Comhartha de stát mífheidhmiúil is ea an cur amú airgid

Gan fiacail a chur ann, níl an stát mar atá in ann fiontair mhóra a reáchtáil is a eagrú – agus sé croí na faidhbe nach ndéantar aon phleanáil

Comhartha de stát mífheidhmiúil is ea an cur amú airgid

Dochreidte. €335,000 ar scioból rothair. €1.4 milliún ar bhothán slándála. €230,000 ar chlódóir i dTeach Laighean. Tithe modúlacha ag dul ó €200,000 go €400,000. Os cionn €2 bhilliún ar ospidéal nua na leanaí. Is níl aon deireadh leis na gcostas róard sin go fóill.

Ní leor cur amú airgid a thabhairt air sin mar tarlaíonn sé arís is arís eile. Is scannal bunúsach sa chóras é, agus cúis eile go bhfuil athchóiriú iomlán, ó bhun go barr, ag teastáil agus ag teastáil go práinneach.

Ach tá an uaillmhian a bhain le lorg na saoirse le linn blianta dorcha réimeas Shasana imithe. Níl d’uaillmhian ag uaslathas an stáit anois ach freastal ar an Atlantachas, a bheith dílis do dhearcadh Mheiriceá is do dhearcadh na hEorpa: tús áite a thabhairt don tsaint ar leas an phobail.

Mar sin, is cuma faoi airgead a chur amú mar ní leo siúd a dhéanann an cinneadh an t-airgead atá le cailliúint.

Ní cur amú airgid amháin atá i gceist. In éineacht leis sin, tá ag teip ar an stát freastal ar riachtanais an phobail: tithíocht, sláinte, forbairt tuaithe, athaontú na tire, díGhalldú is athGhaelú na tíre.

Gan fiacail a chur ann, níl an stát mar atá in ann fiontair mhóra a reáchtáil is a eagrú. Agus sé croí na faidhbe nach ndéantar aon phleanáil. Leagtar spriocanna ceannlíne síos, ach ní théann an stát go domhain is go mion tríothu, céim i ndiaidh céime, mar atá riachtanach chun iad a leagan amach go cruinn beacht.

Féach ar chúrsaí tithíochta. In ainneoin na scéimeanna go léir ní féidir le han-chuid daoine morgáistí a fháil le teach a cheannach an fhaid is atá costas tithíochta, cíosa is eile ag dul in airde gan stop.

Luann an stát spriocanna le tithe a thógáil, ach fágann siad ag an rannóg phríobháideach é na spriocanna sin a bhaint amach, agus ní bhaintear amach iad. Scéim i ndiaidh scéime; sprioc i ndiaidh sprice.

Ceannlíne faoin gcóras sláinte – nach raibh an oiread airgid á chaitheamh riamh is atá á chaitheamh anois. Ach tá seirbhísí ag dul in olcas, línte feithimh ag éirí níos faide, lucht scolóise fágtha gan chúram, is daoine ag fáil bháis mar gheall ar an iomad brú a bheith ar an gcóras, mar a tharla d’Aoife Johnston bhocht.

Sa gcomhthéacs sin níl againn ach cinntí aonaracha astu féin, is nuair a chinntear gur chóir tithe modúlacha a thógáil, ní chuirtear an ceangal le seirbhísí uisce is leictreachais san áireamh sa mheasúnú don chonradh.  Ar ndóigh is féidir gnáth-theach cónaithe a thógáil sa rannóg bhrabúsach ar €400,000: cé atá ag fáil an bhrabúis bhreise nuair is teach modúlach atá i gceist?

Ar ndóigh, baineann pleanáil eacnamaíochta is shóisialta le sóisialachas agus le srianadh an mhargaidh. Go bhfóire Dia orainn dá rachadh muid sa treo sin!

Ach mura dtéann, níl aon imeacht againn as ciorcal seo an oilc, le cur amú airgid agus seirbhísí nach bhfeidhmíonn cheal acmhainní.

Sampla eile ar ndóigh is ea an cháinaisnéis. Nach flaithiúil a bhí an rialtas le híocaíochtaí aon-uaire – flaithiúil, ar ndóigh, lenár gcuid airgid féin.

