Scriosadh tuilleadh comharthaí poiblí dátheangacha i gContae an Dúin le déanaí agus gan aon stad ar an díobháil atá á déanamh ag loitiméirí frith-Ghaeilge ar chomharthaí sa cheantar sin.
Thug an Comhairleoir de chuid Shinn Féin Sean Doran le fios gur dhá chomhartha do na seirbhísí éigeandála, seirbhísí otharchairr san áireamh, a bhí sna comharthaí a baineadh anuas in Áth na Long.
Tá conspóid mhór le tamall faoi cheist na gcomharthaí Gaeilge i gcontae an Dúin agus rinneadh loitiméireacht ar an nGaeilge ar timpeall 25 comhartha i ndeisceart an Dúin le thart ar bhliain go leith anuas.
Dúirt an Comhairleoir de chuid Shinn Féin Sean Doran gur cuireadh na comharthaí in áit le coincréit agus gur léir gur úsáideadh feithicil chun iad a tharraingt amach.
Cuireadh ceann acu ar ais ach tarraingíodh amach arís é, a dúirt sé.
Dúirt Doran go raibh an “loitiméireacht” seo “ag cur beatha daoine i mbaol” ó tharla gur chomharthaí do na seirbhísí éigeandála a bhí i gceist.
Ag labhairt dó leis an Newsletter, dúirt an Comhairleoir neamhspleách aontachtach Henry Reilly gurb amhlaidh go raibh an Ghaeilge anois “nimhiúil” mar go raibh sí á húsáid mar “uirlis chatha” ag poblachtánaigh sa cheantar.
Mhaígh Reilly nach mbíonn ach fíorbheagán comharthaí dátheangacha i gceantair náisiúnacha amhail deisceart Ard Mhacha agus nach gcuirtear suas iad ach amháin in áiteanna in bhfuil cuid mhór aontachtaithe. “Ní bheadh aon ghlacadh go deo agam le scrios maoine de chuid na comhairle ach caithfidh an chomhairle a bheith tuisceanach nuair a chuirtear suas comharthaí Gaeilge gur i sochaí scoilte a mhairimid,” a dúirt Henry Reilly.
Idir an dá linn, tuairiscíodh an tseachtain seo nach bhfuil sé i gceist ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach cosaint a dhéanamh san Ard-Chúirt ar a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide agus go bhfuil sé i gceist acu an polasaí sin a tharraingt siar.
Bean a bhfuil a clann ag freastal ar Ghaelscoil sa cheantar a bheartaigh cás a thógáil in aghaidh na Comhairle maidir leis an bpolasaí ‘Béarla amháin’, a mhaígh sí a bhí in aghaidh an dlí.
Tuigtear do Tuairisc.ie gur chuir lucht na Comhairle in iúl do dhlíodóir na mná an tseachtain seo nach raibh siad ag iarraidh dul ar aghaidh leis an gcás a bhí le tosú san Ard-Chúirt an tseachtain seo chugainn.
Fág freagra ar 'Comharthaí do na seirbhísí éigeandála scriosta toisc Gaeilge a bheith orthu'