Comharthaí athbheochana do Shinn Féin ag cruinniú le feirmeoirí i gConamara

Léirigh Sinn Féin ag cruinniú faoin gconradh atá beartaithe idir Aontas na hEorpa agus Mercosur go mb’fhéidir go bhfuil ceacht foghlamtha acu ó na toghcháin dheireanacha

Comharthaí athbheochana do Shinn Féin ag cruinniú le feirmeoirí i gConamara

Shíl mé nach bhfeicfinn le mo mharthain cruinniú ag Sinn Féin a mbeadh ceannairí ar an ardán as Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, as Cumann Feirmeoirí Sléibhe agus Natura na hÉireann, as Cumann Feirmeoirí Beithíoch agus Caorach na hÉireann agus ón dream atá ag cur picéad ar na monarchana feola le tamall anuas.

Sea agus go mbeadh Éamon Ó Cuív i láthair agus é páirteach sa díospóireacht ón urlár.

Tí Pheacocke ar an Teach Dóite i gConamara, a tharla sé Dé Luain.

Ba í Mairéad Farrell as Sinn Féin a bhí ina cathaoirleach ar an ócáid. In éineacht léi as an bpáirtí bhí an Feisire Eorpach Matt Carthy agus an t-iarchomhairleoir contae Tom Healy.

An conradh atá beartaithe idir Aontas na hEorpa agus Mercosur an príomhábhar comhrá agus casaoide a bhí ann. Ní nach ionadh tarraingíodh aird ar an gcruachás a bhfuil feirmeoirí beostoic na hÉireann ann faoi láthair.

Caintíodh go mion freisin ar an gcaoi a bhfuil páirt mhór den mhilleán á cur ar mhuintir na tuaithe faoi théamh na cruinne.

Ba é Eddie Punch a labhair ar son Chumann Feirmeoirí Beithíoch agus Caorach na hÉireann. Chuir Ann Mitchell as Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann tuairimí na heagraíochta sin chun cinn.

Thug fear Chonamara , Breandán Seoighe, óráid spreagúil faoina bhfuil Cumann na bhFeirmeoirí Sléibhe a dhéanamh.

Cuireadh fáilte mhór freisin roimh Kevin O’Brien atá ina chathaoirleach i nGaillimh ar an dream atá ag agóidíocht ag na monarchana feola.

Ní raibh amhras ar bith ar a raibh i láthair faoin gcúis atá le Conradh Mercosur. Déantóirí carranna sa nGearmáin a chuir dlús leis, a dúradh arís agus arís eile.

Luadh go minic le linn an chruinnithe na coillte atá ag dó as éadan sa mBrasaíl, achar Pháirc an Chrócaigh díobh á scrios chuile nóiméad agus leatrom gránna á dhéanamh ar na pobail dhúchasacha atá ina gcónaí sna foraoiseacha.

Meabhraíodh dúinn chomh fada ó bhaile agus atá an Bhrasaíl agus an méid carbóin a chuirfí san aer leis an bhfeoil a thabhairt go hÉirinn. Cén bhrí ach chomh lag agus atá rialú na gcaighdeán mairteola sa tír sin.

Rinneadh plé an-ghéarchúiseach ar an ngreim scornaí atá ag na monarchana feola agus ag na hollmhargaí ar phraghsanna mairteola sa tír seo.

Mhínigh Matt Carthy nach bhféadfaí Conradh Mercosur a stopadh sa mBruiséil. Tá 97 Feisire Eorpach ag an nGearmáin agus níl ag Éirinn thuaidh agus theas ach 14 Feisire.

Ach ní shin é deireadh an scéil: beidh deis ag rialtas na hÉireann diúltú don socrú má thograíonn siad.

Ar an drochuair, a dúirt Matt Carthy, ní minic a sheasann rialtas na hÉireann in aghaidh socruithe a bhíonn á ndéanamh sa mBruiséil.

Sin, cé gur ghlac Dáil Éireann le rún a chuir Sinn Féin chun cinn ag diúltú do Chonradh Mercosur.

An t-aon lúb ar lár atá sa scéal sin nach bhfuil aon cheangal dleathach ar an rialtas an rún a chur i bhfeidhm.

Fear é Matt Carthy nach bhfuil aon ghrá mór aige d’Aontas na hEorpa, cé nach mbíonn sé sásta maorlathas na hEorpa a shéanadh amach is amach.

Tá Éamon Ó Cuív chomh hamhrasach céanna fúthu. Cé gur i mBaile Átha Cliath 4 a rugadh agus a tógadh Ó Cuív, níl mórán duine in Éirinn is fearr a thuigeann intinn mhuintir na tuaithe ná é.

Is breá leo a bheith ag éisteacht le hóráidí fuinniúla faoi loscadh na gcrann sa mBrasaíl, faoi théamh na cruinne agus faoin gcarbón is cúis leis ach, ar deireadh thiar thall, is ar an bhfóirdheontas a thagann tríd an bpost ag na feirmeoirí is mó a bhíonn a n-aire.

Thug Ó Cuív máistir-rang ar an scéim Glas, an Scéim Um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe agus ar an gcaoi a roinntear an t-airgead.

Bhí cuma na maitheasa ar Shinn Féin ag an gcruinniú seo. An buille a fuair siad sna toghcháin le gairid d’fhéadfadh sé gur leas a dhéanfadh sé dóibh. Bhí iomarca talún fúthu roimhe sin.

Déarfainn go dtuigeann siad anois gur de réir a chéile atá dul chun cinn i ndán dóibh agus nach astu féin amháin a tharlóidh sé ach i gcomhar le dreamanna eile.

Tá an chontúirt ann ar ndóigh go rachaidh leithéidí Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann i bhfeidhm rómhór orthu ach mheasfainn gur beirt iad Mairéad Farrell agus Matt Carthy nach ligfidh dó sin tarlú.

Fág freagra ar 'Comharthaí athbheochana do Shinn Féin ag cruinniú le feirmeoirí i gConamara'