Comhaontú á shíniú ag TG4 le comhlacht teilifíse sa Chóiré Theas

Tá meamram tuisceana á shíniú ag TG4 le Jeonju Television (JTV) agus socrú déanta ag an dá stáisiún maidir le ‘cláir agus ábhar den scoth’ a mhalartú agus a léiriú

Comhaontú á shíniú ag TG4 le comhlacht teilifíse sa Chóiré Theas

Tá comhaontú déanta ag TG4 le comhlacht teilifíse sa Chóiré Theas d’fhonn “caidreamh leanúnach” a bhunú idir Éire agus an tír sin i dtaobh léiriúchán a fhorbairt.

D’fhógair lucht an stáisiúin Ghaeilge tráthnóna go bhfuil meamram tuisceana le síniú inniu acu le Jeonju Television (JTV), meamram a bhfuil sé mar aidhm aige “cláir agus ábhar den scoth a mhalartú, ábhar cruthaitheach a chomhléiriú, tacú le hiarrachtaí margaíochta agus forbairt a dhéanamh ar acmhainní daonna sa dá thír”.

Bhí ionadaithe ó JTV agus an Korean Communications Agency, an t-údarás a dhéanann maoiniú ar chraoltóir poiblí na Cóiré Theas, i gConamara le dhá lá anuas agus cuairt á tabhairt acu ar TG4, Údarás na Gaeltachta agus roinnt comhlachtaí neamhspleácha. 

Rinne S4C na Breataine Bige a mhacasamhail de shocrú le JTV tamall de bhlianta ó shin.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont gur cuid an socrú nua den “straitéis atá ag TG4 chun an tionscal cruthaitheach in Éirinn a fhorbairt”.

“Tá sé fíorthábhachtach do TG4 go mbeadh fás agus forbairt á dhéanamh ar an earnáil léiriúchán neamhspleách, go háirithe sna réigiúin. Tá fócas faoi leith ag TG4 ar chláir agus ar sheirbhísí a choimisiúnú ó chuideachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Tá cuid mhaith acu seo lonnaithe sna réigiúin agus sna ceantair Ghaeltachta ach go háirithe,” arsa Alan Esslemont.

Dúirt Esslemont go gcabhródh an socrú le comhlacht na Cóiré Theas leis an earnáil neamhspleách teilifíse.

“Beidh deiseanna ann scileanna agus cumais daoine aonair a fhorbairt agus pobal idirnáisiúnta a aimsiú d’ábhar atá á chruthú in Éirinn freisin.

“Tá áthas ar TG4 go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an tionscadal seo agus go bhfuil siadsan sásta cabhair agus comhairle a chur ar fáil do na comhlachtaí Gaeltachta a bheidh páirteach sa phróiseas.” 

Fág freagra ar 'Comhaontú á shíniú ag TG4 le comhlacht teilifíse sa Chóiré Theas'

  • Gabriel Rosenstock

    Is deas an rud é ‘leathnú amach’ a fheiscint in earnáil ar bith a bhfuil baint aici leis an teanga. Nach gceapfá anois go ndéanfadh TG4 ‘leathnú amach’ agus scata leabhar a fhoilsiú i gcaitheamh na bliana? Ní rud neamhghnách é eite foilsitheoireachta a bheith ag stáisiún teilifise agus, tar éis an tsaoil, meán cumhachtach fógraíochta is ea an teilifís mar sin cheapfá go mbeadh díol áirithe ar leabhair de chuid TG4, is é sin leabhair a bhainfeadh a bheag nó a mhór le réimse craoltóireachta an stáisiúin: cúrsaí cócaireachta, abraimis, cúrsaí taistil, cúrsaí – Ó, bhíos chun cúrsaí ealaíon a lua ach ní fhaca mé aon rud fós a tháinig in áit IMEALL.