
An Trumpach i measc cairde ag Corn Ryder
Go luath i ndiaidh meán lae inniu a chuirfear tús le Corn Ryder 2025 i Nua-Eabhrac agus foireann na hEorpa ag iarraidh a bheith ar an gcéad dream leis an gcorn a bhuachan as baile ó theacht aniar míorúilteach na hEorpa i Medinah in 2012.
Tá cúpla cúis le forlámhas na foirne baile sa gcomórtas. Ceann acu sin ná gurb iad na hóstaigh a shocraíonn leagan amach an chúrsa agus gach rud laistigh de na rópaí – leithead na mbánóg, fad an gharbhlaigh srl.
Cúis eile ná an méid a tharlaíonn lasmuigh de na rópaí. Iompar na sluaite a bheidh i láthair i rith an deireadh seachtaine is mó a bhí ag cothú cainte le roinnt seachtainí agus cáil ar lucht tacaíochta Mheiriceá as a bheith ag búireach agus ag tabhairt íde béil d’imreoirí na hEorpa.
Baisteadh ‘The War on the Shore’ ar chomórtas na bliana 1991 toisc an oiread sin achrainn a bheith idir na foirne agus a lucht tacaíochta in Kiwah Island. Meastar comórtas na bliana 1999, ‘The Battle of Brookline’, ar an gceann ab achrannaí riamh agus déantar tagairt dó chuile uair a dtagann na foirne le chéile.
Beidh Donald Trump i láthair in Bethpage tráthnóna, an chéad uair riamh d’uachtarán freastal ar Chorn Ryder, ach is beag seans go spreagfaidh Donald Trump na Poncánaigh le guaim a choinneáil orthu féin. Sa gcás seo, seans gur a mhalairt a tharlóidh.
Ón gcleachtadh atá ag Trump ar ‘chaint an tseomra feistis’, shamhlófá nach gcuirfidh an t-atmaisféar timpeall na plásóige tíála a dhath as dó ach d’fhéadfadh gur rud neamhghnách dósan a bheith ar chúrsa gailf poiblí ar chor ar bith.
Murab ionann agus formhór mór na gcúrsaí ar a n-imrítear na comórtais mhóra, tá an gnáthdhuine in ann Bethpage Black, ceann de na cúrsaí is cáiliúla ar domhan, a imirt ar phraghas sách réasúnta, $70 má tá cónaí ort i Nua-Eabhrac agus a dhá oiread sin mura bhfuil.
Is beag radharc a bheidh ar an ngnáthdhuine timpeall an chúrsa an deireadh seachtaine seo, áfach. $750 a bhí ar an ticéad lae ba shaoire do Chorn Ryder 2025 agus seilbh le glacadh ag lucht rachmais ar Bethpage ar feadh cúpla lá ar a laghad.
Nach sásta a bheidh an Trumpach.
Pop-Up Paraisiútáil
Ní hé go mbíonn Gaeilgeoirí ag titim anuas ón spéir i saol an spóirt. B’in a cheapamar go dtí cúpla seachtain ó shin ar aon nós nuair a tháinig scéal chugainn faoi ghaisce a rinne Corcaíoch os cionn Alpa na hOstaire.
Is ansin ag deireadh na míosa seo caite a bhain Mervyn O’Connell, arb as Baile na gCloch i gCorcaigh ó dhúchas dó, curiarracht nua amach sa luas-spéirthumadóireacht, nó Speed Skydiving. Tá Gaeilge ag Mervyn agus bíonn sé ag freastal ar ‘Pop-Up Gaeltachtaí‘ in Melbourne, an áit a bhfuil sé ag cur faoi.
Bíodh is gur ag déanamh ionadaíochta ar an Astráil a bhí O’Connell ag Corn Domhanda na Luas-Spéirthumadóireachta san Ostair tá cúpla cúis againn a ghaisce a cheiliúradh. Sa dara háit a chríochnaigh an Corcaíoch agus bonn airgid aige dá bharr. Anuas air sin, bhain sé curiarracht Aigéanach nua amach agus luas 541 ciliméadar san uair sroichte aige agus é ag saorthitim.

Thart ar an am céanna, bhí Éireannach eile, Stacey Brosnan ó Lios Póil i nGaeltacht Chiarraí, ag déanamh ionadaíochta ar an Astráil i gcorn domhanda eile sa spéirthumadóireacht san Ísiltír. Sa tríú háit déag a chríochnaigh Brosnan agus a foireann tar éis dóibh craobh na hAstráile a bhuachan níos luaithe i mbliana.
Níl ag teastáil ach duine nó beirt eile agus beidh an ‘Pop-Up Paraisiútáil’ lárnach i gcruinniú na nGael san Astráil.

Is fiú ór iad
Bhí na mílte i láthair i bPáras na Fraince, an tseachtain seo chun freastal ar an Ballon d’Or.
Ba í Katie McCabe, an t-imreoir Éireannach deireanach a ainmníodh do Ghradam Ballon d’Or, in 2023. Roimhe sin, ba é Roy Keane an t-imreoir Éireannach deireanach a ainmníodh don ghradam. Tháinig sé sa séú háit sa bhliain 2000.
Léiriú eile ar laghdú líon na n-imreoirí Éireannacha ar na hardáin is mó. Go deimhin, lucht leanúna na hÉireann is deireanaí a bhuaigh gradam mór i bPáras dúinn.
Bronnadh Bonn Vermilion Chathar Pháras ar lucht leanúna na hÉireann in 2016 – mar gheall ar a n-iompar cuí le linn Euro 2016.
Ousmane Dembele, a bhíonn ag imirt do Paris Saint-Germain agus an Fhrainc, a bhain Gradam Ballon d’Or na bhfear do 2025 agus bhuaigh Aitana Bonmatí, Barcelona agus an Spáinn, gradam na mban den tríú huair as a chéile.
An bhris is an bua do Bhill Murray
Fuair beirt de laochra móra Hollywood, Bill Murray agus Chris O’Dowd, blaiseadh den bhris is den bhua i gCiarraí le déanaí. Tá clár taistil gailf á thaifeadadh ag an mbeirt aisteoirí in Éirinn faoi láthair agus trí sheans a bhuail siad le himreoirí ón bhFosadh, réalta Chiarraí, muintir Clifford ina measc. Ag iarraidh a mbuaireamh a chur as a gceann a bhí imreoirí an Fhosaidh i dteach tábhairne an Golden Nugget agus cluiche ceannais idirmheánach an chontae caillte acu in aghaidh Chumann Caide na Gaeltachta.
Ní rófhada ina dhiaidh sin a bhí Murray agus O’Dowd thiar sa Ghaeltacht féin, áit a bhfuair siad an taobh eile den scéal nuair a casadh orthu cuid de lucht caide na háite ar Ghalfchúrsa Cheann Sibéal, ina measc beirt de laochra an chumainn Tommy Beag Ó Muircheartaigh agus JJ Ó Corrduibh.
Comhghairdeas
Comhghairdeas mór le beirt chainteoirí Gaeilge a rinne gaisce ag na Cluichí Parailimpeacha.
Tá gaisce déanta ag Síomha Nic Brádaigh ó Bhéal Feirste, agus Róisín Ní Riain ó Luimneach ag na cluichí i Singeapór an tseachtain seo. D’fhreastail Síomha ar Choláiste Feirste i mBéal Feirste agus bhí Róisín Ní Riain ina dalta i nGaelcholáiste Luimnigh.
Bhain Róisín bonn cré-umha sa snámh féileacáin 100m an chéad lá den chomórtas agus d’éirigh léi dhá bhonn airgid a fháil ó shin, sa snámh brollaigh 100 méadar agus sa snámh droma 100 méadar.
Bhain Síomha Nic Brádaigh sáriarracht phearsanta amach sa mheascra aonair 200 méadar. Is é seo an chéad uair di a bheith páirteach i gCraobh an Domhain.
Fág freagra ar 'COLÚN NUA: Gaeilgeoirí ag titim ón spéir, An Trumpach ag Corn Ryder agus Bill Murray sa Ghaeltacht'