COMÓRTAS GHLÓR NA nGAEL: Liosta na mbuaiteoirí a bhfuil €80,000 le roinnt eatarthu

Beidh ceithre cinn de bhuaiteoirí na bliana seo san iomaíocht mí Aibreáin don phríomhdhuais agus seic €20,000

COMÓRTAS GHLÓR NA nGAEL: Liosta na mbuaiteoirí a bhfuil €80,000 le roinnt eatarthu

Tá torthaí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2019 fógartha agus duaischiste €80,000 le bronnadh ar choistí agus ar ghrúpaí pobail as an obair atá déanta acu an Ghaeilge a chur chun cinn agus.

Beidh ceithre cinn de bhuaiteoirí na bliana seo san iomaíocht don phríomhdhuais agus seic €20,000 a bheidh á mbronnadh mí Aibreáin.

Foras na Gaeilge agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta a dhéanann urraíocht ar an bpríomhdhuais.

Reáchtáiltear Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael gach bliain chun aitheantas a thabhairt do choistí agus do ghrúpaí pobail a bhíonn ag saothrú ar son na Gaeilge.

Tá ceithre phríomhrannóg sa chomórtas agus d’éirigh leis na coistí seo a leanas an 1ú duais €4,000 a bhuachan: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste (Coistí le daonra os cionn 20,000); Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Dún na nGall (Coistí Gaeltachta); Cairde Teo., Ard Mhacha (Coistí le daonra idir 4,000 & 20,000); agus Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire (Coistí le daonra faoi 4,000).

D’éirigh le scata coistí eile duaiseanna speisialta a thabhairt leo i gcomórtas na bliana seo.

Bronnfar na duaiseanna sin agus an phríomhdhuais €20,000 ag searmanas bronnta a bheidh ar siúl ar an Satharn, 18 Aibreán, in Óstán na Cúirte, i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

An bheirt sagart, Pádraig Ó Fiannachta agus Tomás Ó Fiaich, a chuir tús le comórtas Ghlór na nGael i 1961 agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail.

Duaischiste £100 punt a bhí ar fáil don tír ar fad an chéad bhliain.

Fógraíodh ag deireadh 2019 go raibh athruithe suntasacha i ndán don chomórtas le deis iomaíochta níos fearr a thabhairt do choistí beaga agus do choistí nuabhunaithe. Tiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm i gcomórtas 2020.

Torthaí 2019

Coistí le Daonra faoi bhun 4,000

1ú Duais – Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire – €4,000
2ú Duais – Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin – €3,000
3ú Duais – Glór na Speiríní, Co. Dhoire – €2,000

Coistí le Daonra 4,000 – 20,000

1ú Duais – Cairde Teo., Ard Mhacha – €4,000
2ú Duais – Muineachán le Gaeilge – €3,000
3ú Duais – Pobal ar a’n Iúil, Co. Thír Eoghain – €2,000

Coistí le Daonra os cionn 20,000

1ú Duais – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste – €4,000
2ú Duais – Glór na Móna, Béal Feirste – €3,000
3ú Duais – Cultúrlann Uí Chanáin, Doire – €2,000

Coistí Gaeltachta (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)

1ú Duais – Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Dún na nGall – €4,000
2ú Duais – Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí – €3,000
3ú Duais – Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe – €2,000

Duaiseanna Speisialta

Duais Ógras 

Club Óige na Fairche, Co. na Gaillimhe – €1,000

Duais an Timire

Cumann Forbartha Chois Fharraige – €700

Duais an Oireachtais

Muineachán le Gaeilge – €500

Duais an Fháinne

Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe – Dearbhán €500

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall

Áislann Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall – €1,500

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe – €1,500

Duais Chló Iar-Chonnacht

Glór Ghleannta Liatroma , Co. Liatroma – Dearbhán €1,000

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta

Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste – £1,500

Duais COGG

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí – €2,000

Duais an Fhorais Pátrúnachta

Sult na Sollán, Cill Dara – €1,000

Duais Chonradh na Gaeilge

Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí – €1,000

Duais do na Coistí Deonacha is Fearr – €1,500 an ceann

Cúige Uladh – Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall
Cúige Chonnacht – Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Cúige Mumhan – Glór na nGael Chlochán Bhréanainn, Co. Chiarraí
Cúige Laighean – Sult na Sollán, Cill Dara

Iontráil Nua is fearr

Comhaltas Cosanta Chúil Aodha, Co. Chorcaí – €1,000

Gradam Ghlór na nGael

Helen Ó Murchú agus Bláthnaid Ó Brádaigh


Cuireadh chúig choiste chun cinn don dara moltóireacht – sin iad:

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí; Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall; Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire; Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste; Cairde Teo., Ard Mhacha.

Fág freagra ar 'COMÓRTAS GHLÓR NA nGAEL: Liosta na mbuaiteoirí a bhfuil €80,000 le roinnt eatarthu'