Tá teachtaireachtaí ó phríosúnaigh phoblachtánacha a smuigleáladh as Príosún na Ceise Fada agus comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus údaráis an phríosúin maidir leis an gcosc ar chuairteanna i nGaeilge ar chuid den ábhar i gcartlann Chonradh na Gaeilge a seoladh inniu.
Tá OÉ Gaillimh tar éis catalógú a dhéanamh ar níos mó ná 600 bosca agus breis is 600,000 leathanach d’ábhar ó Chonradh na Gaeilge a bheidh anois ar fáil do lucht taighde i leabharlann na hollscoile.
I measc na seod atá sa bhailiúchán, tá teachtaireachtaí a scríobhadh ar pháipéar toitíní ó phríosúnaigh a tugadh amach faoi choim ón Cheis Fhada sna 1980idí.
Tá litir sa chartlann freisin ó leasghobharnóir an phríosúin chuig Albert Fry, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ina mínítear gur cuireadh deireadh tobann leis an gcuairt a thug Fry ar phríosúnaigh ar an 9 Deireadh Fómhair 1981 de bhrí go raibh an comhrá i nGaeilge.
Tá comhfhreagras freisin ann ó 1978 idir Pádraig Ó Snodaigh, a bhí ina Uachtarán ar an gConradh ag an am, agus údaráis na Ceise Fada agus Oifig Thuaisceart Éireann maidir le hiarratas An Fáinne a bhronnadh ar phríosúnaigh de chuid an UVF.
San áireamh sa chartlann tá gach tréimhse deich mbliana ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 go dtí go ndearnadh an bailiúchán a thaisceadh in OÉ Gaillimh in 2018.
Tá ábhar sa chartlann seo a bhaineann le ceol, spórt, drámaíocht, reiligiún, polaitíocht agus imeachtaí amhail feachtas bliantúil Sheachtain na Gaeilge atá 120 bliain ar an bhfód i mbliana agus comórtais an Oireachtais, a bunaíodh 125 bliain ó shin.
Ar na míreanna spéisiúla eile sa bhailiúchán, tá páipéar ballóide le hoifigigh a thoghadh ar choiste chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge i 1915 agus Michael Collins ar dhuine de na hiarrthóirí, litreacha ó Bhreandán Ó Beacháin agus Seán O’Casey a bhaineann le léirithe ar a saothar Gaeilge, bileog a bhaineann le hagóid in aghaidh chogadh Vítneam taobh amuigh d’Ambasáid Mheiriceá i 1972 agus samplaí de phacáistiú ilteangach a bhí i gcartlann Chonradh na Gaeilge.
Is de thoradh cainteanna a thionscain an Dr John Walsh agus a lean ar aghaidh faoina stiúir, a cuireadh an chartlann faoi choimeád i leabharlann OÉ Gaillimh agus is í an cartlannaí Niamh Ní Charra a rinne catalógú ar an ábhar.
Dúirt an Dr Walsh go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an gcartlann do lucht taighde.
“Is acmhainn an-luachmhar an bailiúchán seo do lucht taighde de bhrí go léirítear ann an obair cheannródaíoch a bhí ar siúl ag Conradh na Gaeilge i réimsí éagsúla, ar nós na bhfeachtas le seirbhísí raidió agus teilifíse, scoileanna lán-Ghaeilge, údarás Gaeltachta daonlathach, stádas na Gaeilge san AE agus cearta teanga a bhaint amach ar dhá thaobh na teorann.”
Tá fáil ag lucht taighde ar an gcartlann i Seomra Léitheoireachta na gCartlann agus na mBailiúchán Speisialta i Leabharlann OÉ Gaillimh.
Fág freagra ar 'Comhfhreagras idir Uachtaráin Chonradh na Gaeilge agus údaráis na Ceise Fada i measc na seod i mbailiúchán nua atá seolta'