Comórtas Uí Chonaire buaite ag cailín as Toraigh

Is í Lauren Ní Bhaoill a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas nua scríbhneoireachta, a reáchtáladh den chéad uair i mbliana i gcuimhne ar Phádraic Uí Chonaire agus ar fhís chultúir 1916

6-Lauren
Lauren Ní Bhaoill, buaiteoir Chomórtas Uí Chonaire

Is í Lauren Ní Bhaoill, mac léinn Ardteiste ó Thoraigh i nDún na nGall buaiteoir Chomórtas Uí Chonaire, comórtas scríbhneoireachta a d’eagraigh Conradh na Gaeilge do scríbhneoirí faoi bhun 25 bliana d’aois anuraidh.

Is é Lorcán Ó Conchubhair, as Cnoc na Cathrach i nGaillimh a bhuaigh an dara háit, agus roinneadh an tríú duais idir Éadaoin Ní Dhomhnaill, as Inis Meáin agus Gráinne Ní Mhuilneoir as Port Laoise.

Eagraíodh an comórtas i gcuimhne ar Phádraic Ó Conaire, scríbhneoir clúiteach na Gaillimhe agus mar chomóradh ar an bhfís litríochta a bhí ag baill Chonradh na Gaeilge a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca.

Bronnfar duais €1,000 ar Ní Bhaoill, atá i mbun staidéir do scrúduithe na hArdteistiméireachta i gColáiste Cholmcille i dTóraigh. €400 a bhronnfar ar Ó Conchubhair agus roinnfear €250 idir Ní Dhomhnaill agus Ní Mhuilneoir.

“Agus muid ag eagrú an chomórtais seo chun comóradh a dhéanamh ar 1916, mheas muid go raibh sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh ar fhís chultúrtha na glúine sin agus dul i mbun gnímh freisin a chuirfeadh le feidhm phraiticiúil a thabhairt don fhís sin, trí ghlúin scríbhneoirí óga a spreagadh agus ábhar léitheoireachta comhaimseartha a chur ar fáil do dhéagóirí, a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Cathaoirleach Choiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge.

Dúirt sé freisin gur aithníodh “an tábhacht a ghabhann leis an bhféiniúlacht a chruthaítear trí do litríocht féin” agus go bhfuil “gá ann i gcónaí” an litríocht a spreagadh san aos óg.

Ba iad an scríbhneoir agus foilsitheoir Ré Ó Laighléis agus eagarthóir na hirise Feasta, Pádraig Mac Fhearghusa a rinne an mholtóireacht do Chomórtas Uí Chonaire.

Fág freagra ar 'Comórtas Uí Chonaire buaite ag cailín as Toraigh'

  • Seán Ó Floinn

    Nach bhfuil agallamh déanta agaibh léi?

    A thiarcais déan rud éigin fiúntach…

  • padraig

    comhghairdeas ó chroí leo uile!

  • alan

    is deas an slam airgid é sin do ghearrchaile óg…500 eur an gnáth-dhuais a bhronntar ar fhilí!