Comhrac is coimhlint agus forlámhas na bhfear sa scannán a sháinnigh Matt Damon i nDeilginis.

Scannán suimiúil é ‘The Last Duel’ le téamaí tábhachtacha agus taispeántais bhreátha ach ní bheidh sé á áireamh ar mhóshaothair Matt Damon ná Ridley Scott

Comhrac is coimhlint agus forlámhas na bhfear sa scannán a sháinnigh Matt Damon i nDeilginis.

The Last Duel
Stiúrthóir: Ridley Scott
Cliar: Matt Damon, Adram Driver, Judie Comer, Ben Affleck

Is liosta le háireamh é na taispeántais bhreátha atá tugtha ag Matt Damon uaidh i gcaitheamh na mblianta: The Martian (2015), Behind the Candelabra (2013), Invictus (2009), The Departed (2006), Good Will Hunting (1997). Ba scannáin mhór-ráchairte iad siúd agus bhuanaigh a róil sna cnuasaigh Ocean agus Bourne a cháil chomh maith.

Ba é saothar Mars an chéad uair ag Damon i mbun comhghuaillíochta le Ridley Scott, an draoi a bhí ar an stiúir do shárshaothair cosúil le Alien (1979), Blade Runner (1982), Thelma & Louise (1991) agus Gladiator (2002). Ní hionadh mar sin go raibh uisce le fiacla nuair a chualathas go rabhadar le dul i mbun oibre ar The Last Duel, saothar a thugann Scott chuig ceann de na seánraí is ansa leis; claimhte is cogaí an domhain mheánaoisigh is chlasaicigh. Ba é an scannán seo ba chúis le Damon is a theaghlach a bheith sáinnithe i nDeilginis i mBaile Átha Cliath i rith na dianghlasála. 

Tá an scannán bunaithe ar leabhar den teideal céanna le Eric Jager. Tá an scéal lonnaithe sa  bhFrainc sna meánaoiseanna agus an Cogadh Céad Bliain faoi lán seoil. 

Is cairde agus saighdiúirí cróga iad Jacques Le Gris (Driver) agus Jean de Carrouges (Damon). Sa chéad chuid den scannán déantar sin a theilgean trí eachtraí is cogaí éagsúla na linne le léiriú a thabhairt ar chonair saoil na beirte. 

Taibhsítear dúinn gur fear é Jean atá níos mó ar a chompord ar pháirc an áir ná ar pháirceanna a thailte. Fear cróga agus prionsabálta go pointe ach duine cantalach, grod agus mórchúiseach. Cuireann sé an conach ar mhórán, an tiarna áitiúil Pierre d’Alençon (Affleck), go háirithe. Tagann cúrsaí go cnámh na huillinne nuair a chuireann Jean an dlí air le greim a fháil ar phaiste talún a bhí geallta dó i spré a mhná céile, Marguerite (Comer).

Teipeann air agus cailleann sé amach ar ghradam muintire ba cheart a bheith fágtha le huacht aige. Ag an am céanna tá Jacques an-leagtha le Pierre agus dul chun cinn sa saol á dhéanamh aige dá réir, in ainneoin nach de phór uasal é. Go deimhin bronnann Pierre gradam mhuintir Jean air. Tá an t-olc ar Jean agus an chloch sa mhuinchille aige dá sheanchompánach.  

I ndiaidh do Jean filleadh ó cheann dá iliomad ruathair chogaidh insíonn Marguerite dó gur dhein Jacques í a éigniú. Iarrann Jean ar an Rí Séarlas VI comhraic aonair a cheadú le go bhféadfadh sé a chlú, agus clú a mhná céile a chosaint. Ba é sin an comhrac aonair oifigiúil deiridh sa Fhrainc. Ag fíorthús an scannáin címid an bheirt ag tiargáil chun comhraic.

Ansin insítear an scéal go dtí sin i dtrí chaibidil, trí shlí dhifriúla, trí shúile an triúir seo. Jean ar dtús, ansin Jacques agus ar deireadh thiar Marguerite. Baineann seo macalla beag as an tslí go raibh triúr sa mheitheal a dhein an script a sholáthar: Matt Damon, Ben Affleck agus Nicole Holofcener.

Ní nach ionadh tá difríochtaí móra idir an léamh a dhéanann an triúr ar eachtraí. Jean lán den mhór is fiú is den tuiscint gur duine uasal é amach is amach a bhfuil feall á dhéanamh air de shíor. Jacques den tuairim go bhfuil sé iomlán neamhchiontach in ainneoin go bhfuil radharc brúidiúil éignithe ina chaibidil siúd. Sé léamh Marguerite an ceann is suaite agus is suimiúla; trácht ar fhorlámhas na bhfear agus cos ar bolg na mban. Gan aon seasamh dlí ag an mbean ach amháin mar shealúchas a fir.

Jean uasal ag troid ar son a chlú féin seachas ar mhaithe lena bhean, is cuma leis gur bás foréigneach atá i ndán di siúd má chailleann sé. Téamaí sollúnta cinnte, ach bhraitheas nár oibrigh cur chuige na gcaibidlí; an iomarca den athrá, an scéal ag imeacht ar bóiléagar. 

Taispeántais chumasacha ón dtriúr ceann feadhna agus baineann Affleck súp thar na bearta as a ról mar an tiarna drabhlásach, deisbhéalach atá ar bharr na gaoithe. Sé an comhrac deiridh buaicphointe an scannáin agus bíonn tú ar cipíní ó thús deireadh. É foréigneach, réalaíoch, gránna. 

Scannán suimiúil le téamaí tábhachtacha agus taispeántais bhreátha ach ní bheidh sé á áireamh ar mhórshaothair Damon agus Ridley. 

Fág freagra ar 'Comhrac is coimhlint agus forlámhas na bhfear sa scannán a sháinnigh Matt Damon i nDeilginis.'