Comórtas Peile na Gaeltachta le filleadh ar Chonamara in 2020

Reáchtálfar an comórtas náisiúnta i Leitir Móir den dara huair agus cumann Naomh Anna ag iarraidh a lorg a fhágáil ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2020

Comórtas Peile na Gaeltachta le filleadh ar Chonamara in 2020

INPHO/Donall Farmer

Tá sé fógartha gurb iad cumann Naomh Anna in Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, a bheidh ag óstáil Chomórtas Peile na Gaeltachta 2020.

Glacadh an cinneadh go bhfillfeadh an Comórtas ar Chonamara in 2020 ag cruinniú coiste an tseachtain seo. Ba iad na cumainn eile a bhí san iomaíocht ná an Cheathrú Rua agus Micheál Breathnach, ach ba iad Naomh Anna ba mhó a mheall na vótaí.

Uair amháin roimhe seo, in 2002, a reáchtáladh an comórtas náisiúnta i Leitir Móir agus deir Máirtín Ó Meachair, rúnaí Naomh Anna, gur mór an onóir dóibh go bhfuil sé ag teacht chucu arís.

“Is cinnte go bhfuil muid an-sásta leis. Bhí muid ag faire air le píosa,” a deir sé.

Deir Ó Meachair go bhfuil siad ag súil go mór le tabhairt faoin dúshlán atá rompu.

Ceann de na dúshláin is minice a bhíonn roimh chumainn agus iad ag reáchtáil an chomórtais ná go mbíonn orthu áiseanna nua a thógáil. Thapaigh roinnt cumann an deis le cúpla bliain anuas páirceanna agus hallaí spóirt nua a thógáil don chomórtas ach seans nach mbeidh sé sin ag teastáil ar Pháirc an Mháimín. I ndiaidh an chomórtais in 2002, thóg Naomh Anna ionad spóirt nua, Spórtlann Mhichael Mhóir, le taobh na páirce agus tá neart airgid caite acu ó shin chomh maith.

“Tá an Spórtlann san áit a raibh an ‘marquee’ in 2002. Is é an Spórtlann a tháinig in áit ollphuball nó ‘marquee’ an chomórtais. Chuir muid dromchla nua ar an bpáirc chomh maith le cúpla bliain anuas ar chostas mór, os cionn €80,000.”

Seans gur thug an infheistíocht sin buntáiste do Naomh Anna agus óstach 2020 á roghnú, ach deir Ó Meachair go mbeidh gach aon phingin ag teastáil uathu chun aire a thabhairt do na háiseanna sin agus chun réiteach faoi chomhair na sluaite a bheidh ag triall ar cheantar na n-oileán faoi cheann trí bliana.

“Is féidir an comórtas a chur i gcomparáid leis an Oireachtas mar cheann de mhór-ócáidí na Gaeilge. Tá a lucht leanúna féin ag an gcomórtas agus ag méadú atá an lucht leanúna sin gach bliain,” a deir sé.

“Tagann daoine ó na ceantair Ghaeltachta uile agus ó áiteanna eile sa tír. Tagann siad thar sáile, fiú. Nuair a bhí an comórtas i Leitir Móir in 2002, tháinig daoine anall as Meiriceá agus as Sasana mar go raibh an comórtas ar siúl ina gceantar féin.

“Is imeacht sóisialta é an comórtas chomh maith le coimhlint pheile. Bíonn chuile cheann éagsúil agus fágann gach ceann a mharc,” a deir Máirtín Ó Meachair, rúnaí Naomh Anna.

Faoin am a gcuirfear tús leis an gcomórtas i Leitir Móir in 2020, beidh sé bliana caite ón uair dheireanach a reáchtáladh é i gConamara. (I Maigh Cuilinn a bhí sé in 2014.)

Is i Maigh Eo a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana agus na babhtaí ceannais á reáchtáil i dTuar Mhic Éadaigh idir an 2 agus an 5 Meitheamh.

Is iad Na Dúnaibh (Dún na nGall), An Ghaeltacht (Ciarraí) agus Naomh Muire (Ciarraí) atá roghnaithe mar óstaigh do 2018, 2019 agus 2021 faoi seach.

Fág freagra ar 'Comórtas Peile na Gaeltachta le filleadh ar Chonamara in 2020'