Comhairle ó Bhrian Bóramha agus Comhairleoirí Chonamara sa mbearna bhaoil ag tuilte Bhearna

Tá Comhairleoirí Contae agus feidhmeannaigh i gComhairle Chontae na Gaillimhe in adharca a chéile anois faoi cheist limistéar na bhfuarlach i sráidbhaile Bhearna

Comhairle ó Bhrian Bóramha agus Comhairleoirí Chonamara sa mbearna bhaoil ag tuilte Bhearna

B’fhéidir go mbeadh tuiscint níos fearr ag Comhairleoirí Contae cheantar Bardasach Chonamara ar cheist na bhfuarlach i mBearna murach an bithiúnach a mharaigh Brian Bóramha i gCluain Tarbh míle bliain ó shin.

Idir mhagadh agus dáiríre a bhí an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg nuair a labhair sé faoi chúrsaí na bliana 1014. Ach, bhí fáithscéal ina chuid cainte freisin.

Ag iarraidh cúrsaí réamhaisnéise fuarlach a mhíniú a bhí an Tuairisgeach. Ba é baile Bhearna, beagán mílte siar ó chathair na Gaillimhe a bhí i gceist ag na comhairleoirí. Bhain an díospóireacht le Plean na Gaeltachta agus leis na pleananna do shráidbhailte Bhaile Chláir na Gaillimhe, don Spidéal, don Cheathrú Rua agus do Bhearna. Tá na bailte seo fite fuaite sa bPlean.

Fuarlaigh a d’fhéadfadh tarlú amach anseo a bhí faoi chaibidil.

Tá Comhairleoirí Contae agus feidhmeannaigh i gComhairle Chontae na Gaillimhe in adharca a chéile anois faoi cheist limistéar na bhfuarlach i sráidbhaile Bhearna. ’Siad na saineolaithe a cheap na limistéir seo agus tá siad ag seasamh leo. Níl an leagan amach atá ag na saineolaithe sa gcás seo i gclár ná i bhfoirm, a deir tromlach Chomhairleoirí Chonamara.

Bhain an t-ábhar píosa de lá amach nuair a rinneadh plé ar ag cruinniú Cheantar Bardasach Chonamara Dé hAoine seo caite. B’fhaide ná sin an t-achar a caitheadh dá phlé ag cruinniú iomlán Chomhairle Chontae na Gaillimhe Dé Luain. Bhí caint faoi ó mhaidin nó go raibh sé tar éis a naoi a chlog san oíche.

Sa deireadh, thug tromlach na gComhairleoirí droim láimhe do mholadh na saineolaithe go mbainfí limistéir timpeall ar shráidbhaile Bhearna, go háirithe ó dheas den bhaile, as an gceantar tógála ar fad. Tá baol ann anois, ó thaobh na gComhairleoirí de, go gcuirfidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a ladar sa scéal mar go bhféadfadh sé go bhfuil trasnaíl dá dhéanamh ar na rialacha náisiúnta a bhaineann le limistéir fuarlaigh. Títhíocht nó talamh glas, sin í an cheist sna limistéir seo agus tá an sop séidte anois.

Tá pleanálaithe gairmiúla na Comhairle Contae ag rá go bhfuil baol tuilte i gcuid mhaith de chomharsanacht shráidbhaile Bhearna agus nach ceart na háiteanna sin a mharcáil isteach mar cheantair thógála i bplean an tsráidbhaile sin. Ar an taobh eile den scéal, tá formhór Chomhairleoirí Cheantar Bardasach Chonamara in aghaidh an choisc seo agus creideann siadsan gur caolseans amach agus amach atá ann go mbeadh cuid ar bith den bhaile faoi uisce go brách.

Ceist thromchúiseach í mar go bhfuiltear ag ceapadh go leanfaidh an tóir atá ar thithe i mBearna ar aghaidh go láidir.

Dúirt an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg go mbíonn trí mhiosúr ag na saineolaithe nuair a bhíonn siad ag déanamh a gcuid réamh-mheastachán faoi bhaol tuilte: (a)100 bliain; (b) 200 bliain; (c) 1,000 bliain.

“Fan oraibh anois,” a deir an Comhairleoir Ó Tuairisg sa seomra cruinnithe in Áras an Chontae i nGaillimh Dé hAoine seo caite. “Ag comhaireamh siar uait, bheifeá gafa siar go dtí aimsir Chath Chluain Tarbh agus Brian Bóramha nuair a bheadh míle bliain curtha díot agat. Is deacair dúinne a bheith ag tabhairt barúil faoi chúrsaí aimsire agus tuilte míle bliain ó inniu.”

Dúirt an Tuairisgeach, agus é ag caitheamh amhras ar na réamhaisnéisí fada seo, go mbeadh Brian Bóramha in ann léargas a thabhairt dúinn ar an gcaoi ar athraigh an saol le míle bliain murach gur maraíodh go fealltach é.

