Comhairle Contae ag maíomh nach mbíonn mórán tráchta ar bhóithre sa Ghaeltacht cé nach bhfuil aon fhianaise acu

Dúradh le comhairleoirí áitiúla nach raibh mórán tráchta ar bhóthar i ndeisceart Chonamara cé nach raibh aon suirbhé déanta ag an gComhairle ar chúrsaí tráchta ar an mbóthar le breis agus cúig bliana

Comhairle Contae ag maíomh nach mbíonn mórán tráchta ar bhóithre sa Ghaeltacht cé nach bhfuil aon fhianaise acu

Deir lucht feachtais i gConamara gur údar mór díomá dóibh gur mhaígh Comhairle Chontae na Gaillimhe nach mbíonn mórán tráchta ar bhóithre áirithe i gConamara nuair nach bhfuil aon fhianaise acu gurb amhlaidh an scéal.

Deir an grúpa feachtais Bóithre Chonamara gur chuir ionadaí de chuid na Comhairle in iúl do chomhairleoirí as an gceantar le déanaí nach mbíonn mórán tráchta ar an R374 agus go bhfuil a leithéid de mhaíomh déanta go minic cheana ag lucht na Comhairle le roinnt blianta anuas.

Ach deir an Chomhairle féin anois nach bhfuil aon chuntas acu faoi chúrsaí tráchta ar na bóithre seo.

Agus comhairleoirí contae ag plé cás na ndroichead i gceantar na nOileán le gairid, dúirt innealtóir sinsearach na Comhairle, Damien Mitchell, nach mbíonn mórán tráchta ar an R374 idir Casla agus Leitir Mealláin.

I bhfreagra ar iarratas a rinne an grúpa feachtais, dúirt an Chomhairle nach raibh suirbhé déanta acu ar chúrsaí tráchta ar bhóithre an R340, an R374 ná an R336 i ndeisceart Chonamara le cúig bliana anuas.

“Is aisteach go ndéanfadh Damien Mitchell a leithéid de ráiteas sa gcás nach bhfuil comhaireamh oifigiúil déanta ag an gComhairle Contae ar an mbóthar,” a dúirt ionadaí ó Bhóithre Chonamara.

Thagair an grúpa feachtais do chás eile nuair a dúirt lucht pleanála na Comhairle go raibh go leor tráchta ar bhóthar an R340 in Iorras Aithneach agus cead pleanála á dhiúltú acu do lánúin a bhí ag iarraidh teach a thógáil sa cheantar.

“Is cosúil go ndéantar ráitis agus go ndéantar cinntí de réir mar a fheileann sé don Chomhairle Contae,” a dúradh i ráiteas Bóithre Chonamara agus iad ag rá gurb iad gnáthmhuintir Chonamara a bhíonn thíos leis na cinntí sin.

Fág freagra ar 'Comhairle Contae ag maíomh nach mbíonn mórán tráchta ar bhóithre sa Ghaeltacht cé nach bhfuil aon fhianaise acu'

  • Breathnach

    Cén fáth nach bhfuil Údarás na Gaeltachta le feiceáil ag tacú leis an bhfeachtas seo? Nó an bhfuil an iomarca seafóid nua le cuir ar Facebook acu nach bhfuil an t-am acu déileáil le fadhbanna na Gaeltachta?