Comórtas Peile na Gaeltachta ag dul ar ais go Tír Chonaill i 2021

Is iad Cumann Naomh Muire a bheidh ag reáchtáil an chomórtais i 2021 tar éis do vóta a bheith ann aréir

A general view of the GAA 21/9/2014Tá sé fógartha gurb iad Cumann Naomh Muire i nDún na nGall a bheidh ag reáchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta 2021.

Bhí vóta ann ag cruinniú sna Gleannta aréir agus b’iad an cumann as íochtar na Rossa a tháinig amach chun cinn, iad ag fáil an ceann is fearr ar iarratais eile ó chumainn Naomh Columba, Gaoth Dobhair, Naomh Conaill agus Ard an Ratha.

Ba in Ard an Ratha a bhí Comórtas Peile na Gaeltachta anuraidh nuair a bhí orthu cluichí ceannais na bhfear a chur siar go dtí mí Dheireadh Fómhair mar gheall ar an drochaimsir. Beidh Cumann Naomh Muire ag iarraidh an mí-ádh sin a sheachaint agus iad ag reáchtáil an chomórtais náisiúnta don chéad uair.

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar ais i nDún na nGall roimhe sin áfach agus comórtas 2018 á reáchtáil ag Na Dúnaibh. Roimhe sin, is iad Naomh Abán (2016) agus Tuar Mhic Éadaigh (2017) a bheidh mar óstaigh. Beidh an Comórtas ag dul ar ais go Corca Dhuibhne i 2019 nuair a bheidh sé á reáchtáil ag An Ghaeltacht.

Níl óstach an chomórtais do 2020 roghnaithe fós ach déanfar cinneadh faoi sin roimh dheireadh na míosa seo. Meastar gur in iarthar na tíre a bheidh comórtas na bliana sin.

Fág freagra ar 'Comórtas Peile na Gaeltachta ag dul ar ais go Tír Chonaill i 2021'