghá tobann le seirbhísí eaglasta, thángadar ar smaoineamh chun árasáin nó ar a laghad, áitribh a chur thuas sa díon agus thógadar macasamhail dá réir.
Chuir an smaoineamh faoi na bailte tuaithe tréigthe i bhfeidhm go mór orm. Is minic mise ag taisteal trí chontaetha i lár tíre agus bhrisfeadh sé do chroí ag breathnú ar shráideanna loma, siopaí folmha agus cearnóga deasa ach iad tréigthe i lár gach baile acu.
Rinne na hailtirí staidéar ar bhaile amháin i gcontae Laoise – Maighean Rátha. Is cuimhin liom féin nuair a bhí cáil ar an mbaile sin toisc go mbíodh ‘trap luais’ ag na gardaí ann agus gach seans ann go gcuirfeadh an breitheamh áitiúil pionós trom ort dá mbéarfaí ort agus míle amháin os cionn na teorann luais á dhéanamh agat.
Ach tá cuma an uaignis air anois.
Thaispeánadar cé mar a chuirfidís beocht sa bhaile arís le roinnt foirgneamh nua agus beagán atógála chomh maith le hathchóiriú ar sheanfhoirgnimh an bhaile.
Bhí taispeántas amháin ag léiriú an úsáid a bhainfí as tithe modúlacha agus ceann eile a léirigh cén chaoi ar féidir tithe a thógáil an-sciobtha agus go leor den obair réamhdhéanta sa mhonarcha.
Bhí gné amháin a bhí coitianta sna taispeántais ar fad – ní bheadh aon ghá le carranna agus ar aon nós, ní rabhthas ag pleanáil i gcomhair páirceála ná spás a thabhairt don charr príobháideach. Bhí an ‘baile beag’ lárnach don choincheap i ngach cás. Tugtar ‘an chathair 15 nóiméad’ air sin go minic.
Ach bhí rud amháin ag dó na geirbe agamsa, leis an bhfírinne a inseacht. Bhuel rud nó dhó. b’fhéidir.
Céard a thug ar dhaoine na bailte tuaithe a thréigean? Agus cén fáth an bhfuil an oiread sin siopaí agus áitribh thuas staighre iontu, folamh ag tráth a bhfuil géarchéim chomh mór sin sa tír?
Agus céard a tharla do na tithe ‘modúlacha’ a cuireadh ar taispeáint roinnt blianta ó shin (an cuimhin le héinne agaibh an tAire Eoghan Murphy?) agus a ceapadh a leigheasfadh fadhb na tithíochta go tapa?
Agus mé lán le hinspioráid th’éis an taispeántas a fheiceáil, bhí mé ar bís le ceist a chur ar dhuine a mbeadh baint éigin aige leis an gceist – ar nós mo mhéit snámha, an Comhairleoir Cathrach.
Ach bhí an fhoighid caillte aige. Tharraing sé amach píosa batráilte nuachtáin as a sparán.
‘Brent Geese!’ spréach sé. ‘Ná labhair liomsa faoi thithe modúlacha ná faoi árasáin sna séipéil, nuair atá géabha fiáine in ann stop a chur le tithíocht.’
Léigh mé an t-alt. B’fhíor dó.
Bhí cead tugtha do 580 aonad tithíochta, teach altranais agus páirceanna imeartha ar thalamh a cheannaigh an forbróir ó scoil i dtuaisceart na cathrach. Ach bíonn na cadhain a thagann ar cuairt ón Artach chuile bhliain ar féarach ansin. Agus tharraing an Chomhairle siar an cead.
Ach ní haon ghnáthscéal tithíochta é seo – ba mhinic sa nuacht cheana é – tugadh an cead, diúltaíodh an cead, tugadh an cead arís, cuireadh ina choinne arís. Tá an suíomh le hais Páirc Phoiblí Naomh Áine agus cáil mhór ar an bpáirc sin. Tá feachtas ollmhór áitiúil ag cur i gcoinne tógáil ar bith i ngar di. Agus páirtithe polaitíochta ag tacú leo, a bhíonn an-ghlórach ar cheist na tithíochta sa chathair.
Is fíor go bhfuil neart scóipe ag na géabha thart faoin gcathair – is iomaí garraí, páirc phoiblí, paiste féir atá mar ionad béilí acu agus ní deirtear aon áit go bhfuil siad ag brath go hiomlán ar an suíomh áirithe seo.
‘Agus céard faoin tithíocht mhodúlach?’ chuireas an cheist go cúramach ar fhaitíos go bpléascfadh sé arís. ‘Cheap mé go raibh sé sin chun chuile fhadhb a réiteach?’
D’inis sé dom gur tógadh roinnt acu ach gur chuir muintir na háite (a raibh tithe acu cheana féin) ina n-aghaidh agus chuireadar i gcoinne aon tógáil nua. ‘Dúirt siad nach raibh siad sách maith, nach seasfadh siad i bhfad agus bhí chuile shaghas leithscéil acu le cur ina gcoinne,’ a dúirt sé.
‘Bhuel inis dom mar sin,’ arsa mise agus mé ag cailleadh dóchas i mo chuid smaointe nuálacha ar fad. ‘Cén fáth nach mealltar daoine ar ais chun cónaí ‘os cionn an tsiopa’? Nuair a bhí mise óg i mBealach a’ Doirín is sna tithe sráide sin a bhí mo chuid cairde ar fad ina gcónaí.’
‘Rialacha sláinteachais agus rialacha dóiteáin. Sin é an fáth gur tréigeadh cuid mhaith díobh – an cuimhin leat cé chomh cúng agus mífholláin a bhí na tithe sin thuas staighre?’
Bhuel, ní cuimhin, toisc gur chaith muide formhór mór ár gcuid ama taobh amuigh ar an tsráid.
Ach ní shin le rá nach bhféadfaí iad a athchóiriú agus daoine a mhealladh ar ais chucu. Agus d’fhéadfadh socrú gearrthéarmach a bheith ansin freisin do mhuintir díshealbhaithe na hÚcráine. Is léir go bhfuil dlíthe agus rialacha ródhochta maidir le sláinteachas agus eile, ag coinneáil an dream sin amach as tithe a bheadh curtha ar fáil i bhfad ó shin ag muintir na hÉireann.
‘Housing Unlocked’ an teideal atá ar an taispeántas a bheas ar siúl sa nGailearaí Eolaíochta go dtí an 21 Eanáir.
Fág freagra ar 'Cónaímis i séipéil agus bainc -– tá freagraí ann ar an bhfadhb tithíochta ach ní ghlactar leo'