Ach cáinaisnéis gan aon phlean fadtéarmach taobh thiar di a chonaiceamar. Ní réiteoidh sí fadhb na tithíochta, ná fadhb na sláinte, ná fadhb ar bith eile. Ach seans maith go n-éireoidh leis an mbuiséad go polaitiúil sa gcaoi is go mbeidh daoine sásta go bhfuil siad ag fáil rud éigin.

Aithnítear ar gach taobh gur cáinaisnéis toghcháin a bhí inti, ach cé go bhfuil an freasúra ag iarraidh scéal a dhéanamh di, ní dóigh liom go gcuirfidh na vótóirí aon phionós ar pháirtithe an rialtais mar gheall ar an gcur amú airgid eile seo.

A mhalairt, tá gach cosúlacht ann go mbeidh páirtithe an rialtais in ann filleadh ar ais in oifig, seachas an Comhaontas Glas, b’fhéidir, is a ról sin tógtha ag Éire Neamhspleách (II).

Ach ní leor leanúint leis an gcóras mífheidhmiúil reatha. Má tá muid le todhchaí eacnamúil is sóisialta fiúntach a chinntiú tá athchóiriú ag teastáil ar an gcóras ar fad. Caithfimid maoin a aistriú ó lucht an airgid go dtí lucht an tsaothair, ach faoi láthair, a mhalairt atá ar siúl.

Athchóiriú iomlán a theastaíonn is pleanáil shonraithe lena chinntiú gur féidir beart a dhéanamh d’aon phlean ceannlíne. Pleanáil cheart a theastaíonn le go mbeidh a fhios againn cén chaoi a dtabharfaimid faoi cheist na dteifeach, ceist na ndaoine atá ag lorg dídine, na daoine atá ag lorg cúram leighis, na pobail atá ag iarraidh deiseanna forbartha is fostaíochta. Sin gan trácht ar an athrú aeráide a fhágann sin i mbaol ár scriosta.

Athrú rialtais, sea. Ach níos tábhachtaí, athrú córais. Níl mórán dóchais go bhfeicfimid ceachtar acu.

Fág freagra ar 'Comhartha de stát mífheidhmiúil is ea an cur amú airgid'

  • Gabriel Rosenstock

    Cé a d’easaontódh leis? Níl siad in ann cúrsaí pleanála a phleanáil fiú amháin!
    Féachaimse ar An Foclóir Beag ó am go chéile:
    PLEAN: ‘líníocht gharbh d’fhoirgneamh, de bhaile etc., amhail is dá mba ón aer a bheifí ag féachaint air’ (sic). Tá a gceann sa spéir acu ceart go leor!

  • Myles

    Sa ghrianghraf feictear fógra aonteangach “ASSEMBLY AREA 1”
    Sin sampla deas den “phleanáil comtháite” sa phairlimint náisiúnta. Níl Gaeilge ag na rothair, is dócha.

  • WTF

    €6mhilliún a íocadh mar éiric le coisithe ar bhain gortú díobh ag siúl ar na cosáin i gCorcaigh ó 2019 i leith.
    Sea, E6mhilliún…..
    Na pábhaillí ildaite a leagadh síos ag an am
    – a bhuíochas le hailtire iomráiteach a fostaíodh ó Barcelona-
    éiríonn siad fíorshleamhain t’réis scrabhadh báistí.
    Tá fhios ag gach pleidhce ‘madáin (?) go ndéanann sé báisteach throm go rialta in Éirinn (bunoscionn le Barcelona) agus dá thoradh san sciorrann coisithe go rialta ar na leacacha sleamhaine ‘Spáinneacha’ seo, go háirithe iad siúd a mbíonn sálaí leathair fúthu.
    An leithscéal atá ag CCC nach bhfuil dóthain airgid acu chun na cosáin a dheisiú ná a chothabháil!
    (Níl aon fhadhb leis an E6mhilliún.)
    Tá siad ag dul i ngleic leis an bhfadhb seo anois ag deireadh thiar:
    ardóidh siad an cháin mhaoine [LPT] agus deiseofar na cosáin.
    ‘Mair a chapaill is gheobhair féar.’
    * tá sé ráite nár leag an ailtire féin aon spág fúithi ar na leacacha nua gléghlana seo ná aon bhall de CCC ach oiread!!