Chum ár gcolúnaí Alex Hijmans an tseachtain seo caite an téarma ‘léinín’ agus mhol sé do léitheoirí Tuairisc.ie ‘léinín’ a ghlacadh ar mhaithe le haird a tharraingt ar leabhair Ghaeilge.
Céard is ‘léinín’ ann? Féinín nó ‘selfie’ de dhuine éigin agus leabhar á léamh acu (‘belfie’ a thugtar air sa Bhéarla).
Spreag gairm chun gnímh Alex Hijmans sinn comórtas a chur ar bun i gcomhar le Love Leabhar Gaeilge. Tá dhá bheart leabhar le buachan sa chomórtas seo, ceann do dhaoine fásta agus ceann do léitheoirí óga.
Chun a bheith istigh ar na comórtais seo, ní gá ach ‘léinín’ a chur chugainn – pictiúr díot féin agus leabhar nó foilseachán Gaeilge á léamh agat. Is féidir sin a dhéanamh ar Twitter, Facebook nó Instagram. Bí cinnte #léinín a chur le do phictiúr. Is féidir chomh maith ‘léinín’ a chur chugainn ar an ríomhphost go dtí nuacht@tuairisc.ie.
Tá cúpla sampla den ‘léinín’ thíos.

Emma Ní Chearúil agus an leabhar nuafhoilsithe Cití na gCearc á léamh aici. #léinín
#Léinín an lae! @RealtanNiL @alexhijmans pic.twitter.com/vyAgct6DLc
— Emma Ní Chearúil (@gingeripod) July 22, 2019


Is iad na saothair atá sa bheart leabhar do dhaoine fásta Cluiche na Corónach – George R. R. Martin, Oisín Ó Muirthile, Dílis – Réaltán Ní Leannáin, Súil – Eithne Ní Ghallchobhair, I dtír mhilis na mbeo – Colm Ó Ceallacháin, Titley – Máirtín Coilféir, Go mbeinnse choíche saor – Máire Dinny Wren agus Sagairt Chróga Fhearna – Séamas S. de Vál
Is iad na saothair atá sa bheart leabhar do léitheoirí óga Charlie agus Monarcha na Seacláide – Roald Dahl, Quentin Blake agus Niamh Ní Argáin, Cú 3 – Paul Bolger, Barry Devlin agus Darach Ó Scolaí, An Buachaill is Measa ar Domhan – Eoin Colfer agus Máirín Ní Ghadhra, Cogito – Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson, Pop! – Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson Bí ag Spraoi Liom! – Sadhbh Devlin agus Tarsila Kruse, Dialann Dúradáin Leadaí na Leisce – Jeff Kinney agus Máirín Nic Con Iomaire Mór agus Muilc – John Óg Hiúdaí agus Neidí Ó Colla
Muineachán le Gaeilge
Cén spriocdáta atá ann?