Comhdháil na nGearaltach ag tosú i nGaeltacht Chiarraí anocht

Osclóidh Ridire Chiarraí, Adrian Fitzgerald, an Chomhdháil in Óstán Cheann Sibéal

Screen Shot 2016-07-22 at 19.11.37

Cuirfear tús anocht le ‘Comhdháil na nGearaltach’ i nGaeltacht Chiarraí, comhdháil dhá lá faoi stair iarlaí Dheasmhumhan.

Osclóidh Ridire Chiarraí, Adrian Fitzgerald, an Chomhdháil in Óstán Cheann Sibéal anocht ag 7.30 agus tabharfaidh beirt staraithe, Gerald O’Carroll agus Dónal Ó Catháin, dhá léacht faoi na hiarlaí ‘Iarlaí Deasmhumhan, an stair agus na staraithe’ agus ‘An Tríú hIarla Deasmhumhan: na Foinsí Gaelacha’.

Beidh tuilleadh léachtaí ann maidin amárach sula dtabharfaidh Ridire Chiarraí turas treoraithe ar na caisleáin in Iarthar Duibhneach, ag tosú i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh.

Is iad Tony Harpur agus Joseph Lennon a thabharfaidh na léachtaí sin, léacht faoi dhara Ridire Chiarraí agus a shliocht agus ceann ar Éirí Amach na nGearaltach sa 16ú haois.

Coirm cheoil in Ionad an Bhlascaoid amárach a chuirfidh clabhsúr ar an gComhdháil.

Fág freagra ar 'Comhdháil na nGearaltach ag tosú i nGaeltacht Chiarraí anocht'

  • Fearn

    Cad é an fhoireann úd atá ag imirt faoi bhratach Phádraig ar an armas? Níl camán, sliotar ná peil le feiscint; ná léinteán daite.