Comórtas peile nua á reáchtáil do ghaelscoileanna Átha Cliath

Beidh Comórtas Peile na nGael ar súil den chéad uair inniu i bPáirc Parnell agus súil ag CLG Átha Cliath go spreagfaidh sé an chéad ghlúin eile de réalta peile na bpríomhchathrach

Comórtas peile nua á reáchtáil do ghaelscoileanna Átha Cliath

Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Beidh na céadta dalta gaelscoile i bPáirc Parnell inniu mar chuid de chomórtas peile nua i mBaile Átha Cliath.

Glacfaidh 24 foireann ó ghaelscoileanna éagsúla sa phríomhchathair páirt i gComórtas Peile na nGael atá a eagrú ag CLG Átha Cliath i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge.

Díreoidh an comórtas i mbliana ar an bpeil agus ar dhaltaí atá i Rang a 5 agus Rang a 6, ach deir Cóilín Ó Cearbhaill, Oifigeach Gaeilge CLG Átha Cliath, gur mhian leo cur leis an gcomórtas má éiríonn go maith leis.

“Seo í an chéad uair dúinn é seo a dhéanamh agus tá sé á dhéanamh ar bhonn píolótach i mbliana ach tá féidearthachtaí ann cur leis amach anseo cinnte, i dtaobh níos mó scoileanna, féile iomána a fhorbairt agus mar sin de.”

Chomh maith leis an gcomórtas peile, beidh seó sorcais agus imeachtaí eile ar siúl i rith an lae.

Deir Ó Cearbhaill go bhfuil CLG Átha Cliath ag iarraidh go mbeadh comórtas ann d’fhoirne agus do scoileanna a bhaineann úsáid as an nGaeilge agus iad ar pháirc na himeartha. D’fhreastail cuid de na himreoirí is fearr ar fhoirne CLG Átha Cliath ar ghaelscoileanna agus deir Ó Cearbhaill go bhfuil súil aige go spreagfaidh an comórtas nua seo an chéad ghlúin eile.

“Tá go leor imreoirí as Áth Cliath a tháinig tríd an gcóras gaelscolaíochta ar nós Chiaráin Kilkenny, Jack McCaffrey, Liam Rushe, Emer Ní Eafa. B’fhéidir go mbeidh réalta peile an lae amárach le feiceáil ar Pháirc Parnell inniu.”

Fág freagra ar 'Comórtas peile nua á reáchtáil do ghaelscoileanna Átha Cliath'