Comhlachtaí Gaeltachta níos mó i mbaol ón mBreatimeacht crua ná aon chomhlachtaí eile

D’fhéadfadh comhlachtaí Gaeltachta 1,000 post a chailleadh mar thoradh ar an mBreatimeacht crua, gan trácht ar thionchar na paindéime Covid-19

Comhlachtaí Gaeltachta níos mó i mbaol ón mBreatimeacht crua ná aon chomhlachtaí eile

D’fhéadfadh go mbeadh comhlachtaí sa Ghaeltacht buailte níos measa ag an mBreatimeacht ná comhlachtaí lasmuigh di de réir anailís atá déanta ag Roinn na Gaeltachta.

Agus cuid mhaith de chomhlachtaí na Gaeltachta ag brath go mór ar an mBreatain ó thaobh easpórtálacha agus earraí a thabhairt isteach, deirtear go mbeadh tionchar “suntasach” ag Breatimeacht crua orthu. Ina ainneoin sin, níl go leor de na comhlachtaí céanna ullmhaithe don Bhreatimeacht.

Deirtear sa tuarascáil go bhféadfadh go mbeadh tionchar ar leith ag an mBreatimeacht ar chúrsaí fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta, ceantair atá faoi mhíbhuntáiste cheana féin i gcomparáid leis an gcuid eile den tír.

Rinne an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán measúnú ar thionchar an Bhreatimeachta agus na paindéime ar Údarás na Gaeltachta agus a chliantchomhlachtaí mar chuid d’athbhreithniú caiteachais na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Deirtear sa tuairisc go raibh Údarás na Gaeltachta ag obair le cliantchomhlachtaí chun ullmhú don Bhreatimeacht ach nár bhain go leor acu leas as an tacaíocht atá curtha ar fáil dóibh. Mar bharr air sin, tá paindéim an Covid-19 anois tar éis cur isteach go mór ar aon phleanáil a bhí ar bun.

De réir suirbhé a rinneadh mar chuid den mheasúnú, níor chuir 82% de chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta isteach ar aon scéim tacaíochta Breatimeachta agus thug 53% le fios nach raibh siad ar an eolas go raibh a leithéid de scéimeanna ar fáil.

Deirtear sa tuairisc go bhféadfadh gur easpa foirne is cúis le cinneadh comhlachtaí gan leas a bhaint as na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil.

Níos lú ná deichniúr atá ag obair in 85% de chliantchomhlachtaí an Údaráis agus d’fhéadfadh go mbeadh na comhlachtaí beaga sin i mbaol níos measa ó thionchar eacnamaíochta an Bhreatimeachta agus na paindéime Covid-19.

Measadh go raibh seans ann nach raibh an fhoireann ná an saineolas ag go leor de na comhlachtaí sin chun leas a bhaint as na scéimeanna a bhí curtha ar fáil ag an Rialtas.

Tá breis agus 8,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ach, de réir anailís an Údaráis féin, d’fhéadfadh comhlachtaí Gaeltachta suas le 1,000 post a chailleadh mar thoradh ar Bhreatimeacht crua. Fágann paindéim an Covid-19 go bhfuil tuilleadh brú orthu anois.

I mí an Mhárta, bhí ar chomhlachtaí Gaeltachta scaoileadh le breis agus ceithre scór duine ar bhonn sealadach de bharr na paindéime. Comhlachtaí beaga, ina raibh níos lú ná deichniúr ag obair iontu, is mó a bhí buailte sa chás sin.

Dúirt 32% de na comhlachtaí a d’fhreagair suirbhé go raibh siad ag súil le laghdú idir 50-100% ar a láimhdeachas i mbliana.

D’fhág na deacrachtaí sin nach raibh comhlachtaí in ann díriú ar na hullmhúcháin don Bhreatimeacht mar a bhí beartaithe acu.

Léiríodh sa tuairisc nua go raibh éiginnteacht ann i measc na gcomhlachtaí Gaeltachta go fóill faoi céard a bheadh i ndán dóibh faoin mBreatimeacht.

Dúirt 23% de na comhlachtaí nach raibh a fhios acu cén tionchar a bheadh ag an mBreatimeacht orthu agus mheas 48% nach mbeadh aon tionchar aige orthu.

Dúradh go raibh na torthaí sin nach mór mar a chéile le suirbhé eile a rinneadh in 2018, rud a chuir iontas ar lucht na tuarascála nua, go háirithe agus an Breatimeacht ar tí tarlú ar an 31 Nollaig 2020.

Deirtear nach bhfuil mórán fiúntais anois le tacaíochtaí breise a chur ar fáil chun comhlachtaí a ullmhú don Bhreatimeacht agus gurbh fhearr d’Údarás na Gaeltachta anois díriú ar thacaíochtaí a bheidh ag teastáil do chomhlachtaí tar éis na Breatimeachta.

Deirtear gur fadhb mhór í an easpa ó thaobh leathanbhanda agus infreastruchtúr digiteach sna ceantair Ghaeltachta, go háirithe agus comhlachtaí ag iarraidh dul i ngleic le dúshláin an Bhreatimeachta agus phaindéim an Covid-19.

Luaitear Gaeltacht Dhún na nGall go háirithe mar áit a bheadh in ann comhlachtaí a mhealladh thar an teorainn ó Thuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta ach feabhas a chur ar chúrsaí leathanbhanda sa chontae.

Fág freagra ar 'Comhlachtaí Gaeltachta níos mó i mbaol ón mBreatimeacht crua ná aon chomhlachtaí eile'