Tá comharthaí i Seactáis, teanga dhúchais de chuid Mheiriceá Thuaidh, crochta ar shráideanna chathair McAlester i stát Oklahoma. Crochadh na chéad chomharthaí ar Choctaw Avenue i lár na cathrach le deireanas agus tá sé i gceist ag na húdaráis a thuilleadh a chrochadh ar shráideanna eile amach anseo.
Dúirt méara na cathrach, Justin Few, go gceanglaíonn an togra an stair leis an saol atá inniu ann agus gur “coiscéim sa treo ceart” a bhí ann don chathair, a bhfuil roinnt mhaith den phobal Seactách ina gcónaí inti.
“Tugann an togra seo ómós dár stair roinnte agus ceiliúrann sé teanga bheo an phobail Seactáigh. Tá bród orainn an chomhpháirtíocht seo a dhéanamh leis an Náisiún Seactách ar thogra a láidreoidh an fhéiniúlacht agus an fheiceálacht inár bpobal.
“Tá níos mó i gceist leis an togra seo ná comharthaíocht – is faoi ómós a léiriú don tSeactáis agus d’oidhreacht na Seactách i gcroílár ár bpobail. Tá meas againn ar ár gcaidreamh leis an Náisiún Seactách, agus is léiriú feiceálach iad na comharthaí seo ar ár gcomhoibriú leanúnach,” a dúirt an Méara.
Cosnóidh an togra tuairim is $360 (€310) don chéad dá shráid (Choctaw Avenue agus First Street) agus déanfar measúnú ar an gcostas a bhainfeadh leis an togra a leathnú amach go sráideanna eile sa chathair.
Ní bheidh an dá theanga ar comhstádas ar na comharthaí tar éis do na húdaráis áitiúla aiseolas a fháil ón bpobal. Dúirt an Méara Few go bhfuil sé i gceist acu an téacs Béarla a dhéanamh níos troime ná an téacs Seactáise ar na comharthaí “le go mbeadh sé níos feiceálaí do thiománaithe”. Níl aon idirdhealú, idir méid, dath, ná clófhoireann ar na comharthaí nua faoi láthair.
Tá fáilte curtha ag an bpobal Seactách roimh an gcinneadh an teanga dhúchais a léiriú ar na comharthaí sráide. Dúirt taoiseach na Seactách, Gary Batton gur “sprioc mhór” de chuid a mhuintire í cur chun cinn a dteanga agus go bhfuil súil aige go dtabharfaidh an chomharthaíocht nua an seans do dhaoine eolas a chur uirthi.
“Is sprioc mhór de chuid an Náisiúin Sheactáigh í cur chun cinn na Seactáise. Cabhraíonn an beart seo ár dteanga naofa a chur ar chomharthaí bóthair chun í a chur chun cinn sa tearmann agus taobh amuigh de. Tá súil agam go bhfeicfidh daoine na comharthaí sráide seo agus go bhfaighidh siad tuiscint éigin ar ár dteanga. Yakoke le cathair McAlester as ómós a léiriú dár dtreibh ar an gcaoi seo,” a dúirt Batton.
Meastar gurb é seo an chéad uair i stair na Stát Aontaithe a bheidh an Béarla agus an tSeactáis taobh le chéile ar chomharthaí sráide mar seo.
Tá nasc ar leith ag muintir na hÉireann leis an bpobal Seactách mar gheall ar an tabhartas flaithiúil a thug an pobal sin don tír seo le linn an Ghorta Mhóir.
Mícheál Ó Frighil
Gura fada buan a mhairfidh teanga na Seactáise!