Comhlacht Gaeltachta ar liosta an EPA i dtaca le ceisteanna timpeallachta

Tugtar le fios i dtuarascáil nua ón EPA gur cuireadh Euroflex Teoranta ar liosta 13 Suíomh Náisiúnta Tosaíochta anuraidh

Comhlacht Gaeltachta ar liosta an EPA i dtaca le ceisteanna timpeallachta

Bhí comhlacht Gaeltachta ar liosta de 13 comhlacht sa stát a raibh imní ar an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil fúthu anuraidh.

Astúcháin aeir an chomhlachta Euroflex Teoranta, atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, a bhí ag déanamh imní don EPA.

Déanann Euroflex Teoranta, atá lonnaithe i bPáirc Gnó Údarás na Gaeltachta, pacáistiú don earnáil bhia agus dí.

Tugtar le fios i dtuarascáil nua ón EPA gur ainmníodh an comhlacht Gaeltachta ina Shuíomh Náisiúnta Tosaíochta sa chéad agus sa dara ráithe de 2022 mar gheall ar cheisteanna timpeallachta.

Faoi dheireadh na bliana seo caite bhí na EPA sásta go raibh an comhlacht ag cloí leis na treoracha timpeallachta agus baineadh den liosta é.

Thug an EPA 1,434 cuairt chigireachta ar chomhlachtaí anuraidh agus ainmníodh 13 comhlacht ina Suíomhanna Náisiúnta Tosaíochta ó thaobh na timpeallachta.

Dúirt an Dr Tom Ryan, Stiúrthóir Oifig Forfheidhmithe i leith Cúrsaí Comhshaoil san EPA, go mbíonn a gcuid fiosrúchán dírithe den chuid is mó ar áiteanna nach mbíonn ag cloí leis na dualgais atá orthu faoina gceadúnais.

Chuir an EPA an dlí ar Euroflex Teoranta in 2019 as sárú a dhéanamh ar choinníollacha a gCeadúnas Astúcháin Tionsclaíocha. Gearradh fíneáil ar an gcomhlacht, a phléadáil ciontach as an sárú.

Tá tacaíocht á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do Euroflex Teoranta ó 2005.

Fág freagra ar 'Comhlacht Gaeltachta ar liosta an EPA i dtaca le ceisteanna timpeallachta'