Comórtas idirnáisiúnta iomána/camánachta á reáchtáil i gConamara an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh foirne ó Albain aghaidh ar fhoirne Mhicheál Breathnach agus Chois Fharraige i gcluichí ceannais Iomain Cholmcille in Indreabhán amárach

Comórtas idirnáisiúnta iomána/camánachta á reáchtáil i gConamara an deireadh seachtaine seo

Tá slua imreoirí camánachta as Alban tar éis filleadh ar Ghaeltacht Chonamara an deireadh seachtaine seo chun páirt a ghlacadh i gcomórtas idirnáisiúnta iomána/camánachta.

Is ar pháirc chumann Micheál Breathnach in Indreabhán a reáchtálfar Iomain Cholmcille Dé Domhnaigh agus cluichí ceannais na mban agus na bhfear á n-imirt.

Reáchtáladh an comórtas den chéad uair in 2007 nuair a thaistil foireann na mBreathnach chomh fada le Óban in Albain agus tá méadú tagtha air ó shin. Is i nGaoth Dobhair a imríodh an comórtas anuraidh agus cé nach mbeidh siad ann i mbliana, ghlac foirne ón Eilean Sgítheanach agus cúige Uladh páirt sa chomórtas sna blianta roimhe seo.

Is é an cuspóir atá ag an gcomórtas ná an nasc idir an Gàidhlig agus an Ghaeilge agus an dá spórt a cheiliúradh agus tá tacaíocht faighte ag an lucht eagraithe ó Cholmcille, comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig.

Cuirfear tús leis na himeachtaí maidin amárach, Dé Domhnaigh, ag 11r.n. nuair a chuirfidh na hAlbanaigh seisiún traenála ar fáil do ghasúir an cheantair sa chamánacht. Imreofar cluiche ceannais na mban idir foireann na hAlban agus foireann Chois Fharraige ina dhiaidh sin ag 12.30i.n. agus rachaidh na fir chun páirce ag 2i.n..

Déanfar ceiliúradh ar an ócáid oíche amárach Tigh Chualáin agus cuirfear tús leis an gceol ag 9i.n..

Fág freagra ar 'Comórtas idirnáisiúnta iomána/camánachta á reáchtáil i gConamara an deireadh seachtaine seo'