Comhairle ó na seanúdair do lucht na gramadaí, lucht Twitter agus lucht an óil

Seo cúig chomhairle don lá inniu ó údair an tseansaoil ag údar an leabhair nua Tóraíocht na Dea-Bheatha: Comhairle ó Shaoithe na Seanré

Comhairle ó na seanúdair do lucht na gramadaí, lucht Twitter agus lucht an óil

Agus mé ag gabháil don leabhar Tóraíocht na Dea-Bheatha: Comhairle ó Shaoithe na Seanré, bhí mé ag plé le scríbhinní seanúdair atá faoin fhód le breis agus míle go leith bliain. Mar sin féin, is iomaí sin sliocht a raibh dealramh na húire air, amhail is gur inniu nó inné a scríobhadh é.

A leithéid seo: tharla go bhfuil ‘íostachas’ (minimalism) san fhaisean faoi láthair, ach níl mórán le rá faoin ghluaiseacht sin nár dhúirt Eipiciúras (341–270 RCh) lena lucht leanúna féin: ‘Más ag iarraidh daoine a dhéanamh sona atá tú, ná bac lena stór a mhéadú. B’fhearr go mór duit a gcuid mianta a laghdú.’ Sin agaibh a bhun is a bharr in abairt ghonta amháin.   

Seo glac bheag pointí teagaisc nach rachadh amú ar dhaoine a bhfuil aithne mhaith againn uilig orthu.

1. Lucht na bpeann dearg

Bhíodh cead a chinn ag Marcas Áiréilias ar chuid mhór bealaí, ó tharla é a bheith i gceannas ar Impireacht na Róimhe. Fós féin, chros sé air féin a bheith ag lochtú Laidine ná ag gearán faoi Ghréigis:

Gan a bheith ag síorcheartú daoine; gan a bheith sa mhullach orthu as earráidí úsáide nó botúin ghramadaí a dhéanamh nó focal éigin a mhífhuaimniú, ach díreach freagra a thabhairt ar a gceist nó sampla eile a sholáthar nó an t-ábhar féin a phlé (seachas na focail a úsáideadh), nó cur leis an chomhrá ar bhealach éigin–agus an nath ceart a fhí isteach gan aird a tharraingt air.

Siúd agaibh an difear idir saoi agus saoithín.

2. Úsáideoirí Twitter

Ná bí goilliúnach faoi na conspóidí a bhíonn ar na meáin shóisialta. Fiú má bhíonn daoine ag achrann leat, cuimhnigh ar chomhairle Eipictéatas agus ‘bí i do chloch’:

Conas sin, go ligeann muid do dhaoine muid a mhaslú? Téigh a fhad le cloch agus tabhair do sheanmhasla di—cad é an mhaith duit é? Agus má fhanann duine ina chnap cloiche in ainneoin gach masla, cad é a ghnóthaíonn fear na maslaí de bharr a chuid feannadóireachta?

Ba mhinic an fear céanna ag moladh dúinn cáineadh is cúlchaint a ghlacadh inár mórmhisneach, nó fiú amháin é a chur chun sochair: ‘Má táthar do do lochtú agus údar acu leis, cuir tusa an locht ina cheart. Má táthar do do lochtú le bréaga, déan do sháith gáire faoi.’

3. Suasóga agus wannabees

Níor chóir dúinn a bheith in éad leis na huaisle, dar le hEipictéatas, a bhí seal ina sclábhaí:

Is i measc na saibhir, i measc ríthe agus tíoránach, a thiteann traigéidí amach. Ní bhíonn ról ar bith ag an chosmhuintir sna traigéidí seo seachas, b’fhéidir, a bheith sa chór.

4. Lucht rómánsaíochta

Diagnóis dhuairc a bhí ag Seinice ar ghalar an ghrá:

D’fhéadfaí a rá gurb é is grá ann, cairdeas a d’imigh chun gealtachta.

Mór an gar gur thoiligh Leabhar Breac Tóraíocht a fhoilsiú, nó is ar éigean a ghlacfadh Mills and Boon léi.

5. Lucht an óil

Is cosúil nár ghlac Seinice páirt i gcomórtas ólacháin ar bith agus é ina mhac léinn:

Cén chúis mhórtais do dhuine a acmhainn óil? I ndiaidh duit an babhta diúgaireachta a bhuachan, nuair atá an mhuintir eile ag caitheamh aníos nó ag diúltú tuilleadh a chaitheamh siar, nuair is tú an fear deiridh ina sheasamh, lámh in uachtar faighte agat ar an chomhluadar le do sháracmhainn fíona – fiú amháin san uair sin níl tú leath chomh maith le bairille.

Caithfidh mé cuimhneamh air sin ag Oireachtas na Samhna!

Fág freagra ar 'Comhairle ó na seanúdair do lucht na gramadaí, lucht Twitter agus lucht an óil'

  • Colm Cavanagh

    Nach deasa agus críonna na Stóic!

  • Mise Áine

    👏👏👏

  • Declan Fitzpatrick

    Focail le gaois, cinnte.
    Go raibh maith ag údar an ailt seo as iad a aistriú agus a roinnt linn.

  • Antain Mac Lochlainn

    GRMA féin, a Declan!