Comórtas Peile na Gaeltachta 2015 ó líon na n-imreoirí go dtí an méid beorach a ólfar

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2015 ag tosú amárach in Ard an Rátha, seo cuid de na huimhreacha a bheidh i gceist ann, ó líon na n-imreoirí go dtí an méid beorach a ólfar


Comórtas Peile na Gaeltachta 2015 i bhfigiúirí


30

Sin líon na bhfoirne, idir fhir agus mhná, sóisear agus sinsear, a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile 2015 in Ard an Rátha. Beidh ionadaithe ann ó 23 cumann as sé cheantar Gaeltacht, chomh maith le Baile Átha Cliath (Na Gaeil Óga), Béal Feirste (Laochra Loch Laoi) agus Londain (Móindearg).



750

Beidh breis agus an méid seo imreoirí ag taisteal chuig Ard an Rátha don deireadh seachtaine peile.



26

An méid cluichí a bheidh á n-imirt le linn na deireadh seachtaine. Beidh seacht gcinn i gcomórtas sinsear na bhfear, deich gcinn sa cheann sóisear, ceann amháin i gcomórtas sinsear na mban agus ocht gcinn i gcomórtas sóisear na mban.



250

Líon na n-oibrithe deonacha, idir mhaoir pháirceála, daoine sa chistin, freastalaithe beár, etc, a bheidh ag tacú le reáchtáil an chomórtais le linn na deireadh seachtaine.



5

An méid blianta ó shin a roghnaíodh Ard an Rátha mar óstaí do Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo. Is dhá bhliain ó shin a thosaigh an chumainn ag fáil faoi réir i gceart don chomórtas.



25

Líon na ndaoine a bhí ar choiste eagraithe an chomórtais in Ard an Rátha, idir chaidreamh poiblí, lónadóireacht, lóistín, siamsaíocht, etc.



1

Cé gurb é seo an 15ú huair atá Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil i dTír Chonaill, is é seo an chéad uair riamh don chomórtas, ó cuireadh tús leis i 1969, a bheith ar siúl in Ard an Rátha.



7,040

Méid na bpiontaí atá siad ag súil le díol san ollphuball in imeacht ceithre lá. Tá 80 ceaig beorach ordaithe ag an lucht eagraithe agus níl na tithe tábhairne sa bhaile fiú san áireamh ansin.



5,000

Beidh roinnt bia ag teastáil chun an bheoir sin uile a thaoscadh agus tá súil ag an lucht lónadóireachta go mbeidh siad ag réiteach thart ar 5,000 lóin san ollphuball idir an Aoine agus an Luan.



27.5

Dóibh siúd nach bhfuil in ann an turas chuig Ard an Rátha a dhéanamh i mbliana, beidh 27.5 uair de chláir beo ar an raidió agus ar an teilifís le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Ard an Rátha ón Aoine go dtí an Luan agus beidh na cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais sa chomórtais sóisear agus sinsear beo ar TG4 ar an Domhnach agus an Luan.



524

An turas is faide a bheadh le déanamh ag imreoirí nó lucht leanúna dá mbeadh siad ag tiomáint chuig comórtas na bliana seo. Is é 524 míle an t-achar idir Ard an Rátha agus páirc peile Ruislip i Londain, ar a n-imríonn cumann Mhóindearg chuid mhaith dá gcluichí.



11

An turas is lú a bheidh le déanamh ag foireann, taobh amuigh de na hóstaí, dar ndóigh, ná an turas 11 mhíle nó 20 nóiméad a bheidh le déanamh ag cailíní Naomh Náille.

Fág freagra ar 'Comórtas Peile na Gaeltachta 2015 ó líon na n-imreoirí go dtí an méid beorach a ólfar'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Níl sé luaite anseo an méid Béarla a scairtfidh imreoirí agus ‘cóitseáilithe’ ón dtaobh líne….