Plean: An t-aon phlean ar chuala cuid againn aon trácht air inár n-óige ná sagairt ar an altóir ag caint ar phlean Dé ach an chinniúint, toil Dé nó an rud atá i ndán duit a thugadh an-chuid againn air. Chualamar faoi na pleananna cúig bliana a bhíodh ag Stalin agus a leithéidí ach ní le gean é.
Bráca dúinne a bhíodh sna pleananna a bhíodh ag ár rialtais féin agus ní go minic a d’éiríodh leo – sicíní, oinniúin, trátaí, curaíocht i Seanadh Phéistín, caoirigh a dhíbirt de na cnoic ar mhaithe le fraoch, caoirigh Ghlas a chur ar na cnoic ar mhaithe le fraoch, tithe infheistíochta a cheannach, rátaí a stopadh, iasachtaí bainc a fháil.
Ciall eile ar fad a bhí againne le plean, cleasaíocht, gleacaíocht, séitéireacht, scéiméireacht, uisce faoi thalamh. Cén t-iontas mar sin go mbeadh muid san amhras ort, a phleanálaí? Ná caill do mhisneach ach seachain an focal ‘plean’ agus tú ag caint linn faoi do ghnó nua, fiú má tá lán mála pleananna agat. Cuimhnigh ar an gcat agus an bainne bruite.
Comhfhocail a chríochnaíonn le bunaithe: acmhainnbhunaithe, ceantarbhunaithe, fadhb-bhunaithe, pobalbhunaithe – tagann gríos amach trína gcraiceann ar chloisteáil na bhfocal seasc sin agus guíonn muid deargadh tiaraí ar an té a chum iad i monarcha na neamhfhocal. Tuigim a phleanálaí go bhfuil céim sa tsocheolaíocht agat agus máistreacht ar an gconair chaoch ach fiú an socheolaí is clúití in Éirinn, ár nUachtarán fileata, níl aon dán scríofa aige faoi ailléirge na gcomhfhocal áirithe sin agus chuile sheans nach raibh modúl ná ceardlann ná seimineár ar do chúrsa ar an gcoimhthíos síocóiseach a spreagann siad.
Fimínteacht: An rud a fheiceann an Gaeilgeoir, is é a dhéanann an Gaeilgeoir agus ó tharla gur ar an gcur i gcéill a mhair tionscal na Gaeilge go dtí seo, ná bí ag súil le hathrú aon oíche. Theastaigh riamh ó Roinn na Gaeltachta go mbeadh líon réasúnta ag fáil deontas labhairt na Gaeilge ionas go mbeadh cúis éigin leis an Roinn féin a bheith ann, sin an fáth, is dóigh, gur thug siad tamall ar scoil do ghasúir le Gaeilge a fhoghlaim sula raibh scrúdú orthu agus nach sa mbaile ag dhá bhliain a rinneadh é. An t-údar céanna go bhfuil feidhmeannaigh stáit thart orainn ag Béarlóireacht sa mbaile agus ag tarraingt tuarastail ag pápaireacht leis an gcuid eile againn faoin tseoid ársa atá le caomhnú againne agus ag ídiú foraoiseacha na hAmasóine lena gcuid straitéisí buinní. Cuimhnigh i gcónaí, a phleanálaí dhílis, nach ionann briathar is beart againn agus beidh tú togha.
Buanú: Deir na húdair gur focal tábhachtach an focal seo sa phleanáil teanga ach cinniúnaithe muide de bharr nádúr na háite seo – idir ainnise na haimsire, teirce na créafóige agus an slogadh a rinne an imirce ar ár bpobal agus ar ár misneach. Ní ‘is féidir linn’ an phaidir a múineadh dúinne inár n-óige ach ‘is beag an rud is buaine ná an duine’. Cuimhnigh air sin, a phleanálaí má bhíonn muid fuarbhruite faoi do chuid smaointe réabhlóideacha.
Níl aon rud buan, níl aon teanga buan, níl aon rialtas buan, níl aon phobal buan, ár liodán. Tá mo ghlúinse ar an mbealach amach agus tá tú rómhall don ghlúin i mo dhiaidh ach guím chuile rath ort leis an dream atá i dtús a saoil ach beir orthu sula loitfidh ár bhfimínteacht iad.
Feasacht: Focal seasc eile nach bhfaighidh tú i bhFoclóir Uí Dhónaill (1977) ach a thaitin go mór le daoine a bhí ag iarraidh Gaeilge a dhíbirt as scoileanna agus a thaitníonn le daoine nach mian leo an bráca a bhaineann le teanga a fhoghlaim a chur orthu féin. Aontóidh muid uilig leat gur deas an rud í an Ghaeilge agus gur mór an peaca é go bhfuil an dream óg ag Béarlóireacht ach más fút iompar agus athrú teanga a mhíniú, ní leor bileog eolais ná cruinniú. Caithfidh na forais stáit agus phoiblí seasamh leat, a gcoinsias a ghlanadh agus a lámh a chur ina bpóca agus níl aon chosúlacht ar an scéal go dtuigeann siad féin é sin. Fág an focal ‘feasacht’ i mála na gcleas.
