Comharthaí nua le crochadh chun cuairteoirí a threorú go dtí Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go dtiocfadh ‘méadú níos mó fós’ ar líon na gcuairteoirí a thagann go dtí Ionad an Phiarsaigh de thoradh na gcomharthaí nua

Comharthaí nua le crochadh chun cuairteoirí a threorú go dtí Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc

Tá ráite ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go gcrochfar comharthaí ar bhóithre Chonamara le daoine a threorú go dtí Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc.

Chuir an Chomhairle an méid sin in iúl don Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a mhaígh gur “bac mór” ar an turasóireacht an easpa comharthaíochta go dtí an t-ionad “tábhachtach”.

“Tá an-áthas orm anois, tar éis na n-aighneachtaí atá déanta agam, go bhfuil sé i gceist faoi dheireadh comharthaí donna a chur suas ar an N59 agus ar bhóithre eile, ag léiriú cá bhfuil Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh agus ag treorú daoine ina threo,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Mhaígh an Teachta Dála go dtiocfadh “méadú níos mó fós” ar líon na gcuairteoirí a thagann go dtí Ionad an Phiarsaigh de thoradh na gcomharthaí nua.

Léiríonn figiúirí a cuireadh ar fail do Tuairisc.ie i mí Bealtaine gur thug tuairim is 1,000 duine sa mhí cuairt ar Theach an Phiarsaigh i Ros Muc ó osclaíodh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ag deireadh na bliana seo caite, Thug Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) le fios do Tuairisc.ie gur thug 5,260 duine cuairt ar an ionad nua sna cúig mhí ó thús na Samhna 2016 go deireadh an Aibreáin 2017. Dúirt urlabhraí de chuid an OPW go bhfuil an Oifig “an-sásta” le líon na gcuairteoirí go dtí seo.

“Tá súil againn go mbeidh ar a laghad an líon céanna cuairteoirí ann i mbliana is a bhí ann anuraidh, i mbliain chomórtha 2016, agus go mbeidh muid in ann na huimhreacha sin a fhás bliain i ndiaidh bliana amach anseo,” a dúradh.

D’oscail an Taoiseach Enda Kenny Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar an 10 Samhain, breithlá an Phiarsaigh, anuraidh. Bhí an t-ionad nua ar cheann de mhórthionscadail chapititil an

Rialtais do Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Chaith Pádraig Mac Piarais samhraí na mblianta 1909 go 1915 sa teach os cionn Loch Oiriúlach i Ros Muc.

Tá an togra comórtha i gConamara roinnte ina thrí chuid: Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Slí na Coille (an bealach suas chuig an teach), agus Teach an Phiarsaigh féin.

Fág freagra ar 'Comharthaí nua le crochadh chun cuairteoirí a threorú go dtí Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc'

  • Iomlán na fírinne

    An ceart ar fad ag Éamon Ó Cuív, ní bheadh an áit aimsithe agam féin ar chor ar bith murach gur chuidigh muintir gnaíúil na háite liom agus mé imithe ar strae agus gur iompar siad an bosca trom Taytos a bhí faoi mo chúram i gcomhair na hócaide móire feadh stráice deireadh an aistir.