COMÓRTAS! ‘Áilleacht Chonamara’ le buachan!

Tá comórtas breá againn daoibh inniu agus seans ag ár léitheoirí ar a sciar féin de ‘Áilleacht Chonamara’ a bhreith leo!

SeanMannion-1428_BeagIs é is ‘Áilleacht Chonamara’ ann ná sraith de sé phrionta mhóra ar pháipéar síoda speisialta leis an ngrianghrafadóir, Seán Ó Mainnín.

Tá radharc ar leith de thírdhreach Chonamara le feiceáil ar gach prionta sa tsraith seo atá le seoladh go luath ag an Mainníneach.

Ar ndóigh, beidh aithne agaibh ar Sheán mar ghrianghrafadóir agus Eagarthóir Pictiúr le Tuairisc.ie. Ach nuair nach mbíonn sé sa tóir ar an Taoiseach nó ag glacadh pictiúr ag imeachtaí ar nós Chomórtas Peile na Gaeltachta, is é an rud is ansa le Seán ná a bheith sa tóir ar sholas na gréine ar chladaí Chois Fharraige, ar bhruach linne nó ar bharr na mBeanna Beola.

Seolfar ‘Áilleacht Chonamara’ go luath ach seo deis do leitheoirí Tuairisc.ie an tsraith speisialta seo – ar fiú €90 é – a bhuachan.

Chun cur isteach ar an gcomórtas seo, níl le déanamh ach clárú le Nuachtlitir Tuairisc.ie anseo. Éinne a chláraigh do Nuachtlitir Tuairisc.ie roimhe seo, tá sibh istigh ar an gcomórtas cheana.

Fág freagra ar 'COMÓRTAS! ‘Áilleacht Chonamara’ le buachan!'