Comhghuaillíocht chumasach amadán agus bligeard Chorcaí

LÉIRMHEAS SCANNÁN: Saothar grinn neafaiseach ach caithiseach is ea The Young Offenders a bhuíochas den chuid is mó leis na haisteoirí

Comhghuaillíocht chumasach amadán agus bligeard Chorcaí

The Young Offenders
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Peter Foot
Cliar: Chris Walley, Alex Murphy, Hilary Rose, Dominic McHale, P.J. Gallagher.

Taibhsítear dom go bhfuil gach aon rud níos greannmhaire nuair a deirtear i gcanúint láidir é, canúint Chorcaí ach go háirithe. N’fheadar canathaobh. Ní foláir nó go n-aontaíonn Peter Foot (an té ba chúis le físeán Horse Outside leis na Rubberbandits) leis an tuairim sin óir go bhfuil an-adhmad bainte aige as tuin chainte, acmhainn ghrinn agus meon phobal na príomhchathrach ó dheas le scannán grinn, neafaiseach, ach caithiseach, a chur os ár gcomhair.

Beirt liúdramán ó thuaisceart na cathrach iad Jock (Walley) agus Conor (Murphy) a bhíonn ag caitheamh a dtóna agus ag alfraitsíocht ó dheineadar cac sleaidí den teastas sóisearach.

Conor ag obair go drogallach mar cheannaí éisc lena mháthair agus rothair á ngoid go cumasach ag Jock. Tuismitheoir amháin de chuid na beirte imithe ar shlí na fírinne. An chuma orthu beirt go rachaidh siad ar bhóthar a n-aimhleasa.

Sa tús greannmhar, snasta cuirtear meascán mearaí de charachtair os ár gcomhair. Máthair Conor, atá ag strácáil léi ar éigean, athair Jock atá luite leis an ól, an fear buile áitiúil agus an Garda buile atá ina baileabhair ag gadaíocht Jock.

Iad sin ar fad agus carraigeacha agus carúlacha Chorcaí á gcaitheamh linn i rith an ama.

“That’s called a sucker fish. That’ll be your nickname in prison,” a deir máthair chorraithe Conor is í ag iarraidh é a chur ar bhóthar a leasa.

Tugann an bheirt acu faoi chamchuairt iarthar Chorcaí agus é mar sprioc a gcótaí bána a dhéanamh trí theacht ar cheann de na málaí cócaoin a d’imigh ar iarraidh ó bhád smuigléirí (bhí an chuid seo den scannán bunaithe ar eachtraí a tharla in 2007).

Le tírdhreach álainn an dúichí mar chúlra bímid ag tionlacan na beirte is iad i mbun amadántaíochta agus bligeardaíochta à la Dumb and Dumber

’Sé caidreamh agus aisteoireacht na gcarachtar/na n-aisteoirí seo bunchloch agus buaicphointe an scannáin araon. Tá nádúrthacht ag baint leis na radharcanna a sholáthraíonn greann, réalachas agus daonnacht. Is fada ó chonaic mé comhghuaillíocht chomh cumasach sin. Ba mhinic go ndeineadar an scríbhinn i bhfad Éireann níos cumasaí ná mar a bhí sé.

Is cinnte gur imigh an scríbhinn ar bóiléagar. An tseafóid leis an bhfeirmeoir críonna agus míreanna áiféiseacha eile nár thug a gceart do na carachtair iontacha a bhí cruthaithe. Cúpla babhta, sna caidrimh leis na tuismitheoirí ach go háirithe, deineadh iarracht téamaí níos tromchúisí a chíoradh. Ach ní túisce iad tarraingthe isteach ná go rabhadar caite i dtraipisí arís.

Breac eile sa bhainne ba ea carachtar  PJ Gallagher, an bithiúnach ó Bhaile Átha Cliath a mbíonn gunna tairní á iompar aige. Cé gur thug Gallagher faoin gcúram go slachtmhar, ní raibh aon ghá leis an míchumas áibhéalach agus ní raibh an greann maith go leor leis an masla a chúiteamh.

Tá cad é bús faoin scannán ó seoladh é an Aoine seo caite le Graham Norton féin (deineadh cuid den scannán a thaifeadadh ar a fhód dúchais i nDroichead na Bandan) ag moladh an tsaothair. Tá caint ar scannán leantach cheana féin.  Ní miste sin ach scéal le dealramh a bheith ann le gur féidir leis na haisteoirí/carachtair iontacha iad féin a fhódú ann.

Fág freagra ar 'Comhghuaillíocht chumasach amadán agus bligeard Chorcaí'