Comhlacht nua ag tabhairt faoi fheilm ghaoithe na Sceirde

Corio Generation seolta ag comhdháil fuinneamh gaoithe in Bilbao le feilm na Sceirde a fhorbairt ach an maoiniú ag teacht ón dream céanna

Comhlacht nua ag tabhairt faoi fheilm ghaoithe na Sceirde

Comhlacht nuabhunaithe a bheidh i gceannas ar fhorbairt fheilm mhór ghaoithe ar charraigeacha na Sceirde, naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara, ceann de na forbairtí is mó a beartaíodh riamh sa Ghaeltacht.

Corio Generation atá tugtha ar an gcomhlacht seo a ghlacfaidh ceannas ar a bhfuil ar siúl i dtaobh giniúint cumhachta ón ngaoth ag an gcomhlacht Green Investment Group (GIG). Is iad McQuarrie, banc as an Astráil, an fhoinse airgid atá ag Green Investment Group agus atá freisin ag Corio Generation. 

Ba é Green Investment Group a bhí ag plé le forbairt fheilm ghaoithe na Sceirde go dtí seo ach tá cinneadh déanta go dteastaíonn comhlacht ar leith le tionscal na cumhachta ar muir a chur chun cinn. 

Seoladh an comhlacht ag comhdháil bhliantúil Fuinneamh Gaoithe na hEorpa in Bilbao na Spáinne inné. 

Beidh an comhlacht nua seo, Corio Generation, ag plé feasta le pleananna a réiteach le méadú ollmhór a dhéanamh ar an lear fuinnimh a chuirfear ar fáil as muilte gaoithe amach ó chósta thíortha éagsúla. Ar na réigiúin atá i gceist aige, tá an Ríocht Aontaithe, Éire, Críoch Lochlann, an Téaváin, an Chóiré, an tSeapáin, an Astráil, Meiriceá agus oirdheisceart na hÁise. I Londain agus i nDún Éideann a bheidh príomhoifigí Corio Generation. 

Tuigtear nach gcuirfidh an t-athrú tráchtála seo aon bhlas as don fheilm ghaoithe atá á beartú ar charraigeacha na Sceirde. Dúirt foinsí atá sa ngnó gurb é an ciste céanna airgid atá i gceist, Banc MacQuarrie, agus go bhfuiltear ag brú chun cinn leis an tionscnamh siar ó chósta Chonamara. 

Infheistíocht de €1 billiún beartaithe san fhuinneamh gaoithe amach ó chósta Chonamara

Beidh iarratas ar cheadúnas le staidéar a dhéanamh ar ghrinneall na farraige thart ar charraigeacha na Sceirde ar an gcéad bheart mór eile a bheidh le réiteach ag Corio Generation. Teastaíonn an ceadúnas seo chun eolas agus tuiscint a fháil ar nádúr na gcarraigeacha faoi thoinn. Caithfear na crainnte gaoithe a chur síos go domhain agus iad a dhaingniú i ngrinneall na mara. 

Déanfar an t-iarratas sin ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta  mar is faoina scáth siúd atá cúraimí an chladaigh faoi láthair go dtí go mbeidh Údarás Rialála Limistéir Mhuirí [MARA], an t-údarás nua do chúrsaí mara, tagtha i mbun a chúraimí. Gheall an tAire Eamon Ryan go mbeadh MARA ag feidhmiú ó 2023.

Chuig an mBord Pleanála a chuirfear an t-iarratas ar chead iomlán pleanála sa deireadh. 

Idir an dá linn, tá foireann á ceapadh ag Green Investment Group agus Corio Generation anois leis na hiarratais a réiteach agus leis an scéal faoin tionscnamh ar na Sceirde a scaipeadh. €1m. uilig atá le caitheamh ar an iarracht sin. 

Bhí cruinnithe ag ionadaithe de chuid an chomhlachta le hiascairí i gCarna agus i gCloch na Rón faoi bheartas na Sceirde agus tuigtear gur cruinnithe tairbheacha a bhí acu. Tá sé i gceist ag Corio Generation oifigeach eolais pobail a cheapadh in iarthar Chonamara go luath. Tuigtear gur ugach breise do Corio Generation an obair atá geallta ar Chalafort Ros an Mhíl, rud a thabharfadh roghanna breise dóibh ó thaobh a gcuid oibre, sin má ghlactar lena n-iarratas ar chead forbartha. 

Tuigtear go raibh comhoibriú maith idir Údarás na Gaeltachta agus lucht forbartha thionscal na gaoithe i gceantar na Sceirde. Thug Údarás na Gaeltachta cúnamh do ghrúpa Fuinneamh Sceirde Teoranta 20 bliain ó shin nuair a tosaíodh ar an obair thaighde a bhain le tionscal fuinneamh gaoithe naoi míle siar ó chósta Charna. 

Chuirfeadh an comhlacht suim shuntasach airgid ar fáil mar chiste tacaíochta do na pobail atá gar do na Sceirde dá bhfaighfí cead le dul ar aghaidh leis an togra. Tuigtear gur mar seo a mhínigh ionadaí ón gcomhlacht an córas faoina roinnfí an t-airgead sin ag cruinniú le gairid: “Cuir ciorcal timpeall ar na Sceirde agus coinnigh ort ag cur na gciorcal timpeall ar a chéile, agus ag teannadh amach. Taobh istigh de na ciorcail is gaire do na Sceirde a bheadh an seans is fearr ar an airgead as an gciste tacaíochta.” 

Sin ceist nach gcuirfidh aon mhórchruóg ar lucht stiúrtha Corio Generator go fóill ach ceist í a mbeidh spéis mhór inti in iarthar Chonamara. 

Idir an dá linn, seoladh an comhlacht nua go hidirnáisiúnta inné agus a ainm bunaithe ar dhlí de chuid na Fisice, fórsa Coriolis. Seo an sruth gaoithe a chruthaítear de bharr imrothlú an domhain, sruth a mbíonn an-tionchar aige ar chúrsaí aimsire. 

Níl aon easpa gaoithe ar na Sceirde agus Corio Generation ag súil go bhféadfaidh siad a theacht i dtír uirthi.

Fág freagra ar 'Comhlacht nua ag tabhairt faoi fheilm ghaoithe na Sceirde'