Bliain na Gaeilge a bhí againn in 2018 agus is cinnte go raibh an-bhliain go deo ag léitheoirí na Gaeilge mar gur foilsíodh scoth na leabhar don óg agus don sean le bliain. An bhfuil aon bhealach níos fearr leis an Nollaig a chur tharat ná luí cois tine, bosca seacláidí, deochín agus leabhar breá agat? I gcomhar le Love Leabhar Gaeilge, tá ciseán mór leabhar le bronnadh againn ar dhuine dár léitheoirí. Tá 17 leabhar sa gciseán – gach uile leabhar a bhí ainmnithe le haghaidh trí dhuais mhór liteartha le bliain anuas – comórtas An Post, Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Reics Carlo.
Is iomaí sin cineál leabhar atá sa gciseán seo – seanscéalta, nua-scéalta, filíocht, amhráin, beathaisnéis, bleachtaireacht, stair, agus cúrsaí reatha- beidh ceann agat do gach ócáid agus do gach duine sa teach. Níl le déanamh agat le bheith istigh ar an bhféirín breá Nollag seo ach ordóg nó croí a thabhairt don phictiúr seo agus é a roinnt ar Facebook agus Twitter.
- Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson
- Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí
- Teach an Gheafta le Cathal Ó Searcaigh
- Lámh, Lámh Eile le Alan Titley
- Ceannródaí: Luíse Ghábhannach Ní Dhufaigh le Celia de Fréine
- Oilithreach Pinn Liam Ó Muirthile,
- Súil Eile Seán Tadhg Ó Gairbhí
- Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde Máirín Ní Ghadhra
- Dialann mo Mháthar Pádraic Breathnach
- Amhráin agus Dánta Raiftearaí Nollaig Ó Muraíle
- Sárú le Anna Heussaff
- Rita agus an Dragún le Máire Zepf
- Scéalta le hInsint don Ghealach le Caoimhe Nic Lochlainn
- Bliain na nAmhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin
- Trumptaí Dumptaí agus an Falla Mór le Ré Ó Laighléis
- Criú Nua ar Bord, le Patricia Forde
- Jimín Mháire Thaidhg le Ríona Nic Congáil
Denise Farrell
Is múinteoir bunscoile mé agus ba bhreá liom na leabhair seo
GRMA
Padraig Ó Mainchín
Is aoibheann liom an Gaeilge
Violet Ui Dhulaing
Tá mo ghar pháistí ag freastail ar Ghaelscoil agus ba mhaith liom bheith up to date le scríbhneoiri
Gaeilge.
Siobhán
Ba mhaith liom leabhair as Gaeilge do mo chlann.
Fiona Ní Líonnáin
Ba bhreá liom na leabhair so a bhuacaint! ?