Comórtas úrnua Pro 14 a bheas linn an deireadh seachtaine seo

Den chéad uair riamh beidh na Cheetahs agus na Southern Kings, dhá club ón Afraic Theas ag imirt i gcoinne foirne as Éirinn, Albain, an Iodáil agus an Bhreatain Bheag

Comórtas úrnua Pro 14 a bheas linn an deireadh seachtaine seo

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Is deacair a thuar agus gan oiread agus cluiche amháin féin imeartha fós an chun leasa an chluiche é an comórtas úrnua Pro 14 a bheas linn an deireadh seachtaine seo. Is cinnte gur deis iontach a bheidh ann d’fhoirne nua, foirne ó limistéir eile ar fad, go háirithe.

Den chéad uair riamh beidh na Cheetahs agus na Southern Kings, dhá club ón Afraic Theas ag imirt i gcoinne foirne as Éirinn, Albain, an Iodáil agus an Bhreatain Bheag, foirne a d’imir sa gcomórtas Pro 12 go dtí seo.

Creideann go leor gur deis tástála den scoth é ar chaighdeán imeartha clubanna gairmiúla an limistéir thuaidh agus theas. Níl aon dabht faoi sin, ach is fiú a mheabhrú freisin gurb iad na Cheetahs agus na Kings an dá fhoireann is laige ón Afraic Theas a d’imir i gcomórtas an Super Rugbaí, comórtas clubanna an limistéir theas le cúpla séasúr anuas. Fós féin, is deacair a shamhlú go mbeidh na Cheetahs ná na Kings tada níos measa ná níos laige ná Treviso ná Zebre, an dá fhoireann ón Iodáil a bhí ar íochtar thábla an Pro 12 le cúpla séasúr anuas. Is cinnte freisin gur deis iontach é an dá fhoireann nua a bheith ag teacht isteach sa gcomórtas do lucht leanta chúigí na tíre seo le cuairt a thabhairt ar an Afraic Theas agus blaiseadh den chultúr agus de na gnéithe iomadúla a bhaineann leis an áit ilchineálach sin.

Tharla an rud ceannann céanna i gcás dheisceart na Fraince ag tús an Choirn Eorpaigh roimhe seo. Feicfidh muid linn.

Idir an dá linn cuirfear tús le comórtas an Pro 14 inniu. Is iad na Muimhnigh, agus iad ag imirt i gCorcaigh i gcoinne Treviso tráthnóna, a chuirfidh tús leis an gcoimhlint. Ní ghlacfaidh lucht leanta an Airm Dheirg ach le bua agus tús breá láidir leis an gcomórtas nua.

Tráthnóna freisin i mBéal Feirste a bheas na hUltaigh ag cur fáilte roimh na Cheetahs ar a gcéad chuairt ar an limistéar seo. Seo é an chéad amharc againn ar na Cheetahs agus is cinnte gurb iad is láidre den dá fhoireann ón limistéar theas. Fágann sin gur deacair iad a mheas agus é níos deacra fós toradh an chluiche seo a thuar. Ach tá mise chun seasamh leis na hUltaigh, de bharr gur acu atá buntáiste an bhaile agus gurb é seo chéad chluiche ag na Cheetahs sa chomórtas seo.

Is iad na Laighnigh an t-aon chúige a bheas as baile i mBabhta 1 den Pro 14 agus iadsan i gcoinne na nDragons thall i Rodney Parade amárach, Dé Sathairn. Ba cheart go mbeadh an lá leis na Laighnigh fiú agus gan fáil acu ar an gcúigear a d’imir leis na Leoin i rith an tsamhraidh, mar go bhfuil siad ar sos fós.

Ar an mBóthar Beag a bheas na Connachtaigh agus iad faoi stiúir Kieran Keane, a tháinig i gcomharbacht ar Pat Lam, mar bhainisteoir den chéad uair. Ní bheidh tada éasca faoin gcluiche seo i gcoinne Ghlaschú, ach bheadh lucht leanta Chonnacht ag súil go dtabharfaidh imirt sa mbaile an buntáiste atá uathu dóibh chun tús dearfach a chur leis an séasúr.

Fág freagra ar 'Comórtas úrnua Pro 14 a bheas linn an deireadh seachtaine seo'