Comhairle dlí á lorg ón Ard-Aighne faoi aersheirbhís oileáin Árann agus Aer Arann ag tarraingt siar ón dara conradh

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go mbeidh muintir na n-oileán féin i gcroílár ‘an chomhrá’ maidir le próiseas nua tairisceana a chur ar bun don tseirbhís aeir

Comhairle dlí á lorg ón Ard-Aighne faoi aersheirbhís oileáin Árann agus Aer Arann ag tarraingt siar ón dara conradh

Tá comhairle dlí á lorg ón Ard-Aighne maidir le próiseas tairisceana nua a chur ar bun don aersheirbhís d’oileáin Árann agus a bhfuil i ndán don tseirbhís idir dhá cheann na meá faoi láthair.

Tá amhras mór ann faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir chuig na hoileáin Ghaeltachta i ndiaidh d’Aer Arann a chur in iúl do Roinn na Gaeltachta go bhfuiltear ag tarraingt siar ó dhá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse sin.

D’fhógair Aer Arann an tseachtain seo caite go raibh siad chun éirí as an tseirbhís a chuireann siad ar fáil d’oileáin Árann ag deireadh na bliana seo agus chuir an comhlacht in iúl do Roinn na Gaeltachta inné go mbeidh siad ag tarraingt siar chomh maith ón gconradh atá acu Aerfort na Mine in Indreabhán a chur ar fáil don tseirbhís aeir. Is leis an Seanadóir agus fiontraí Pádraig Ó Céidigh Aer Arann agus an t-aerfort araon.

Bhí cruinniú tráthnóna inné ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe Mc Hugh le hionadaithe ó oileáin Árann agus le Teachtaí Dála Ghaillimh Thiar chun plé a dhéanamh ar scéal an easaontais idir Aer Arann agus Roinn na Gaeltachta i dtaobh théarmaí an chonartha don aersheirbhís.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh comhairle dlí á lorg ag oifigigh a Roinne faoi próiseas tairisceana nua a chur ar bun don tseirbhís aeir.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go raibh “cruinniú dearfach” inné ann agus go raibh sé ag súil le fuascailt a fháil ar na deacrachtaí a luaithe agus ab fhéidir toisc a phráinní is a bhí an scéal. Dúirt sé go mbeadh muintir na n-oileán féin i gcroílár “an chomhrá” faoin bpróiseas sin agus go n-éistfí leo faoin gcineál seirbhíse atá uathu.

Ag labhairt dó ar an gclár céanna dúirt Enda Ó Conghaile, cathaoirleach Chomhar Chaomháin in Inis Oírr, gur “chéim mhór chun cinn” a bhí i bhfógra an Aire Stáit go mbeadh muintir an oileáin lárnach sa phróiseas.

“Táimid dóchasach, b’fhéidir go bhféadfaimis réiteach éicint a fháil air seo ar bhonn leanúnach anois,” a dúirt Enda Ó Conghaile.

Dúirt Ciarán Ó Ceallaigh, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Inis Meáin, go gcaithfeadh níos mó “solúbthachta” a bheith ann in aon chonradh nua a d’aontófaí, ionas go bhféadfaí freastal ar an éileamh ar eitiltí, rud nach bhfuil ag tarlú faoi láthair.

Baineann an t-easaontas idir an Roinn agus an comhlacht le téarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.

Mar chuid den easaontas sin, tá Aer Arann i mbun machnaimh faoi chás a thógáil san Ard-Chúirt maidir le hiarratas a rinne an comhlacht go gcuirfí próiseas eadrána ar bun chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach ar an aighneas faoi théarmaí an chonartha. 

Maireann an conradh atá ag Aer Arann go dtí an 31 Nollaig 2020, ach tá fógra tugtha ag an gcomhlacht do Roinn na Gaeltachta go mbeidh an conradh á chur ar cheal acu ar an 6 Nollaig i mbiana.

Aighneas faoi bhrí théarmaí an chonartha sin is cúis le cinneadh Aer Arann agus lucht an chomhlachta míshásta go háirithe faoin scéal gur gá táillí tuirlingthe a íoc d’aon eitilt seachas na heitiltí sin a chaitear a chur ar fáil mar chuid den chonradh PSO. 

Tá míshástacht chomh maith ann faoi theorainn a bheith á cur leis an leibhéal brabúis a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin gconradh.

De thoradh an easaontais faoi théarmaí an chonartha, gearradh siar ar líon na n-eitiltí go dtí na hoileáin agus ní raibh muintir na n-oileán féin sásta leis an gclár eitiltí a bhí á chur ar fáil dóibh.

Dúirt Roinn na Gaeltachta go mbeidís ag lorg tairiscintí nua don tseirbhís aeir “in am trátha”.

Dúradh go bhfuil sé “mar thosaíocht” ag an Roinn agus ag Aire Stáit na Gaeltachta “socruithe a dhéanamh chun tairiscintí poiblí a lorg i leith na seirbhísí sin” ionas “go leanfar ag soláthar seirbhísí iompair do phobail na n-oileán”.

Fág freagra ar 'Comhairle dlí á lorg ón Ard-Aighne faoi aersheirbhís oileáin Árann agus Aer Arann ag tarraingt siar ón dara conradh'