Comhbhrón déanta ag Údarás na Gaeltachta le ball boird ar bhásaigh a bhean de dheasca an Covid-19

Bhásaigh Bernie Mac Aindriú, altra ar bhuail an Covid-19 í, ag an deireadh seachtaine agus tá a fear Ian Mac Aindriú san ospidéal i láthair na huaire 

Comhbhrón déanta ag Údarás na Gaeltachta le ball boird ar bhásaigh a bhean de dheasca an Covid-19

Tá Ian Mac Aindirú, ball de Bord Údarás na Gaeltachta, go dona tinn leis an Covid-19 san ospidéal agus a bhean tar éis bháis de dheasca an ghalair.

Bhásaigh Bernie Mhic Andriú (Uí Héineacháin) go tobann sa bhaile Dé Domhnaigh agus tugadh a fear céile Ian go dtí an t-ospidéal go luath ina dhiaidh sin.

Tá Ian, atá ar bhord Údarás na Gaeltachta le fada, ina bhainisteoir ar Áras Inis Gluaire, ionad ealaíon i mBéal an Mhuirthead.

Rinne Údarás na Gaeltachta comhbhrón le muintir Mhic Aindriú agus Uí Héineacháin tráthnóna.

“Ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta comhbhrón ó chroí a dhéanamh le Comhalta Boird de chuid an Údaráis, Ian Mac Aindriú ar bhás tobann a mhná céile ionúin Bernie Mhic Aindriú (Uí Héineacháin). 

Ian Mac Aindirú

“Déanann an Cathaoirleach, an Bord, an Príomhfheidhmeannach, agus foireann an Údaráis comhbhrón ó chroí le muintir Mhic Aindriú agus muintir Uí Héineacháin agus gaolta agus cairde Bhernie ar fad. Tá ceantair Ghaeltachta Bhéal an Mhuirthead agus Ghaoth Sáile faoi scamall bróin. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal.”

Altra ab ea í Bernie a chaith breis agus 30 bliain ag obair in Ospidéal Pobail Bhéal an Mhuirthead sular éirigh sí as cúpla bliain ó shin.

Bhí Bernie gníomhach sa phobal agus bhí Cumann Lúthchleas Gael Bhéal an Mhuirthead agus Cumann Gailf Bhéal an Mhuirthead, áit ina raibh Bernie ina captaen anuraidh, orthu sin a thug ómós di agus í ar shlí na fírinne.

Tráthnóna inniu a bhí sochraid Bhernie Mhic Aindriú i Séipéal an Chroí Naofa i mBéal an Mhuirthead agus cuireadh a corp i reilg Ghaoth Sáile ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Comhbhrón déanta ag Údarás na Gaeltachta le ball boird ar bhásaigh a bhean de dheasca an Covid-19'