Dúirt an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin, arb as Bearna é féin, gur vótáil na Comhairleoirí d’aon ghuth in 2012 nach mbeadh an sráidbhaile sin aitheanta mar cheantar ina raibh baol tuillte ann. “Ní fheictear dom gur athraigh aon bhlas ó shin,” a deir an Comhairleoir Ó Curraoin. Ag cur leis an gcaint sin, dúirt an Curraoineach go raibh saineolaithe eile fostaithe ag daoine as an áit agus gur dhúirt na saineolaithe sin go bhféadfaí tithe agus foirgnimh a thógáil sna ceantair a bhí ina gcnámh spairne. D’fhéadfaí, a dúradh, an talamh a réiteach sa gcaoi agus go mbeadh na foirgnimh slán ó thuilte. “Cén chaoi a dtarlaíonn sé,” a d’fhiafraigh an Comhairleoir Ó Curraoin “go bhfuil saineolaithe a bhfuil na cáilíochtaí céanna acu ar phort difriúil amach agus amach?”

Tá baol tuillte ar na tailte atá i gceist, a deir saineolaithe na Comhairle Contae.

Dúirt Breandán Ó Duinn, feidhmeannach i rannóg na pleanála fadtréimhsí i gComhairle Chontae na Gaillimhe, go bhfuil na tuarascálacha agus na léarscáileanna ag an rannóg sin agus go bhfuil baol tuilte in áiteanna i mBearna. Ghlac sé leis gur dóigh go bhféadfaí cóir a chur ar an talamh agus draenacha a ghearradh a d’fhágfadh go mbeadh aon fhoirgnimh a thógfaí ansin slán. Ach níorbh í sin an cheist a bheadh le réiteach ag na Comhairleoirí Contae, a deir Ó Duinn.

Mhínigh Breandán Ó Duinn go gcaithfí cinneadh a thógáil ar a chóiriúla agus a bheadh ceantair áirithe i mBearna le haghaidh tithe, bunaithe ar na ceantair atá aitheanta mar áiteanna a bhfuil baol tuilte iontu. Ni fhéadfaí a bheith ag iarraidh réiteach a dhéanamh anois d’iarratais phleanála a thiocfadh chun cinn amach anseo.

B’fhacthas don Comhairleoir Séamus Breathnach, ar innealtóir é féin, go mbeadh sé geall le dodhéanta go n-éireodh le hiarratas ar bith ar chead pleanála ar na réimsí talún i mBearna a bhainfí as an limistéar tógála de bharr baol tuilte. Ní thiocfadh sé sa saol go bhféadfaí réiteach a dhéanamh ar shuíomh ar na píosaí sin talún, a deir an Breathnach, mar nach bhfaigheadh aon iarratas ar chead pleanála saol fata i mbéal muice.

Bhí riar maith de Chomhairleoirí Cheantar Bardasach Chonamara ag brath ar vótáil inné i bhfabhar stádas tógála a thabhairt do réimsí talún i mBearna atá áirithe mar áiteanna atá i baol tuilte nuair a chaithfear vóta ar an gceist.

Dúirt Breandán Ó Duinn ó rannóg na pleanála fadtréimhsí gur droch-chinneadh a bheadh ansin. Dúirt sé freisin gur dóigh go gcuirfidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil caidéis orthu má dhéanann siad amhlaidh. Bheadh cinneadh dá leithéid ag sárú coinníollacha náisiúnta maidir le limistéir a bhfuil baol fuarlaigh tugtha síos dóibh, a deir Ó Duinn.

Shocraigh comhairleoirí ag cruinniú iomlán na Comhairle Contae inné, Dé Luain, go dtacófaí leis an dearcadh a léirigh tromlach Chomhairleoirí Chonamara – sin nach gcuirfí cead tógála agus forbartha ar ceal i gcuid mhór de na limistéir i mBearna atá ainmnithe mar cheantair a bheadh i gcontúirt ó thuilte. Tá an plean le cur ar teaspeáint go poiblí arís go luath. Idir an dá linn, tá an cheist ann: an mbeidh an

tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ag caitheamh súil ghéar anois i dtreo Chomhairloirí Contae Chonamara agus na Gaillimhe. Tá sé de chumacht aige a gcuid socruithe a chur ar ceal, má cheapann sé go rabhadar ag sárú treoracha.

Beidh an cruinniú iomlán de Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag a bpléifear an scéal athuair ar bun in oifigí na Comhairle Contae i gCnoc na Radharc, Dé Luain.

Fág freagra ar 'Comhairle ó Bhrian Bóramha agus Comhairleoirí Chonamara sa mbearna bhaoil ag tuilte Bhearna'