Comórtas scríbhneoireachta buaite ag buachaill óg Gaeltachta dá scéal uafáis faoin ‘Uachtarán’ Trump

Tá comórtas scríbhneoireachta de chuid The Kerryman buaite ag Seán Ó Fiannachta ó Cheann Trá dá scéal Gaeilge ina samhlaíonn sé an domhan mar a bheadh agus Donald Trump sa Teach Bán

Comórtas scríbhneoireachta buaite ag buachaill óg Gaeltachta dá scéal uafáis faoin ‘Uachtarán’ Trump

Tá comórtas do scéalta uafáis buaite ag buachaill óg Gaeltachta as scéal a chum sé faoi Donald Trump a bheith ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ba é Seán Ó Fiannachta, buachaill óg 10 mbliana d’aois, as Scoil Cheann Trá i gCorca Dhuibhne a thug leis an bua i gcomórtas de chuid an nuachtáin The Kerryman dá scéal “An tUachtarán Donald Trump”.

Sa scéilín uafáis samhlaíonn Seán gur le Trump a bhí an lá i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá. Oíche an toghcháin, éiríonn “na saighdiúirí marbha in Arlington óna mairbh” agus i measc na “sambithe” tá JFK, George Washington agus Abraham Lincoln. Téann na mairbh go dtí an “Tigh Bán” mar a bhfuil Trump ina chodladh. Baintear an oiread sin geite as Trump go gcailltear le taom croí é ach faraor brúnn sé “an cnaipe dearg” sula n-éagann sé.

Cuirtear tús le WW3, déantar Uachtarán de Hillary Clinton, cuireann an Choiré Thuaidh tús le “cogadh osnádúrtha” agus cuirtear “vaimpír, sambaithe agus cnámharlaigh” ag troid in aghaidh Mheiriceá.

Mar a bhíonn in aon scéal uafáis le dealramh, bíonn cor sa scéal ag an deireadh agus is amhlaidh atá i saothar Sheáin Uí Fhiannachta.

I ngan a fhios don saol, ba vaimpír í Hillary Clinton.

“Chuaigh Hilary chuig an Chóire Thuaidh chun Kim Jong II a mharú. Bhí sé sa Saotharlann ag obair ar an mbuama is déanaí. Shúncáil Hillary a fiacla isteach i muineál Kim ach roimh dó bás a fháil chuir sé a lámh ar an gcnaipe dearg. Seoladh na diúracáin ar fad agus bhí an domhan ar fad scriosta.”

Tá scéal iontach Sheáin foilsithe in eagrán an lae inniu de The Kerryman agus comórtas scríbhneoireachta do ghasúir 8-10 bliana d’aois buaite aige.