Comhlacht nua bunaithe chun oidhreacht bhéaloidis na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn

Is é príomhchuspóir Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann an mórphobal a chur ar an eolas faoi Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus a suim ann a mhúscailt.

N15022
Cathal Goan, Cathaoireach Fhondúireach Bhéaloideas Éireann, Kelly Fitzgerald, ball de Bhord na Fondúireachta agus Léachtóir le Béaloideas, agus Ríonach Uí Ógáin, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus ball de Bhord na Fondúireachta

Tá comhlacht nua, Fondúireacht Bhéaloideas Éireann, bunaithe ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chun Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus oidhreacht bhéaloidis na hÉireann a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn.

Bunaíodh an mac-chuideachta, a bhfuil stádas carthanais aige, le tacaíocht ón bhfoireann aistrithe teicneolaíochta agus forbartha fiontraíochta sa Choláiste, NovaCOBÁC.

Tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann ar cheann de na cnuasaigh bhéaloidis is mó ar domhan agus níl a leithéid de bhailiúchán le fáil áit ar bith eile fud fad na cruinne.

Dúirt Ríonach Uí Ógáin, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus ball d’Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann, gurb é príomhchuspóir na Fondúireachta ná an mórphobal a chur ar an eolas faoin gCnuasach agus a suim ann a mhúscailt.

“Ceann de na príomhaidhmeanna le Fondúireacht Bhéaloideas Éireann a bhunú is ea le haird an phobail ar Bhéaloideas Éireann a chur chun cinn agus a spéis ann a mhéadú.”

Dúirt Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann freisin go mbaileofar airgead tríd an bhFondúireacht a chabhróidh leis an gCnuasach a chur chun cinn mar acmhainn náisiúnta.

“Beidh muid feasta in ann ábhar nua béaloidis a aimsiú, a bhailiú, a thabhairt le chéile, a chaomhnú agus taighde a dhéanamh air. Beifear in ann ábhar nua agus ábhar reatha a fhoilsiú agus a scaipeadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, trí Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann,” a dúirt Ríonach Uí Ógáin.

Dúirt Cathal Goan, Cathaoirleach Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann, go gcothóidh bunú Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann caidreamh le fondúireachtaí agus iontaobhais eile atá ann cheana.

“Dá réir sin, beifear ábalta oidhreacht shaibhir bhéaloidis na hÉireann a roinnt le lucht éisteachta agus lucht féachana leathan go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta,” a dúirt Goan.

Tháinig an Cnuasach le hoidhreacht i 1970 ó Choimisiún Béaloideasa Éireann agus táthar ag leanacht le misean an Choimisiúin i gcónaí agus ag cur leis an gCnuasach. Bhunaigh Éamon de Valera Coimisiún Béaloideasa Éireann i 1935 agus is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, éarlamh Chnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.

Tá suas le trí mhilliún leathanach de lámhscríbhinní cnuasaithe ann; an t-ábhar bailithe ó 100,000 duine; agus 10,000 uair an chloig de thaifeadtaí fuaime, 70,000 grianghraf agus 1,000 uair an chloig d’fhíseáin.

Dúirt Brendan Cremen, Stiúrthóir Fiontraíochta agus Tráchtálaithe na hOllscoile, go bhfágfaidh bunú an mhac-cuideachta go mbeidh tuiscint níos doimhne ag daoine ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann, go háitiúil agus ar fud an domhain.

– Tuilleadh eolais: https://www.ucd.ie/irishfolklore/ga/

Fág freagra ar 'Comhlacht nua bunaithe chun oidhreacht bhéaloidis na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn'