‘Comhar’ i lár an aonaigh sa Ghaillimh agus oíche ómóis á heagrú do Mháire Mhac an tSaoi

Tá dhá ócáid speisialta á n-eagrú an deireadh seachtaine seo ag lucht Comhar, atá ag ceiliúradh 80 bliain na hirise i mbliana, agus beidh comhdháil faoin iris ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe

‘Comhar’ i lár an aonaigh sa Ghaillimh agus oíche ómóis á heagrú do Mháire Mhac an tSaoi

Beidh Comhar i lár an aonaigh i gcathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine beag seo agus ceiliúradh speisialta á dhéanamh ar an iris a bunaíodh 80 bliain ó shin.

Dhá ócáid atá á n-eagrú ag lucht Comhar mar chuid den cheiliúradh in Eaglais Choláisteach San Nioclás i lár na cathrach agus beidh eagrán speisialta den iris faoi Mháire Mhac an tSaoi le seoladh mar chuid de na himeachtaí.

Chomh maith leis sin Comhar @ 4 Scór’ an téama a bheidh á chíoradh ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, a bheidh ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Oíche Dé hAoine in Eaglais San Nioclás cuirfidh buíon aisteoirí dánta, giotaí as eagarfhocail, agallaimh agus ailt ó Comhar i láthair chun léargas drámatúil a thabhairt ar scéal na hirise. Eoin McEvoy ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a léirigh an seó agus is iad na haisteoirí a bheidh páirteach ann Donncha Crowley, Bríd Ní Ghruagáin, Diarmuid de Faoite agus Deirdre Learmont.

Beifear ag filleadh ar an eaglais i lár na cathrach oíche Dé Sathairn do ‘Oíche Ómóis do Mháire Mhac an tSaoi, an file iomráiteach a bhásaigh cothrom an ama seo anuraidh.

Seolfaidh an file Louis de Paor an móreagrán nua de Comhar faoi Mháire Mhac an tSaoi mar chuid den ócáid seo.

Cloisfear chomh maith saothar Mháire Mhac an tSaoi á léamh ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Sinéad Ní Uallacháin, Áine Moynihan agus Bernie Pháid. Darach Mac Con Iomaire an léiritheoir.

Tráthnóna Dé hAoine ag 2pm a chuirfear tús leis an gclárú don Chomhdháil in Ollscoil na Gaillimhe, nó is féidir clárú roimh ré anseo. Tá cóip de chlár na Comhdhála ar fáil anseo. Mar chuid d’imeachtaí na hOllscoile craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ón gcampas eagrán speisialta den chlár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, a dhíreoidh ar Comhar agus cás na meán Gaeilge.

Is féidir clárú don seó Comhar@80 Dé Sathairn anseo.

Is féidir clárú d’oíche ómóis Comhar do Mháire Mhac an tSaoi  Dé Sathairn anseo.

Fág freagra ar '‘Comhar’ i lár an aonaigh sa Ghaillimh agus oíche ómóis á heagrú do Mháire Mhac an tSaoi'