Comhairleoir Gaeltachta le hagóid a dhéanamh faoi chuairt Ambasadóir na Breataine ar Ghaoth Dobhair

Beidh Robin Barnett, Ambasadóir na Breataine chuig Éirinn, ar cuairt i nGaoth Dobhair amárach. Thug an comhairleoir neamhspleách Mícheál Mac Giolla Easbuig le fios go mbeidh agóid á déanamh aige ag Áislann Ghaoth Dobhair ar maidin

Comhairleoir Gaeltachta le hagóid a dhéanamh faoi chuairt Ambasadóir na Breataine ar Ghaoth Dobhair

Mícheál Mac Giolla Easbuig

Ní mó ná sásta atá an comhairleoir contae Gaeltachta, Mícheál Mac Giolla Easbuig, as Gaoth Dobhair, go mbeidh Ambasadóir na Breataine, Robin Barnett, ag teacht ar cuairt go Gaeltacht Thír Chonaill amárach.

Tháinig Barnett go Contae Dhún na nGall inniu agus fanfaidh sé dhá lá sa chontae. Is go hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn a chuaigh sé inniu, in éineacht le Cathaoirleach an Chontae, Terence Slowey.

Beidh sé in Áislann Ghaoth Dobhair agus Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair amárach, áit a gcasfaidh sé le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus le comhlachtaí Sasanacha atá ag feidhmiú san áit. Tabharfaidh sé cuairt ar Scoil Náisiúnta Dhobhair freisin sula n-imeoidh sé.

Tá Slowey ag súil go gcabhróidh cuairt an Ambasadóra leis an bPáirtíocht Straitéiseach Fáis don Iar-Thuaisceart, scéim a bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Cathrach Dhoire agus Comhairle Ceantair an tSratha Bháin bainteach léi.

Robin Barnett

“Through this model of partnership we have the opportunity to build practical responses to the UK’s exit from the EU that will not only mitigate the potential impact of Brexit but allow us to maximise the benefits presented so as to stimulate the level of growth needed to sustain the development of this region,” a dúirt Slowey.

Ach níl an fháilte chéanna curtha ag an gcomhairleoir neamhspleách Mac Giolla Easbuig roimh chuairt an Ambasadóra. Tá sé ag éileamh ar lucht eagraithe na cuairte an turas a chur ar ceal.

Maíonn Mac Giolla Easbuig go bhfuil Ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath “ag cabhrú le forghabháil na Sé Chontae” agus go bhfuil an tAmbasadóir “i gceannas ar oibríochtaí an MI5 in Éirinn”. Maíonn sé freisin go bhfuil an t-imtheorannú gan triail fós ar bun sa Tuaisceart agus “á stiúradh” ag Rúnaí an Stáit, James Brokenshire.

“Ba mhaith liom a chur in iúl go han-soiléir nach teachtaireacht í seo in aghaidh lucht oibre na Breataine. Cuirfidh mé fáilte mhór roimh Bhriotanach ar bith a thiocfadh ar cuairt chuig an tír álainn seo, ach a fhad is atá Éire fós gafa ag fórsaí míleata na Breataine ní chreidim go mba cheart go gcuirfí fáilte is fiche roimh an Rialtas forghabhála sin,” a dúirt Mac Giolla Easbuig.

Thug sé le fios i dteachtaireacht a d’fhoilsigh sé ar a leathanach Facebook aréir go mbeidh sé i mbun agóide de shaghas éigin ag Áislann Ghaoth Dobhair amárach nuair a bheidh an tAmbasadóir Barnett ann.

Seo í an chéad uair ag Barnett cuairt a thabhairt ar Thír Chonaill ó ceapadh ina Ambasadóir chuig Éirinn é i mí Lúnasa na bliana seo caite. Bhí sé ina Ambasadóir chun na Polainne roimhe seo.

Fág freagra ar 'Comhairleoir Gaeltachta le hagóid a dhéanamh faoi chuairt Ambasadóir na Breataine ar Ghaoth Dobhair'

  • Pól Ó Codlata

    Níl suim ag Mac Giolla Easbuig faoi comhréiteach nó maithúnas, de réir dealramh!