Comhairleoirí fostaithe chun ráiteas tionchar timpeallachta a chur ar fáil do Pháirc na Mara i gConamara

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfear dlús anois le forbairt Pháirc na Mara, atá ar cheann de na pleananna is mó atá ag Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ngéarchéim dífhostaíochta in iarthar Chonamara

Comhairleoirí fostaithe chun ráiteas tionchar timpeallachta a chur ar fáil do Pháirc na Mara i gConamara

Tá comhairleoirí fostaithe chun ráiteas tionchar timpeallachta a chur i dtoll a chéile do Pháirc na Mara i gConamara.

Dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta an méid sin sa Dáil an tseachtain seo agus dúirt sé go raibh súil aige go gcabhródh obair na gcomhairleoirí le dlús a chur le forbairt Pháirc na Mara, an pháirc nuálaíochta mara atá beartaithe do Chill Chiaráin i gConamara.

Thug an tAire Stáit le fios chomh maith go bhfuil Údarás na Gaeltachta fós i mbun plé faoi fhorbairt straitéis forbartha mara don Ghaeltacht, straitéis ar gealladh sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe go mbeadh sí críochnaithe faoi dheireadh 2017.

Tá Páirc na Mara ar cheann de na pleananna is mó atá ag Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ngéarchéim dífhostaíochta sa cheantar sin. Cé gur thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála le tús a chur ar an obair forbartha ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, cuireadh moill bhreise ar an obair de bharr achomhairc a cuireadh chuig an mBord Pleanála. An eagraíocht Cumann Chuan na Gaillimhe in aghaidh Feirmeacha Bradán a chuir an t-achomharc faoi bhráid an Bhoird.

Fuarthas scéala ó bhreis agus scór dream anuraidh nuair a d’iarr an tÚdarás ‘léirithe spéise’ i bPáirc na Mara. Bhí idir obair chladaigh, feamainne, taighde agus tionscal na mbradán i gceist. Ansin chuir Údarás na Gaeltachta iarratas chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ar chead pleanála le haghaidh oifigí agus roinnt seirbhísí eile, taisceadán uisce, mar shampla, ar an suíomh.  Chuir an grúpa Cumann Chuan na Gaillimhe in aghaidh Feirmeacha Bradán achomharc isteach ina aghaidh sin.

Ina chuid aighneachtaí go dtí seo, dúirt Billy Smyth, cathaoirleach na heagraíochta sin, nach bhfuil sna hoifigí atá i gceist san iarratas pleanála ach cuid de phlean i bhfad níos iomláine do Pháirc na Mara. Dúirt sé go bhféadfaí dochar a dhéanamh dá bharr seo don Cheantar Speisialta Caomhnaithe atá i gCuan Chill Chiaráin. Dúirt sé freisin go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag feabhsú in iarthar Chonamara, go háirithe i bhfianaise na forbartha atá á déanamh ar thionscnamh Bhealach an Atlantaigh Fhiáin.

Fág freagra ar 'Comhairleoirí fostaithe chun ráiteas tionchar timpeallachta a chur ar fáil do Pháirc na Mara i gConamara'