Comhréiteach molta ag Sober Lane ar chonspóid The Flying Enterprise i gCorcaigh

Sa ráiteas ar Facebook dúirt lucht bainistíochta Sober Lane, teach tábhairne atá sa cheantar céanna leis An Flying Enterprise, go bhfacthas dóibh gur ghá ‘ról an tsíochánaí’ a ghlacadh chucu féin sa chonspóid faoi theanga oibre an bheáir agus na bialainne

Comhréiteach molta ag Sober Lane ar chonspóid The Flying Enterprise i gCorcaigh

Tá gnólacht ar Ché Uí Shúilleabháin i gCorcaigh, an áit ina bhfuil an eagraíocht Ghaeilge Gael-Taca agus an teach tábhairne The Flying Enterprise lonnaithe, ag  iarraidh ar an dá dhream teacht ar chomhréiteach maidir leis an aighneas faoi chás Chormaic Uí Bhruic, an fear óg Gaeltachta a d’éirigh as a phost mar bhainisteoir in The Flying Enterprise nuair a dúradh leis gan Gaeilge a labhairt sa láthair oibre.

“Tá beirt dár gcuid comharsan in adharca a chéile,” a d’fhógair an teach tábhairne Sober Lane ar a leathanach Facebook ar maidin, agus iad ag moladh go ndéanfaí iarracht teacht ar chomhréiteach. Bhí lucht an tí tábhairne ag tagairt don agóid faoi chás Uí Bhric a bhí ag Gael-Taca taobh amuigh den Flying Enterprise ag an deireadh seachtaine.

Sa ráiteas ar Facebook dúirt lucht bainistíochta Sober Lane go bhfacthas dóibh gur ghá “ról an tsíochánaí” a ghlacadh chucu féin agus mhol siad go n-oibreodh na trí ghnólacht as lámh a chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge.

“Iarraimis ar Ghael-Taca an ócáid a chomhordú agus cabhrú linn teagmháil a dhéanamh le pobal Gaeilge Chorcaí. Bíodh imeachtaí, cainteanna, amhráin agus rince againn in The Flying Enterprise, Sober Lane agus áit ar bith eile ar mhian leo páirt a ghlacadh.

“Cuirimis ár gcroí isteach ann agus karaoke Gaeilge, comórtais rince Riverdance, cóisir coláiste Gaeltachta, ceachtanna béarlagair Gaeilge agus eile a bheith againn,” a scríobhadh sa teachtaireacht.

Maítear go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a thaithíonn an ceantar ó aistríodh Oifig na Cánach ón áit agus go gcaithfidh na gnólachtaí atá ann tarraingt le chéile. “Cairde maithe” a bhí i The Flying Enterprise agus Gael-Taca araon i gcaitheamh na mblianta, a deir lucht Sober Lane.

“Bhí an t-ádh orainn imeachtaí agus ócáidí tiomsaithe airgid de chuid Ghael-Taca a óstáil, agus níor fhág The Flying Enterprise ar an trá fholamh riamh sinn nuair a bhí ganntanas leac oighir, sóinseála nó stoic ann,” a scríobhadh.

Dúradh go raibh “a dhóthain achrainn” sa saol agus nach bhfuil aon neart anois ann ar an méid a tharla an tseachtain seo caite ach dul i dtreo an athmhuintearais.

“Déanaimis cinnte gur ag caint seachas ag picéadú a bheimis an chéad uair eile agus gur téacs a sheolfaimis in áit preasráitis. Is comharsana muid, bíodh an chuma sin air, agus tarraingimis ár gcairde, ar gcustaiméirí agus ár lucht tacaíochta uile le chéile ar bhóthar seo an athmhuintearais agus craic!” a scríobhadh ag deireadh na teachtaireachta.

Dúirt urlabhraí de chuid Ghael-Taca le Tuairisc.ie go mbeadh cruinniú boird ar siúl anocht ag an eagraíocht agus go bpléifear moltaí Sober Lane ansin.

Ní raibh fáil ar urlabhraí ó The Flying Enterprise.

Idir an dá linn, d’éiligh Conradh na Gaeilge agus Sinn Féin go ndéanfaí an reachtaíocht um chomhionannas a leasú ionas go mbeadh cead ag fostaithe an Ghaeilge a úsáid sa láthair oibre.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go gcaithfidh an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasaithe) a fhoilsiú “gan mhoill” agus “go leor eile a chur i gcrích ionas nach dtarlódh a leithéid seo arís”.

Mhaígh an Conradh gur cheart go mbeadh an chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga a leithéid de chás a iniúchadh.

Fág freagra ar 'Comhréiteach molta ag Sober Lane ar chonspóid The Flying Enterprise i gCorcaigh'

  • Feardorcha

    Conradh na Gaeilge? Cén bhaint atá acu siúd leis – nach eagraíocht do Bhaile Átha Cliath amháin iad siúd?

  • Críostóir

    Eagraíocht náisiúnta atá ann. Seo an chúram atá orthu. Ardú feasachta.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Ní raibh fáil ar urlabhraí ó The Flying Enterprise.’

    An bhfuil siad ag diúltú comhoibriú?…beidh le feiceáil.

    ‘Maítear go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a thaithíonn an ceantar ….. agus go gcaithfidh na gnólachtaí atá ann tarraingt le chéile.’

    Agus nach mbeadh sé ina bhuntáiste daofa uilig dá mbeadh meas acu ar ár dteangaidh dúchais agus dá gcuifí fáilte roimpi in áit bheith a cáineadh agus ag diúltú do dhaoine í a labhairt?