Comóradh i dTithe an Oireachtais ar Liam Ó Rinn, óglach agus aistritheoir

Scríbhneoir agus aistritheoir ón mBaile Bocht i mBaile Átha Cliath a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca a bhí i Liam Ó Rinn a thug blianta ag obair i Rannóg an Aistriúcháin

Comóradh i dTithe an Oireachtais ar Liam Ó Rinn, óglach agus aistritheoir

Ar chúl: Joseph Monks, Ian Ó Caoimh, Lorcán Mac Meanmain, Cillian Ó hAinfidh, Dara Binéid, Ailín Ó Súilleabháin, Brenda Ní Ghairbhí, Seán Mac Cathail Riabhaigh, Dearbhla Bailey, Maree Ní Ghruagáin. Chun tosaigh: Pauline Uí Rinn (máthair an Ard-Mhéara), Niall Ó Rinn (Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath), Heléin Uí Chrualaoich (iníon le Liam Ó Rinn), Liz Uí Thiarnaigh (gariníon le Liam Ó Rinn), Vivian Uíbh Eachach (An Príomh-Aistritheoir), Maeve Eason (Príomh-Aistritheoir Cúnta), Justin Ó Scanaill

Rinneadh comóradh i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo ar Liam Ó Rinn, an scríbhneoir agus aistritheoir ón mBaile Bocht i mBaile Átha Cliath a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca. Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a d’eagraigh an ócáid.

D’fhoghlaim sé an Ghaeilge i ranganna de chuid Chonradh na Gaeilge nuair a bhí sé óg agus thosaigh sé féin ag ag obair in ardoifig an Chonartha sa bhliain 1907.

Thug sé tréimhsí i gcarcair in Frongoch na Breataine Bige agus i gCampa Bhaile Coinnleora i gContae an Dúin. Sa bhliain 1924, i ndiaidh dó seal a thabhairt ag obair don Freeman’s Journal, fuair sé post mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. D’oibrigh sé sa rannóg go dtí gur cailleadh é sa bhliain 1943 agus bhí lámh aige ina forbairt agus i bhforbairt an leagain oifigiúil scríofa den Ghaeilge a bhíodh á úsáid sa rannóg.

Ina measc siúd a labhair ag an ócáid, bhí Heléin Uí Chrualaoich, iníon le Liam Ó Rinn, agus Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Niall Ó Rinn agus Vivian Uíbh Eachach, An Príomh-Aistritheoir. Thagair Uíbh Eachach don “oidhreacht luachmhar” a d’fhág Liam Ó Rinn agus a chomhghleacaithe ag Rannóg an Aistriúcháin agus don “leagan forásach nuaaimseartha den Ghaeilge a d’fhorbair siad le haghaidh na reachtaíochta agus na húsáide oifigiúla”.

Fág freagra ar 'Comóradh i dTithe an Oireachtais ar Liam Ó Rinn, óglach agus aistritheoir'