Comórtas clár raidió buaite ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Chuir thart ar 20 scoil isteach ar an gcomórtas a reáchtáil RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba é clár Phobalscoil Ghaoth Dobhair a roghnaíodh sa chéad áit

Comórtas clár raidió buaite ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Scoláirí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaigh Comórtas Clár Raidió a d’eagraigh RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ba iad RTÉ Raidió na Gaeltachta a reáchtáil an comórtas i gcomhar le Foras na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018 agus bronnadh duais €1,000 ar na buaiteoirí ar an chlár Barrscéalta an tseachtain seo.

Ba iad Máire Ní Ghairbheith, Seosamh Mac Aoidh, Daithí Mac Roibeaird, Aifric Nic Niallais, Eoghan Ó Lorcáin, Clodagh Ní Ghallchóir, Caoimhe Nic Pháidín, Deirdre Ní Chumhaill, Roisín Ní Ghallchóir agus Gráinne Ní Ghallchóir a chuir an clár, dar teideal ‘Ár Scoil, Ár bPobal, i mBliain na Gaeilge’, le chéile.

Sa chlár, cuireadh leithéidí an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh TD agus Dónall Ó Cnáimhsí faoi agallamh maidir le cúrsaí pleanála teanga sa cheantar.  Labhair Kevin Cassidy agus Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpaig ar an mbliain iontach a bhí ag peileadóirí Ghaoth Dobhair agus rinne Eoghan Mac Giolla Bhríde cur síos ar chúrsaí drámaíochta sa cheantar.

Agus é ag fógairt an bhuaiteora, dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go raibh a mbua tuillte go maith ag daltaí Ghaoth Dobhair.

“Sheas an clár le daltaí Phobalscoil Ghaoth Dobhair amach ar roinnt cúiseanna. Bhí sé an-slachtmhar mar chlár, an-ghairmiúil.  Bhí sé suntasach go raibh an clár fréamhaithe go domhain sa phobal acu, agus gur labhair siad le réimse leathan daoine ar fud an cheantair. Lena chois sin, bhí an láithriú an-nádúrtha go deo. Tá an duais tuillte go maith acu, agus tréaslaím a mbua leo,” arsa Mac Donncha.

Bhain cúig cinn de na scoileanna, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal; Coláiste Ghobnait, Inis Oírr; Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach; Coláiste na bPiarsach, Ros Muc; agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair áit amach ar ghearrliosta an chomórtais.

Fág freagra ar 'Comórtas clár raidió buaite ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair'