Comhairle an traenálaí dornálaíochta don scríbhneoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is fearr batráil cheart a thabhairt don mhéarchlár ar feadh fiche nóiméad ná a bheith ag stánadh isteach sa scáileán ar feadh trí uaire an chloig

Comhairle an traenálaí dornálaíochta don scríbhneoir

An lá cheana, bhí comhairle den scoth ag an traenálaí dornálaíochta a mbím ag freastal ar a chuid ranganna ar líne.

‘Traenáil ar feadh an méid ama gur féidir leat traenáil i gceart. Is fearr fiche nóiméad traenála ar ardchaighdeán ná traenáil trí uaire an chloig mura mbíonn tú á déanamh i gceart.’

Mar a dúirt mé sa cholún seo cheana tá cosúlachtaí móra idir an dornálaíocht agus an scríbhneoireacht, agus seo ceann eile.

Fiche nóiméad – sin é go díreach an méid ama a n-éiríonn liomsa smitíní, húcanna, trasdoirne agus doirne aníos a chleachtadh os comhair an scátháin nó ar an mála dornálaíochta. Bíonn an fórsa fisiciúil agam coinneáil orm ag tabhairt batrála don mhála ar feadh níos faide ná sin, ach tar éis fiche nóiméad ní bhíonn m’intinn in ann aird a choinneáil ar a bhfuil ar siúl agam. Déanaim dearmad mo lámha a choinneáil suas mar chosaint. Déanaim dearmad mo chosa a úsáid. Déanaim dearmad ar chuile bhuille ach amháin an ceann is simplí, an smitín, agus ní bhíonn cuma ná caoi ar an gceann sin féin.

Uair an chloig as a chéile an méid ama a éiríonn liom a chaitheamh ag breathnú ar an scáileán agus ag tabhairt batrála don mhéarchlár. Is féidir liom coinneáil orm ina dhiaidh sin, cinnte, ach ní bheidh mo chuid oibre thar mholadh beirte agus is mór an seans gur i ndonas seachas i bhfeabhas a rachaidh pé téacs a bhíonn idir lámha agam.

Ar an drochuair, tá eitic oibre an-láidir agam. Tugaim spriocanna dom féin go seachtainiúil agus bíonn orm iad a bhaint amach, fiú má chiallaíonn sé sin go mbíonn orm a bheith ag obair san oíche agus ag an deireadh seachtaine.

B’oscailt súl dom comhairle an traenálaí dornálaíochta. Cur amú agus go deimhin féinchéasadh iad na huaireanta an chloig a chaithim ag sclábhaíocht os comhair an scáileáin nuair nach mbím ar mo bhuille – ag cur camóga isteach agus á mbaint amach arís, ag iarraidh snas a chur ar shleachta arbh fhearr iad a ghearradh amach ar fad.

Seasfaidh mé siar ó scáileán agus méarchlár feasta nuair a mhothóidh mé m’aird ag trá. Déanfaidh mé subh! Glanfaidh mé mo rothar! Cuirfidh mé orm na lámhainní dornálaíochta!

Gach seans gur d’aon iarraidh amháin a scríobhfaidh mé pé rud a theastódh uaim a scríobh nuair a fhillfidh mé ar an deasc ina dhiaidh sin. Níl an dornálaíocht agus an scríbhneoireacht cosúil sa mhéid sin: ar éigean a thiocfaidh feabhas ar do chuid scileanna dornálaíochta nuair nach mbíonn na lámhainní ort, ach tá sé de bhuntáiste ag an scríbhneoireacht gur san fhochomhfhios a tharlaíonn cuid mhór di.

Fág freagra ar 'Comhairle an traenálaí dornálaíochta don scríbhneoir'