Beidh na maithe agus na móruaisle ag imeacht amárach, beidh an dinnéar clabhsúir anocht blasta, beidh ábhar machnaimh ag cách agus beidh tuiscint nua ag roinnt ar an tseoid a deonaíodh dúinn cúig bliana fichead ó shin. Is i ndiaidh na cainte a bheidh na cruacheisteanna le sárú.
An spreagfaidh na himeachtaí sa bhaile agus i gcéin i gcuimhne ar shíniú an chomhaontaithe ar an 10 Aibreán 1998 polaiteoirí Thuaisceart Éireann agus an dá rialtas chun gnímh? An ndéanfar rud ar an iarSheanadóir Meiriceánach, George Mitchell, cathaoirleach na gcainteanna as ar eascair an Comhaontú? ‘Ná ligigí buntáistí na síochána le sruth’ ar sé is é ag agairt ar pholaiteoirí an lae inniu a bheith chomh misniúil críonna is a bhí a réamhtheachtaithe 25 bliain ó shin.
B’fhiú go mór an comóradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta a rinneadh le linn chuairt an Uachtaráin Joe Biden an tseachtain seo caite agus le linn na comhdhála an tseachtain seo in Ollscoil na Ríona. Bhí gá leis an léiriú tacaíochta óir ba iad cáineadh an mhionúir nó soiniciúlacht faoin gComhaontú ba mhó a bhí le clos le tamall i bhfianaise na bhfadhbanna polaitiúla. Chothaigh siad lagmhisneach nó patuaire chontúirteach.
Thug na comhdhálacha agus an comóradh ról na bpríomhaisteoirí chun cuimhne chomh maith le léargas a thabhairt do ghlúin úr ar chomh stairiúil mar éacht is a bhí an Comhaontú, agus an géarghá atá lena chaomhnú agus lena fhorbairt.
Bhí suim sna pearsana móra a bhí anseo le roinnt laethanta, iarUachtarán Mheiriceá Bill Clinton, an t-iar-Rúnaí Stáit Meiriceánach, Hilary Rodham Clinton, Seansailéir Ollscoil na Ríona a bhí ina stiúrthóir ar an gcomhdháil, Tony Blair iarPhríomh-aire na Breataine agus an t-iarThaoiseach Bertie Ahern, ach ba é George Mitchell, atá 92, réalta na n-imeachtaí.
Ba é a aitheasc an chéad óráid a thug sé ó buaileadh le leoicéime é trí bliana ó shin agus an ceann deiridh, deirtear. Ba léir go raibh a chroí istigh sa Chomhaontú, ina chuid deiseanna, na deiseanna a chuirfeadh sé ar fáil dá bhfeidhmeofaí go héifeachtach é.
Ach an oiread leis an Uachtarán Biden níor ainmnigh sé an DUP is níor iarr sé orthu go díreach éirí as a mbaghcat agus na hinstitiúidí polaitiúla a athbhunú. Ba iad a bhí i gceist, áfach, nuair a d’achainigh sé ar cheannairí an lae inniu a bheith cróga, críonna agus gan géilleadh do lucht an 100%.
Teastaíonn cead a gcinn an t-am ar fad, faoi gach rud, ó lucht an 100%, ar sé. Ceapann siad gur chomhartha laige é an comhghéilleadh, a dúirt sé, ach tá an comhghéílleadh riachtanach i sochaí dheighilte agus is léiriú é ar luachanna an daonlathais.
Chuaigh a chuid cainte i bhfeidhm go mór ar na toscairí a bhí i láthair agus go leor a bhí ag faire ar líne ach dúirt feisire an DUP, Ian Paisley nach raibh aiféala air gur vótáil sé in aghaidh an Chomhaontaithe. Mar sin féin, shíl sé go mb’fhéidir go mbeadh na hinstitiúidí polaitiúla riachtanach chun an t-aontas leis an mBreatain a chaomhnú.
Athnuachan a bhí mar théama ar an dara lá den chomhdháil, le teachtaireacht ar fhís ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres. Phléigh painéal idirnáisiúnta, ar a raibh an t-iar-uachtarán Mary Robinson agus Maroš Šefčovič, LeasUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus aíonna mór le rá eile a bhí ag an gceiliúradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, an comhaontú mar eiseamláir do phróisis síochána eile. Ina theannta sin, bhí seisiún le ceannairí na bpáirtithe logánta agus phléigh painéil eile oidhreacht na dTrioblóidí agus ceisteanna na gceart.
Beidh suim mhór ina mbeidh le rá ag aíonna inniu faoin téama ‘Athshamhlú’ agus béim ar fhorbairt an gheilleagair. Beidh toscaire eacnamaíochta Mheiriceá Joe Kennedy i measc na gcainteoirí. Tá an tseachtain ó tháinig sé leis an Uachtarán Biden caite aige ag bualadh le lucht gnó agus ionadaithe pobail.
An gcuirfidh an toscaire Kennedy feoil ar chnámha na leide a thug an tUachtarán Biden faoi infheistíocht i dTuaisceart Éireann dá mbeadh seasmhacht pholaitiúil abhus? Agus Charles Michel, ceannaire Chomhairle na hEorpa agus Ursula Von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i measc na gcainteoirí tráthnóna, pléifear gan dabht na buntáistí a d’fhéadfaí a bhaint as an rochtain ar mhargadh na Ríochta Aontaithe agus margadh an Aontais Eorpaigh araon.
Beidh spéis ar leith sa mbeirt atá atá ag caint sula gcuirfear clabhsúr oifigiúil ar chúrsaí. Is iad sin an Taoiseach, Leo Varadkar a bhfuil seal 15 nóiméad aige cainte aige, Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine atá ag caint díreach ina dhiaidh.
Thug an chomhdháil chun cuimhne chomh dlúth is a bhí an comhoibriú idir an Bhreatain agus Éirinn i 1998, idir Blair agus Ahern. Ba mhór ag a lán comhoibriú agus comhstraitéis idir Varadkar agus Sunak nó ar a laghad go bhfógróidís plean inniu chun tabhairt faoin obair.
Fág freagra ar 'Comóradh an Chomhaontaithe thart, misneach, gaois agus plean de dhíth'