Ceartóidh An Post an chomharthaíocht nua a crochadh os cionn an dorais ag Oifig an Phoist Bhaile an Bhuinneánaigh i gCiarraí le deireanas. Tá geallúint tugtha ag An Post go gceartófar an logainm Gaeilge ‘Baile an Bhan Bhuinneánaigh’ go ‘Baile an Bhuinneánaigh’ laistigh de choicís.
Tá oifig an phoist lonnaithe anois i siopa SuperValu Cahill ar an tSráid Mhór i mBaile an Bhuinneánaigh. Aistríodh an oifig le deireanas ó shiopa Joyce ar an tsráid chéanna nuair a d’éirigh an t-iarmháistir poist Michael Joyce agus a bhean chéile Patrica as an gcúram.
Nuair a rinneadh máistir an phoist de Cormac Cahill ag tús na bliana seo d’aistrigh sé an oifig chuig a shiopa féin i lár an bhaile. Ní ar mháistir an phoist atá an dualgas comharthaí de chuid an Phoist a chrochadh, áfach, ach ar an gcomhlacht postais féin.
D’admhaigh An Post an tseachtain seo go bhfuil dearmad sa chomhartha nua a tugadh do shiopa Cahill agus thug le fios go bhfuil sé i gceist acu an scéal a chur ina cheart.
“Ní chreidimid gurb é an seo an litriú ceart Gaeilge ar Ballybunion agus mar sin athróimid an litriú go dtí an leagan ceart ar éadan nua an tsiopa. Fanfaidh an litriú Béarla mar atá – ‘Ballybunion’. Déanfar é seo le linn na seachtaine atá amach romhainn,” a dúirt urlabhraí de chuid An Post.
Bíonn comharthaí dátheangacha in úsáid ag An Post ina n-oifigí poist ar fud na tíre ach amháin sa Ghaeltacht mar a mbíonn na logainmneacha i nGaeilge amháin.
Fág freagra ar 'Comhartha Gaeilge ceartaithe le crochadh ag oifig an phoist i gCiarraí '