Comhdháil i Luimneach amárach in onóir don Dr Úna Nic Éinrí, ‘scoláire neamheaglach, dothuirsithe’

Tá cáil ar leith ar an Dr Úna Nic Éinrí mar mhórscoláire i ngort litríocht na hochtú haoise déag agus is leis an réimse léinn sin a phléifidh an chomhdháil a bheidh ar siúl amárach i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach

Comhdháil i Luimneach amárach in onóir don Dr Úna Nic Éinrí, ‘scoláire neamheaglach, dothuirsithe’

An Dr. Úna Nic Éinrí ag seoladh a leabhair 'Filí Luimnigh gan Iomrá san Ochtú hAois Déag' anuraidh. In éineacht léi tá an Dr Liam Mac Peaircín, ar seoladh leabhar leis ag an ócáid chéanna i gColáiste Mhuire gan Smál

Reáchtálfar comhdháil lae in onóir an Dr Úna Nic Éinrí i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach amárach.

Pléifidh an chomhdháil, atá á heagrú ag Roinn na Gaeilge sa choláiste, mar a mbíodh Úna Nic Éinrí ag obair nó gur ndeachaigh sí ar scor, le litríocht na hochtú haoise déag.

Tá an chomhdháil á heagrú chun “aitheantas” a thabhairt do “scoláire neamheaglach, dothuirsithe” agus beartaíodh go ndíreofaí ar litríocht na hochtú haoise déag toisc gurb í sin an mór-réimse spéise atá ag ag an Dr Nic Éinrí féin.

I measc na saothar atá foilsithe ag an Dr Nic Éinrí tá Stair Litríocht na Gaeilge agus Stair na Teanga Gaeilge, a mbíodh staidéar á ndéanamh orthu ag daltaí meánscoile.

Tá cáil ar leith uirthi mar mhórscoláire i ngort litríocht na hochtú haoise déag agus leabhair foilsithe aici ar fhilíocht Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin (An Cantaire Siúlach), Liam Inglis (Canfar an Dán), Seán Ó Tuama (Seán Ó Tuama ó Chromadh an tSubhachais). Anuraidh a foilsíodh an saothar is déanaí uaithi, Filí Luimnigh gan Iomrá san Ochtú hAois Déag.

Breandán Ó Cróinín, Liam Ó Páircín agus Stiofán Newman ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál a d’eagraigh comhdháil an lae amáraigh.

Dúirt an coiste eagraithe gur mar chomhartha “ómóis d’Úna a bheartaigh a hiarchomhghleacaithe ar an gcomhdháil a eagrú ina honóir” agus táthar “ag súil gur ceiliúradh cuí ar a cuid gaiscí i Léann na Gaeilge san ochtú haois déag a bheidh ann”.

Pléifear le gnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge san ochtú haois déag ag an gcomhdháil agus beidh cainteoirí i láthair ó Choláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus an Brainse Logainmneacha.

– Iarrtar ar dhaoine a dteastaíonn uathu freastal ar an gcomhdháil clárú trí ríomhphost a chur go dtí comhdhailuna@gmail.com

Fág freagra ar 'Comhdháil i Luimneach amárach in onóir don Dr Úna Nic Éinrí, ‘scoláire neamheaglach, dothuirsithe’'