Comhlacht éadach rothaíochta i gConamara ag soláthar mascanna cosanta

De ghnáth, díolann Velotec, atá lonnaithe i gCasla i gConamara, éadach rothaíochta ach tá cinneadh déanta ag úinéir an chomhlachta, Pádraic Ó Cuinn, mascanna cosanta a chur ar fáil

Comhlacht éadach rothaíochta i gConamara ag soláthar mascanna cosanta

Agus tuairiscí ann le cúpla lá anuas go bhfuil an Rialtas ar tí a mholadh go gcaithfeadh an pobal mascanna in áiteanna poiblí áirithe, tá cinneadh tráthúil déanta ag comhlacht Gaeltachta mascanna a sholáthar don phobal.

De ghnáth, díolann Velotec, atá lonnaithe i gCasla i gConamara, éadach rothaíochta ach tá cinneadh déanta ag úinéir an chomhlachta, Pádraic Ó Cuinn, mascanna cosanta a chur ar fáil.

Labhair Ó Cuinn leis an dá chomhlacht san Eoraip a chuireann na táirgí ar fáil do Velotec agus thuig siad go raibh sé ar a gcumas na mascanna a dhéanamh.

““Is é an t-éadach céanna agus na modhanna oibre céanna a bheadh ag baint le masc a dhéanamh agus a úsáidtear chun an t-éadach rothaíochta a dhéanamh,” a mhínigh Ó Cuinn agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Ó Cuinn, a bhfuil aithne air mar thráchtaire rothaíochta ar TG4, gur cuireadh roinnt samplaí chuige agus gur roghnaigh sé ceann a bhfuil scagaire ann ar féidir é a athrú chun go mbeidh daoine in ann an masc a úsáid níos mó ná aon uair amháin.

“Bhreathnaigh muid ar roinnt samplaí a chuir siad chugainn agus cheap mé gurb é an ceann is suimiúla i ndáiríre ná ceann ar féidir leat é a úsáid arís agus arís eile.”

Dúirt Ó Cuinn go raibh tuairiscí ann go raibh na maisc aonúsáide míchompordach agus garbh agus dúirt sé go mbeadh na cinn seo níos fearr don timpeallacht.

“Cheap mé go ndéanfadh sé níos mó céille, má tá tú chun ceann a chaitheamh, ar a laghad go mbeadh tú ag caitheamh ceann atá déanta as éadach cosúil le Lycra agus gur féidir leat iad a níochán.”

Dúirt Ó Cuinn gur praghas €19 atá ar mhasc agus ar 10 scagaire agus gur féidir iad a cheannach ar shuíomh Velotec.

Fág freagra ar 'Comhlacht éadach rothaíochta i gConamara ag soláthar mascanna cosanta'