Nósmhaireacht: Focal mór eile sa bpleanáil teanga – scrúdaigh an nósmhaireacht agus cum straitéisí a dhíreos ar na sainchomharthaí. Iontach ar pháipéar ach beidh jab agat súil a choinneáil orainn uilig an lá ar fad. Bíonn nósmhaireacht áirid ag baint leis an bhfimínteacht – ceann a fheilfeas don ócáid, don chomhluadar, don aoisghrúpa, don tairbhe. Teastóidh spíodóirí uait le linn do chuid taighde – an mbeidh pingineacha le fáil ar an obair sin? Seachain an meascfá nósmhaireacht le haineolas. Más Béarla teanga na foirne i do shiopa áitiúil, fainic an gceapfá gur rang Gaeilge a theastaíonn uathu.
Seirbhísí Poiblí: Chuile dhuine a labhraíonn faoi phlean teanga, luann siad dualgas na seirbhísí poiblí seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach amháin na forais sin iad féin! Daoine lácha muid a bhfuil an ghráin againn ar chúrsaí dlí agus ar achrann agus tógann sé níos mó ama do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge ná trí Bhéarla agus de ghnáth is furasta an duine eile a thuiscint i mBéarla ná i nGaeilge oifigbhunaithe a chodail amuigh. Ní haon iontas, mar sin, gur féidir leosan a rá nach bhfuil an t-éileamh ann.
An bhfuil plean agat a chuirfeas fonn orainn ar fad ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge le comhairleoirí agus oifigigh gan Ghaeilge? Cuimhnigh ar sheó Wallace agus Kenny an lá faoi dheireadh ach is do Wallace a bhí trua ag an bpobal agus níor tuigeadh go mbíonn Gaeilgeoirí i mbróga Wallace chuile lá.
Scoileanna: Is iomaí sin peaca a bhuailtear ar mhúinteoirí san éagóir ach is cinnte gur mór an dochar atá déanta don Ghaeilge ag aineolas lucht an oideachais. Níl aon athrú ar an scéal mar níl aon oiliúint á cur ar mhúinteoirí na tíre seo fós faoi mhúineadh cainteoirí dúchais ná faoi shaibhriú a dteanga dhúchais. Monarchana cruthaithe nósmhaireachtaí iad scoileanna agus is mór é a dtionchar. Ní bheidh aon mhaith i do phleansa mura bhfuil fabhar agus údarás agat ar an NCCA agus an Roinn Oideachais óna nglacann scoileanna a dtreoir agus ní heol do cheachtar acu sin go bhfuil aon sainriachtanais againn. Foghlaimeoidh tú!
Saor agus Gaelach: 2016 agus cultúrlann Ros Muc ag teacht – beidh an mana seo ar bhéal go leor. Ná lig an frása amach as do bhéal thart anseo más fút bonn a dhéanamh. Ba chróga iad an dream sin a thriail impireacht Shasana a chloí i 1916 agus gan acu d’arm ach misneach agus aisling, na tréithe céanna a thug ortsa an jab seo a dhéanamh, tá súil agam. Mise an chéad duine a thréaslós do shaothar leat má bhaineann tú an croitheadh céanna as Gaeil agus a bhain siadsan. Go n-éirí libh.
Bríd
Cén áit a raibh an t-údar seo i gcaitheamh mo shaoil. Cén fáth nach gcloiseann muid í ar Raidió na Gaeltachta? Cumasach, a Mháire
Bríd
Alt breá tuairimbhunaithe ansin ó Mháire … ach, i ndáiríre, sílim go bhfuil Tuairisc ag déanamh níos mó maitheasa don Ghaeilge ná mar a dhéanfadh pleanálaí teanga ar bith.
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
Mo cheol í, mar Mháire.
Gura fada buan abhus í agus faobhar ar a súil is a peann.
Áine
Ola ar mo chroí a bheith ag léamh an méid a chuireann tú ar phár a Mháire, é seo agus cinn roimhe seo…tuairimíocht, ciall, fírinne, gan fuacht ná faitíos agus comhairle bhreá dá mbeadh sé de mhisneach againn uilig glacadh léi….lean ort agus go mba fada buan thú
Páid Ó Donnchú
Ó am go chéile, caithfear an fhírinne a bheith scríofa, fiú amháin i dtír na nGael.
Pól Ó Braoin
Píosa scríbhneoireachta den scoth ó Mháire. Faraor ach tá chuile sheans ann nach léifidh na daoine atá in ann rud eicint a dhéanamh faoi é. Ar aon chaoi is deas an rud é go bhfuil scríbhneoirí cumasacha éirimiúla ár dteanga fós fanta inár measc.