Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2015

Bhí ríméad ar fhoirne díospóireachta ó Bhaile Átha Cliath agus ón Daingean aréir nuair a roghnaíodh mar churaidh iad ag an gcéad Chraobh Réigiúnach de chuid Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2015, a bhí ar siúl i gCaiseal Mumhan. I gcomórtas na Sóisear, chuaigh foirne ó Mheánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, […]

Foireann Choláiste Íde, An Daingean, (ó chlé) Aoife Nic Bhloscaidh, Róisín Ní Bheagáin agus Aoife Nic Innreachtaigh, in éineacht lena múinteoir, Caitlín Ní Bheaglaoich

Bhí ríméad ar fhoirne díospóireachta ó Bhaile Átha Cliath agus ón Daingean aréir nuair a roghnaíodh mar churaidh iad ag an gcéad Chraobh Réigiúnach de chuid Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2015, a bhí ar siúl i gCaiseal Mumhan.

I gcomórtas na Sóisear, chuaigh foirne ó Mheánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Átha Cliath mar aon le Gaelcholaiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí,  i ngleic leis an rún ‘Ba cheart do gach Éireannach óg tamall a chaitheamh ar imirce!’

Bhí neart le rá ag na cainteoirí óga ar chaon taobh den argóint, agus iad uilig ullmhaithe go hiontach ag a gcuid múinteoirí!

Bhí díospóireacht bhreá bhríomhar eile ansin i measc na bhfoirne sinsearacha ó Choláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Baile Átha Cliath agus arís eile,Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath agus Gaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh.

Phléigh na cainteoirí seo an t-ábhar tráthúil  ‘Tá íosphá náisiúnta na hÉireann ró-íseal!’

Ba léir go raibh an-taighde déanta ag na foirne agus cuireadh tuairimí láidre ó gach taobh os comhair an lucht éisteachta mór a bhí i láthair.

Bhain na cainteoirí ar fad a bhí páirteach san ócáid ardchaighdeán díospóireachta amach agus bronnadh gradaim aitheantais orthu uilig.

Bhí jab deacair le déanamh ag na moltóirí na buaiteoirí a roghnú, ach ar deireadh, fógraíodh go mbeadh na foirne díospóireachta seo a leanas ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir 2015:

Roinn na Sóisear

Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean

Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath

Roinn na Sinsear

Coláiste Íde, An Daingean

Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath

 

Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo.

Is é seo an chéad ócáid as péire ag a roghnófar na foirne a rachaidh san iomaíocht ag Craobh na hÉireann 2014.  Reáchtálfar an dara craobh réigiúnach ar an Déardaoin, 11 Nollaig i mBaile Átha Cliath.

I mí Eanáir a bheidh an babhta deireanach den chomórtas ar siúl.

Coláiste Eoin
Micheál Ó Grálaigh, Jack Lewis agus Conal Mac Dhonnagáin ó Choláiste Eoin