Comhairle do cheannasaí nua an Údaráis agus gach cineál eolais faoi Chois Fharraige – féasta ábhar i ‘Biseach 2022’

Is geall le díolaim staire, seanchais, spóirt agus dúlra í an iris thoirtiúil ildaite seo a léiríonn flosc taighde agus mórtas pobail

Comhairle do cheannasaí nua an Údaráis agus gach cineál eolais faoi Chois Fharraige – féasta ábhar i ‘Biseach 2022’

Biseach 2022
Irisleabhar Chumann Forbartha Chois Fharraige

Ceann de thíolacthaí na Samhna i gConamara go dtagann Biseach an bealach agus amhail irisí Shasana agus an teaghlach ríoga, bíonn muide ag faire ar réalta físe is pinn s’againn fhéin.

Is geall le díolaim staire, seanchais, spóirt agus dúlra í an iris thoirtiúil ildaite seo a léiríonn flosc taighde agus mórtas pobail.

Bíodh príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, buíoch as an gcomhairle a thugtar dó san eagarfhocal, moladh a chuideodh leis an eagraíocht sin ina príomhchúram “caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh”.

Tá alt cuimsitheach ag Donncha Ó hÉallaithe ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar mithid do chuid mhaith feidhmeannach é a léamh go cúramach.

Tuigfidh mo chomhaoisigh an fáth gurb é an t-alt faoi Pheadar Chois Fharraige nó Peadar Mac Thuathalláin as an Teach Mór le Ruaidhrí Ó Tuairisg a léigh mé ar dtús. Ba í an leabhar iontach sin dá chuid seanchais is gaoise a chuir Seán Mac Giollarnáth le chéile a bhíodh á léamh os ard ar chuid mhaith teallach i m’óige, tráth nár tháinig léamh na Gaeilge le go leor den tseanghlúin.

Tá alt snoite fíorspéisiúil ag an Athair Stiofán Ó Donnchadha faoina mhuintir féin, muintir Staif Dhiarmuda, agus gach ar bhain dóibh sa mbaile agus thar sáile.

Tochailt go leor atá déanta ag Máire Ní Neachtain leis an eolas suimiúil atá bailithe aici faoi Eoghan Ó Neachtain [1887-1957] a bhí tráth ina eagarthóir ar An Claidheamh Solais agus a rinne saothrú diabhaltach ar an nGaeilge, sean is nua. Is fiú an iris seo a fháil ar mhaithe leis an bpíosa breá atá ag Cliodhna Ní Mhurchú ar an gcaisleán meánaoiseach a bhí sna Mine roimh aimsir na mBlácach agus a thug ainm don bhaile. Tá alt dá gcuid féin ag Blácaigh na bhForbacha.

Ach murar spéis leat stair an cheantair seo ach gur breá leat seoda an nádúir tá cothú anseo duit. Tá comhairle ag Ananda Geluk dúinn le cur leis an bhflúirse is an éagsúlacht thart orainn agus tá eolas againn ó Sheathrún Ó Tuairisg faoi phlandaí agus dúil bheo eile an cheantair seo.

Más fearr leat na scannáin tá cur síos anseo ar John Ford, arbh as an taobh seo a mhuintir. Nach beag a thuig mé gur óglach a rugadh sna hAille a bhí sa gcinsire róchoinsiasach Christie Macken a bhfeicinn a shéala ar scannáin tráth.

Chuaigh an grianghrafadóir Joanne Ní Mháille suas go dtí Ardmhúsaem Shaol na Tuaithe i Maigh Eo, áit a bhfaca sí go leor, pictiúir dá muintir féin san áireamh. Bainfidh tú sásamh as na pictiúir sin agus an cual pictiúr eile atá ar fud na hirise, pictiúir ó inné agus inniu.

Ar ndóigh tá óige na huaire seo anseo freisin – ceoltóirí, lucht spóirt den uile chineál is scoláirí scoileanna na háite. Nach práinneach a bheas an dream óg seo as na pictiúir seo lá níos faide anonn agus iad féin ag fálróid ar bhóithrín na smaointe.

Níl ansin ach blaiseadh beag bídeach den fhéasta ábhar atá i Biseach, éacht eile déanta ag an gcoiste a chuireann biseach orainn chuile fhómhar.

Má tá €5 le spáráil agat, faigh do chóip i siopaí na háite.

Fág freagra ar 'Comhairle do cheannasaí nua an Údaráis agus gach cineál eolais faoi Chois Fharraige – féasta ábhar i ‘Biseach 2022’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá cur síos cuimsitheach déanta in alt Mháire ar an ábhar atá i mBISEACH na bliana seo. Bíonn éileamh mór ar an iris i gCois Fharraige gach bliain nuair a fhoilsítear é. Sna siopaí i nGaeltacht Chonamara is mó a dhíoltar é ach is féidir cóip a fháil tríd an post ach é a ordú ó Cló Iarchonnacht, trí dul ag an suíomh CIC.IE nó ríomhphost a chur ag eolas@cic.ie.

    Tá CUMANN FORBARTHA CHOIS FHARRAIGE ag foilsiú BISEACH go bliantúil ó 1967. Tá fáil ar na sean-eagráin ar an suíomh CARTLANN.IE, atá curtha le chéile ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.